AN GLEANN.

Do chuir an gradam do fuair sé i measg na bhfear so lán-áthas ar

Chormac; acht ní gan brón do mhachtnaimh sé ar éachtaibh na hoidhche

sin; ba léir anois dó go raibh nathar nimhe dá oileadh le fada aige ’na

bhrollach is gur dhóbair dó bhéith cnaoidhte leis. An raibh na

campánaigh do tháinig leis ó Chorcaigh go léir ’na gclaidhiridhe? Ba

shearbh an rud leis fiú droch-amhras do bheith aige ortha. Acht níor

bh’aon am machtnaimh é, is an oidhche geall le caithte. B’fhollas dóibh

anois go bhfillfeadh an t-athach do bhí mar cheann ar an mbuidhin sin do

ruaigeadh, le gasradh eile níos tréine is ná bheith neart aca iad féin a

chosnamh ortha dá bhfanfaidís annsoin. Is í comhairle do cheapadar

fanamhain mar a rabhadar go maidin is aistiriughadh lá’r na bhárach go

gleann eile i gcéin. Dá bhrígh sin ar bhreacadh an lae do chuireadar

beirt fhear rómpa chum ionad comhnuighthe do shocrughadh dhóibh i

gcomhair na hoidhche. D’fhilleadar na fir tar n-ais, ag rádh ná raibh an

námhaid le feicsint i n-aon bhall, go raibh bóthán beag déanta amach aca

ina bhféadfadh an tIarla codladh, is gur chóir dóibh a n-aistir a

dhéanamh i bhfíor-thosach na hoidhche.

Acht do faireadh an bheirt fhear so, is do cuireadh cúntas a dturais go

dtí an athaigh. Do bhailigh Domhnall buidhean eile is do chuir sé féin

is fear do mhuinntir Mhuircheartaigh a gcuid curadh le chéile. Bhí an

Muircheartach ar lasadh chum díoghaltas a bhaint do’n Iarla ar mhasladh

éigin a dubhradh gur chuir a mhuinntear sin air. Do rinneadh dhá chuid

do’n bhuidhin nua soin; do cuireadh roinnt aca chum faire, is

d’orduigheadh do’n roinnt eile bheith ullamh chum siubhail go tapa i

n-aghaidh an námhad.

Cé go raibh sé chomh mór aindeas soin, do toghadh an t-athach mar cheann

ar an mbuidhin a bhí le faire, i ngeall ar an eólas a bhí aige ar na

sléibhtibh is ar fheabhas a choisídheachta. Chuaidh an Muircheartach

féin leis an chuid eile. Ar aistiriúghadh do mhuinntir an Iarla um

thráthnóna, do bhí an t-athach le n-a bhuidhin i bhfolach ’san bhfraoch

ag tabhairt fá deara gach cor do chuireadar díobh. D’fhaireadar iad ag

dul treasna na gcnoc ar thuitim na hoidhche is ag sleamhnughadh síos le

fánaidh gur cheil an mór-sgamall dorcadais do leath mór-dtimcheall ar

fad iad. Acht ní raibh dearmad ortha i dtaoibh an tsligheadh do

thógadar; bhí eólas cinnte ag Domhnall ar an ngleann ina bhfeacadar an

bheirt fhear ar maidin. Is chomh luath is chonnaic sé an bhuidhean ag

tabhairt a n-aghaidh ar an áit chéadna do cheap sé i n-a aigneadh an

ball i n-ar dheallramhach go bhfanfaidís an oidhche sin; is ’nuair a

bhíodar imthighthe as radharc do chuaidh sé le n-a bhuidhin fá dhéin

muinntire an Mhuircheartaigh.

Ar chloisint an chúntais sin dóibh do tháinig lán-áthar ’na gcroidhe,

agus is tapa d’ullmhuigheadar iad féin chum bheith i n-athchumaireact

do’n ghleann soin ar theacht an lae. Bhí, go deimhin, cuid do’n bhuidhin

sin is níor thaitn an obair a bhí rómpa leó, níor shanntuigheadar

airgead na Bainríoghina, is níor mhian leó fuil an Iarla a dhortadh;

acht b’éigin dóibh géilleadh do thoil a dtaoiseach. Bhí tuilleadh aca ag

brath ar airgead d’fhagháil, is ba chuma leó cia an nós, acht ní raibh

’san ghasradh soin aon fhear chomh sanntamhail chum airgid ná chomh

cíocrach chum fuil an Iarla do tharraing le Domhnall Dubh féin, ceann

urraid na buidhne. Is fíor go dtug sé iarracht ar an bhfeall do bhí ’na

chroidhe a cheilt; acht bhí an droch-fhuadar do bhí fé ró-shoilléir, is

níor bh’féidir sgáth a chur air. Bhí fuath ag a lán do’n bhuidhin dó,

agus is mór gur bhfearr le cuid aca a sgórnach a ghearradh ná sgórnach

an Iarla.

