Tá ceó ar na cnocaibh,
’S ar thaoibh an ghleanna,
Tá glór an tsrotha
Do shíor am aice,
Is brónach osnadh
Na gaoithe i gcrannaibh,
’S is deórach doiligh
Mo chroidhe-se, a chara.
Is lúthmhar láin-mhear
Do bhíos-sa sealad,
Ag siubhal na mbánta
I n-aoinfheacht leat-sa;
Gan chumha gan cháineadh,
Gan díth, gan easbaidh,
Gan súil, a bhráthair,
Le sgaoileadh an cheangail.
Ba sháimh do thriallainn
I n-úire an tsolais,
Do ráidhte im chliabh-sa,
’S gach rún dá nochtadh;
Gur fhág an ghrian sinn,
Gur dhubhuigh a loise,
’S gur crádhadh mé id dhiadh-sa
Dom brúdh gan chosnamh.
Ba ghile t’fháilte,
’S do bhriathra caomha,
’Ná duille is blátha,
’Gus niamh na spéire.
Anois níl áthas
Ar shliabh ná ar ghaortha,
Ach duibhthean d’fhág mé
Id dhiaidh im aonar.
------------------------------------------------------------------------