TRÍ TRÉITHE NA FÉINNE

Ceist ag Pádraig, grádh na nGaedheal,

Lá ar laoch an liath-fhuilt,

Caoilte mac Rónáin na sgéal,

Tráth i nEirinn iath-ghlais.

“Innis dúinn, a sgéalaighe bhinn,

Créad thug daoibh-se an tighearnas?

Nó créad do choinnibh sibh gan mheath,

An oiread mhair na Fianna?”

“Trí tréithe do dhaingnigh sinn,”

D’fhreagair Caoilte ciallmhar,

“Gloine ár gcroidhe ’gus neart ár ngéag,

Is beart do réir ár mbriathar.”

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 22 / 44 题