Ó cuiridh an síol, a Mhuimhnigh mhaithe,
A ghasradh bhinn na laoithe sámh,
Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
’S an ithir a’ feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Go mairidh bhur mbuidhne rinnce ’s reatha,
Nár chaillidh bhur gcríocha a gcéim go brách,
Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
O cuiridh an síol i gcríochaibh Uladh,
A ghasradh dhílis nár claoidheadh le crádh--
Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
’S an ithir a’ feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Nár chaillidh bhur gceólta glóir an ghradaim
Bhí i nEamhain na slógh fí réim gan bádhadh,
Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
O cuiridh an síol i gcríochaibh Connacht,
A ghasradh chaoin an chroidhe gan cháim--
Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
’S an ithir a’ féitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Nár chaille sibh togha ’gus rogha na fola
Bhí i gcuisleannaibh amhra Gaedheal gan tlás,
Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
O cuiridh an síol a dhaoine an oirthir,
A ghasradh mheidhreach Laighneach lághach--
Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
’S an ithir a’ feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Na nósa do dhíol bhur sinnsir oraibh,
Is córaide dhíbh-se a saoradh ón mbás,
Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
O cuiridh an síol arís a’ tuitim
Ar thalamh na Midhe ba shíolmhar tráth--
Tá’n branar go cumhra ’s beatha fén úir,
’S an ithir a’ feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Ná caillidh an bhrigh thug díbh-se an ceannas
O Theamhair na Ríogh ar gach taobh go tráigh,
Ach sgaipidh an síol ó maidin go hoidhche,
’S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.
------------------------------------------------------------------------