Bhí an lá ag breacadh. Bhí spíce beag solais le feicsint leastoir ag
dathughadh barr na sléibhte. Bhí lóithne fionn-fhuar garbh-ghéar ag
séideadh is ag cronán go brónach, doilbheach tríd an ghleann. Ba
dhiamhair uaigneach é radharc an ghleanna soin is an solas ag dul i
neart, na tora muthallacha bána ag crothadh a gcochall coisne díobh féin
le gach séidóig gaoithe, is dá lán-luasgadh fá chomairce na mor-chrann,
is an talamh cruaidh-shleamhain ó’n sioc.
Bhí an tIarla tré n-a chéile i dtaobh na bhfear do chuaidh chum na
beitheidhigh do sholáthar, is níor bh’annamh ag rádh é gurab iongantach
ná rabhadar ag filleadh “Tá sé ró-luath fós,” a deireadh Cormac; “is ar
éigin atá breacadh an lae ann. Ní dhéanaim amhras ná go mbéid siad annso
láithreach.” Ag comhrádh mar sin dóibh do briseadh isteach doras an
bhotháin le tréan-bhuille, is gan maill nóimenite bhí gasradh fear
lán-armtha ’na seasamh ar an urlár. Ar dtúis do shíl an tIarla gur
bh’iad a mhuinntear féin iad is bhí iongnadh air iad a theacht isteac
chomh fiadhain sin. Acht níor fhág a n-imtheacht aon amhras air ’na
dtaobh agus is gearr gur bh’fhollas dó go raibh sé imeasg a námhad.
Ní raibh ’san mbothán an taca soin acht an tIarla féin is Cormac is
seanóir eile. Ar thaobh an námhad b’shin é Domhnall Dub--níor b’fhéidir
dearmad a dhéanámh ann--fíochmhar, feargach, garbh-fhiadhain, is go
léighfeá íota fola is óir ’na gharg-ghnúis droch-fhuadrach. Do labhair
Cormac leis i nguth árd is dána, is dubhairt: “A Dhomhnaill, cad tá
uait? Sáthaigh mise tré lár mo chroidhe is léig do’n taoiseach aosda
onórach so,”--is ag rádh na bhfocal soin dó, chaith sé é féin idir an
t-athach is an tIarla. Do dhruid Domhnall uaidh i leath-taoibh é, is
dubhairt: “Bíodh foidhne agat, fan go mbéimid réidh leis an gcuradh ar
dtúis, tá breith agat air, ní dhearmaidfear thu, ná bíodh eagla ort.” Is
gan maill d’aimrigh sé buille ar cheann an Iarla. Do mharbhóchadh an
buille sin é acht gur chosain sé é féin le n-a láimh. Do géar-ghoineadh
a uilleann dá chur i sior-phiantaibh, acht ní thug sé braon fola. Cé gur
mhór a chuid pianta níor liúigh is níor sgread an seanduine, agus is
cródhach fearamhail adubhairt: “Suas ar do láimh! Is mise Iarla na
Deasmhumhan! An im’ mharbhadh ataoi, a chladhaire?” Cé gur léir do
Dhomhnall gur bh’é an tIarla do bhuail sé, do chuir an t-adamhughadh
soin breis mhisnighe air, is thug sé iarracht eile fé, dá ghearradh ’san
mhuineál i gcuma gur rith an fhuil ’na caise go talamh ó’n gcneadh.
Tar éis an bhuille sin, cé nár thuit sé níor fhan lúth ’na bhallaibh,
acht is soiléir d’airigheadh é ag rádh: “Éagaim d’onóir Chriosd is do
shaoirse mo thíre.” Ba shaidhbhreas do Chormac na focail sin. Dá mhéid é
a chuid cumhadh do chuireadar ag dian-mhachtnamh é ar an tuirse bhí
roimh mhuinntir na hÉireann, is an dubh-cheó d’éirigh ’na shlighidh féin
is chuir deireadh le n-a cuid dóchais go deó.
