Fonn: Londonderry Air

Is é mo chaoi gan mise maidean aerach

Amuigh i mBéarra ’m sheasamh ar an dtráigh,

Is guth na n-éan am tharraing thar na sléibhtibh cois na fairrge,

Go Céim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrádh.

Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn,

Do rithfinn sáor ó anabhroid an tláis,

Do thabharfainn druim le sgamallaibh an tsaoghail seo,

Dá bhfaghainn mo léir-dhóthain d’amharc ar mo chaoimh-shearc

bhán.

Is é mo dhíth bheith ceangailte go faon-lag,

Is neart mo chléibh dá thachtadh ’nnso sa tsráid,

An fhaid tá réim na habhann agus gaoth ghlan na fairrge

Ag glaodhach ’s ag gairm ar an gcroidhe seo ’m lár.

Is milis bríoghmhar leathan-bhog an t-aer ann,

Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán,

’S ochón, a Rígh-bhean bhanamhail na gcraobh-fholt,

Gan sinn-ne araon i measg an aitinn mar do bhímis tráth!

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 8 / 44 题