Dála mhuinntire an Iarla, is mall socair do ghluaiseadar le fánaidh, is

cé go raibh dorchadas ró-mhór ann, níor theip ortha an cabán air ar

cheapadar an bheirt ar maidin d’aimsiughadh. Cró follamh do b’eadh é,

ceithre troighthe déag ar fhaid is deich troighthé ar leithead. Níor

bh’fada ó cuireadh nuadh-dhíon air, is chuirtí caoirigh is gabhair ann i

ngarbh-shíon. Níor shuarach an obair do na fearaibh slacht a chur ar

do’n Iarla; acht is fonnmhar do luigheadar ar an ngnó soin agus is gearr

ná aithneochá an cabán soin do chóirigheadar chomh háluinn sin é.

D’aduigheadh béithleach teineadh gan maill is d’ullmhuigheadh biadh. Do

shuidh an tIarla chum bídh, lán do sgléip. Do sgéidh a chomhrádh uaidh

’na tréan-thuile ag cur meanma is muinighín i gcroidhthibh na bhfear.

“Cad é an brígh mo bheatha-sa,” adeireadh sé, “táim-se anois ag druidim

leis an uaigh; acht fanfaidh cúis mo chreidimh is mo thíre im’ dhiaidh.

Tógfar suas an chúis sin le daoinibh eile--daoine níos treise ná

mise--Ná smuainigh, a mhic mo chroidhe,” ar sé, ag deimhniughadh do

Chormac, “go bhfaghaidh an chúis atáim a chosnamh bás liom féin. Ná

smuainigh gur ag brath orm-sa bhéidh sí chum í chur ar aghaidh. Táim-se

ag déanamh mo dhíchill chum í thabhairt suas dóibh seo thiocfas im’

dhiaidh gan teimheal. Tá mo charaid go léir imthighthe. Do thuiteadar

’san mbruighin seo ar son a saoirse is a gcreidimh. Do b’fhearr

liom”--agus ag rádh soin dó d’eirigh an sean-duine is shiubhail sé go

dtí an taobh thall do’n tseomra chomh acfuinneach is dá mbeith lúth na

hóige ’na chnámhaibh fós--“do b’fheárr liom tuitim i ngleó do thír is do

chreideamh ’ná bheith beó taréis buaidh onóraigh. A Chormaic,” ar sé

arís, ag deimhniughadh chum an óglaigh, “taoi-se léigheannta go leór. An

gcualais riamh trácht tar fhear chríonna dár b’ainim Murchadh Liath? Do

mhair sé tamall im’ thigh, is ba mhór aige mo shean is mo shinsir. Fear

do b’eadh é do shiubhail a lán is ní beagán léighinn a bhí ’na cheann.

Bhí sé lán d’eachtraidhibh ar mo charaid--ar na sean-ghaisgidheachaibh a

tháinig romham. Gan amhras do bhí beagán mhearbhaill air, agus taréis mo

teach-sa d’fhágbháil do chomhnuigh sé, fá mar dubhradh liom, ’san

ghleann so, ag déanamh rann is tarngaireachta ar nós na sean-shuadh. Do

chualas féin tarngaireacht éigin do rinne sé ar mo mhuinntir, acht níor

thuigeas riamh í.”

Do labhair fhear dhá bhuidhin do bhí ag éisteacht leis an sgéal soin, is

dubhairt go raibh an fáidh úd go déidheanach ’san ghleann soin agus

gurab ins an teach chéadna soin do chomhnuigheadh sé, go dtéidheadh sé i

measg na gcomharsan ag iarraidh déirce is ag déanamh suilt dóibh le n-a

chuid rann is tarngaireachta. “Agus cad d’imthigh air?” ar an tIarla, go

neamh-shuaimhneasach. “Fuair sé bás ins an ghleann so, tá dó nó trí

seachtmhainidhe ó shin,” ar an fear eile; “do bhí sé ag siubhal ó thigh

go tigh, lá, go dtáinig dorchadas na hoidhche air, is ’nuair a thug sé

iarracht ar a bhothán a dhéanamh amach chuaidh sé amugha, is lá’r na

bhárach fuaradh sínte marbh é le hais mór-chairrige, is rann éigin

rúnach tarngaireachta fásgtha go daingean ’na dhorn.”

