LÁ ’LE PÁDRAIG, 1913

A Chlanna na nGaedhael ’s a ghaolta ár gcuirp

Tá sgaipithe i gcéin ó Eire anois,

Seo beannacht ár gcroidhe thar fairrge dhíbh,

Is teachtaireacht aoibhinn áthais.

Canaimís dréacht le chéile indiu:

Tá atharrach saoghail a’ téacht ’na rith,

Thug óg is sean gan cheó gan mheath

Le dóchas aibigh láidir.

Ná habradh éinne--is baoth a mheas--

Gur seanabhean tréith gan réim gan rath

An Ríogain uaibhreach bhríoghmhar bhuacach

Aoibhinn uasal álainn.

Níor chaith sí a ré, ’s ní baoghal gur thuit:

Tá beatha ’na géaga is fraoch ’na fuil,

Tá brígh ’gus fuinneamh ’na croidhe ’sna cuislinn,

Is chífar ise i n-áirde.

An fhaid a bheidh tréad ar féar ann so,

An fhaid a bheidh gaoth a’ séideadh ar chnoc,

Craobh ar chrann is éisg i n-abhainn,

Ní thréigfidh a clann an Mháthair.

An fhaid a bheidh éan san aer amuigh,

Is taitneamh na gréine ar Shléibhtibh Mis,

Seasfaidh a bonn ar a talamh go teann

Is ní leagfar a ceann le náire.

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 21 / 44 题