Ar feadh na haimsire seo do chongbhadar beirt fhear Cormac is ní gan
duadh é. Do tharraingeadar an t-athach mór is beirt eile an tIarla amach
tar dhoras is é ag tabhairt a chuid fola i dtréan-thuile. Do shíneadar é
ar an dtalamh amuigh tamall beag ó’n mbothán, is annsoin do buaileadh
arís is arís eile é. Bhí cnead a mhuinéil anois chomh leathan soin, is
bhí an fhuil ag gluaiseacht as chomh tiugh soin go raibh eagla ar an
athach go gcaillfidhe é idir a dhá lámhaibh. Ar an ádhbhar soin bhuail
sé buille thuaigh air chum an ceann a bhaint de. Acht tháinig crith ’na
láimh is níor fhéad sé a chuid nirt ar fad a chur ’san mbuille. Do thug
sé iarracht eile, agus leis an treas iarracht do bhí ceann Iarla na
Deasmhumhan sgartha leis an gcorp go deó na ndeór.
An fhaid a bhí an léir-sgrios so dá dhéanamh bhí Cormac go
neamh-shuaimhneasach fá ghreim ag an mbeirt úd is gan uaidh acht tuitim
dá mb’fhéidir i dteannta an Iarla, is óir do theip sin air ba dhoilbh
iad na hosnaidhe i n-ar labhair brón a chroidhe. Is ar cheann an Iarla
do bhí Domhnall ag brath go bfaghadh sé an t-airgead. Is uime sin is
aireach do ghlan sé an fhuil de, is do chas go ceanamhail i linn-éadaigh
é, is do cheartuigh an cheartlinn sin i dtreó go bféadfadh sé é bhreith
leis go háiseamhail go Caisleán na Mainge. Do sgaoil an bheirt Cormac
uatha annsoin. Do rith an t-óglách go dian-chráidhte chum an choirp gan
ceann do bhí smeartha le fuil agus d’fhan sé le n-ais ag síor-fhaire is
ag dian-mhachtnamh ar a ghlúnaibh go brónach, lán-uaigneach, gan
féachaint anonn ná anall, gan focal do labhart, gan deor do shileadh,
gan na neithe do bhí ar siubhail timcheall air do thabhairt fá deara.
Acht bhí sé ceapuighthe ag an athach é thógáil leis, is óir ba mhithid
dóibh filleadh tar n-ais do chuir sé beirt fhear chum é a bhreith leó.
Do liúigh Cormac chomh truaighmhéileach soin ’nuair thugadar iarracht ar
é tharraing leó ó’n gcorp go léighfeadh sé garbh-chlocha an tsléibhe
chum truaigh is taise dhó.
Is cruaidh an námhaid ná bogfadh chum truaigh ar fheicsint an óglaigh
dubhaigh chráidhté úd dá chaitheamh féin ar an gcarnán cré is fola úd dá
snaidhmeadh féin leis go dian-daingead, is ag rádh, “Fág, ó fág mé i
bhfochair mo charad!--marbhaidh mise leis!” Ní fhuair na fir ionnta féin
é a thabhairt leó. Acht níor mar sin do Dhomhnall--ní raibh an croidhe
chomh bog soin aige. Bhí deithneas air. Bhí ceann an Iarla greamnighthe
’na láimh chle aige, agus is mar sin do tháinig sé chum na háite ina
raibh Cormac ag fuirseadh leis na fearaibh. Do rug sé ar ghualainn air
is d’árduigh leis é. Anois cá raibh an mhaitheas ’na chuid fuirse is
únfairt is liuithrigh?