Níor fhan dath--acht dath gránna an bháis--i leacain an Iarla, tháinig

mór-thocht dóláis air--ní fheadair sé cad é a chúis. Níor fhan focal

ann, cé go raibh sé nóimeint ó shoin go meanmach meidhireach ag comhrádh

is ag caitheamh aimsire le n-a champánachaibh. Do thug sé iarracht ar

ghreann a dhéanamh is níor bh’fhéidir leis é. Do tháinig baill-chrith

air is thuith sé siar ar an urlár go tréith is go lag-bhríoghach. Cad do

dhoilbhigh é? An amhail an bhfeacaidh sé tuar a bháis féin ins an sgéal

so? An fear a bhí chomh fada soin ’na thigh, do rinne an oiread soin

tarngaireachta ar a charaid, do chomhnuigh tamall ’san mbothán chéadna

soin, d’fhagháil bháis ’san ghleann soin! Is ró-deallramhach gur b’é a

smuaineadh ar na neithibh sin do chuir crith-eagla air, do bhain a

chainnt de, is d’fhuadaigh a chuid fola as a leacain.

Dála Chormaic, do rinne sé níos mó do’n chomhrádh soin ná do léig sé

air. B’fhollas dó anois gurab é fáidh an ghleanna an fear céadna

d’árduigh a mheanma féin le n-a chuid tarngaireachta an lá úd is é ag

teacht ó sgoil, is do chuir cochal air chum ceasna a thíre do léigheas

dá mb’fhéidir, is b’iongantach leis go raib sé ’san teach chéadna i n-ar

mhair an sean-shuadh úd ins an ghleann i n-ar cailleadh é, is go raibh

sé i bhfochair an taoisigh do seasaibh in’ aonar i n-aghaidh námhad a

thíre is a chreidimh. An sgéal céadna do chuir crith-eagla báis ar an

Iarla do líon sé croidhe Chormaic le dóchas is le meanmain. Níor thagair

sé riamh roimhe sin do’n fháidh sin ’na chomhrádh leis an Iarla, i

ngeall ar an treó ’na bhfeaca sé é, is anois cé go raibh sé féin lán do

mheanmain níor lámhaigh sé trácht thairis ar eagla go gcuirfeadh sé

tuilleadh buaidheartha ar an tseanduine.

Do caithead a lán do’n oidhche mar so eatortha, is fá dheireadh dubhairt

duine éigin gur mhithid dul i chodladh. D’aontuigh an tIarla, acht ní le

subhachas mar ba ghnáth leis, agus ag breith ar láimh ar an óglách le

muinnteardhas dubhairt--“Do chuadhas-sa chum comhraic d’fonn mo

dhuthchas is mo chreideamh do chosnamh ó Ghallaibh; ní’lim tuirseach

do’n ghleó, acht i dtaobh bhuaidh--tá sé ag brath ar thoil Dé. B’fhéidir

ná tiocfaidh sé go fóill, acht fágaim le hudhacht agat-sa an chúis sin

gan teimheal, gan éisling is ag gach n-aon ghrádhas fírinne is saoirse.”

Is dubhach, lán-chumhach do labhair an tIarla, is níor bh’féidir le

Cormac freagradh le lán-tocht bróin. An tIarla do bheith doilbh is eadh

chuir gruaim air; níor chuimhnigh sé i n-aonchor ar a cheasna féin; agus

is mar sin do sgaradar ó chéile i gcomhair na hoidhche. Do chodladar

araon ’san mbothán i leapachaibh deighilte ón-a chéile. Do chodail cuid

do na fearaibh i gcabán leasmuigh; is b’éigin do chuid eile aca dul

treasna an chnuic ag féachaint i ndiaidh bó. Do chodail an tIarla go

sámh, agus ag dúiseacht dó roimh lá d’éirigh is do chuir a chuid éadaigh

uime, is do luigh sé go lán-dícheallach ar theinidh d’adughadh. Bhí

iongnadh a chroidhe ar Chormac é d’fheicsint ag éirghe chomh moch soin,

is, ar eagla gur taom éigin a bhí air, d’eirigh sé féin go tapa ’na

dhiaidh. Do chaith an seanduine é féin ar a ghlúnaibh is do ghuidh sé go

durachtach ar feadh tamaill. Bhí an teine d’adaigh sé ’na lán-lasadh is

ag leathadh a chuid solais ’na thuile tríd an mothán bheag úd dá

théitheadh is dá sheasgarughadh i gcúntas nár chleachth sé riamh.

------------------------------------------------------------------------

AN DARA hALT DÉAG.

Cormac Ua Conaill · 第 16 / 27 题