DO GHAEDHEALAIBH BÉAL FEIRSDE

Beatha ’gus sláinte don tsáir-shliocht acfuinneach shuairc

Ná leagfar ar lár san ár lá caismeartha cruaidh,

Is daingean iad lámha a mál is gan mhalairt is buadhach,

Agus canfad go hárd a gcáil i gCathair na gCuan.

I gCathair na gCuan is buan ár mbeannacht ón gcliabh

Ar fhearaibh gan fhuacht is luaithe ag cabhair go fial,

Is neartmhar a sluagh lastuaidh ’s is draganta dian,

’S dar mh’anam is truagh gan chuairt dam tamall ’na rian.

’Na rian níor léan tréimhse do chaitheamh go fóill,

Is ba mhian liom féin éisteacht le maitheas a mbeól:

Ní iarrfainn-se gné spéise ná a mhalairt de ghnó,

Ach a dtriatha do ghéir-fhéachaint, dá bhfanainn ’na gcóir.

’Na gcóir ba thaitneamh liom labhairt gach caomh-oide,

Is ceól dá spreagadh gan mhairg gan éin-cheilg,

Oigfhir ghlana ’gus gailtheanna is glé-dheise,

Bród is barra-chruth Banba is Béil Feirsde.

I mBéal Feirsde gan éin-leimhe tá leathan-treabh láidir,

Saor-theisteas a nglé-sgoile ghaibh sealbh im lár-sa.

Déin deithneas a chaol-chleite go mbreacair mo phár dam,

Is chun caomh-fheise na tréin-treibhe cuir beatha ’gus sláinte.

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 23 / 44 题