Múchta ar loisne, Mumha is lom,
an t-ég do ghoid ar ngradam,
gile is greann do chuir ar gcúl,
do ghearr ar mbile mbarrúr.
Searc na suadh, do chaill anois
a dhúthracht ndéin ’s a dhíoghrais,
gloine a thobair iúil go n-aoibh,
mar chlogaibh ciúil i gcnúchraoibh.
Tugais, a chara gan cheilg,
gean do chroidhe don Ghaoidheilg;
gan mhustar do dháilis di
gustal láinfhis do líne.
Brónach Bérra na mbeann maol,
do chaill míonbhláth a mhaccaomh,
gan tuir, gan chabhair, gan cheann--
a shamhail cuin do-chífeam?