Acht féach! tá gasradh fear ag cur an ghleanna dhíobh go lán-mhear,
ullamh, gléasda, chum comhraic, agus is deallramhach go bhfuilid ar thí
an tIarla a sgiobadh leó beó nó marbh. Do chóirigh Domhnall a mhuinntir
féin ’na n-aghaidh, is é féin ag congbháil greim ar Chormac, is
dian-ghreim ar cheann an Iarla ’na dhá láimh. ’Nuair a thángadar na fir
eile i ngearracht dóibh b’fhollas go raibh fonn comhraic ortha. Do bhí
fear lúthmhar, tapa mar cheann urraid ortha. Ba mhear, dian, dána, do
chuir sé an gleann de; is ní raibh dearmad ná himtheochadh sé gan
droch-obair. ’Nuair bhí an dá bhuidhin os comhair a chéile do bhog an
t-athach do gheit do Chormac, is do sgread sé mar tharbh allta. Do bhúir
sé arís is arís eile, is, cé gur ró-dheacair leis é, do raid sé ceann an
Iarla uaidh is do theich sé i lán-ghealtaigh, mar do b’é an Caomhach--an
fear do mhairbh sé, mar ba dhóigh leis--do bhí ’na cheann ar an námhaid!
Ní raibh eólas ag aoin’ne ar chúis a bhuile, is tháinig briseadh is
mí-órdughadh ar a ghasradh, is do shleamhnuigh Cormac anonn go taobh an
Chaomhaigh gan duine dá mhothughadh.
Is beag an dúil i ngleó bhí ag gasradh an Chaomhaigh ’nuair fuaradar an
tIarla marbh rómpa, is bhí gach taobh ullam chum siothcháin a dhéanamh
go mór-mhór óir ná raibh an t-athach le fagháil--mar d’imthigh sé ar
buile as a radharc ag béiceadh is ag dian-sgreadadh go fiadhain
fraochmhar fíor-eaglach. Ar an ádhbhar soin, do rinneadh siothcháin
láithreach eatortha is do ghluais muinntear na Bainríoghna ortha go
Caisleán na Mainge ag breith cinn an Iarla leó is d’fhan gasradh an
Chaomhaigh annsoin chum an corp d’anachadh is do fágadh Cormac i
n-aenfheacht leó.
’Nuair a bhí a sháith caointe déanta ag an óglách os cionn chuirp an
Iarla do chuir sé fáilte lán-chairdeamhail roimh an gCaomhach is do
bheir sé buidheachas go taitneamhach leis an té do sgiob é an dara huair
ó lámhaibh na n-eachtrann, is do luigheadar ar chainnt go céileamhail ar
an gcuma i n-ar theagmhuigheadar le chéile arís. Ó d’fhág sé Cormac go
tréith na leabaidh do bhí an Caomhach ar a dhícheall ag bailiughadh fear
chum an tIarla a chosnamh, mar bhí a shár-fhios aige go raibh Domhnall
ag faire air chum a thógtha nó a mharbhuighthe. Ar feadh a bhfad ní
raibh fios aige ar ionad comhnaidhthe an Iarla, is ba dheacair fir
d’fhagáil do chuirfeadh iad féin i gcontabhairt ar a shon. Do bhí beirt
fhear leis ag faire ar an athach agus is uatha scin do fuair sé eolas ar
a raibh ar bun an oidhche sin aige; is dá n-aontuigheadh Dia go
dtiocfadh sé i n-am ar maidin bheith an tIarla slán beó ’na measg an
tráth soin.
D’iompuigh a gcomhrádh ar Dhomhnall is ar an bhfeall a bhí ’na chroidhe,
ar an Iarla is ar a mhuinntir. Ó theagmhuigheadar ar dtúis le chéile ní
raibh caoi aca ar thracht ar a muinntir féin, is uime sin ní raibh eolas
ag aoin’ne do’n bheirt ar ionad comhnaidhthe an fhir eile; acht anois
óir ba mhithid dóibh cuimhne ar dhul a bhaile b’éigin dóibh labhairt tar
na neithibh seo. D’fhiafruigh an Caomhach do Chormac cár chomhnuigheadar
a thúismightheóiridhe. “Maireann mo mháthair,” ar Cormac, “i gClais
Doimhin acht tá m’athair le fada as baile. ’Nuair a bhris an bhuaidheart
so amach ar dtúis, is iomdha bliadhain ó shoin, d’fhág m’athair an baile
is as soin amach ní bhfuaramar aon tuairisg air. Is é mheasaimíd go
bhfuil sé marbh le fada riamh. A Dhia na ngrás, dá bhfeicinn m’athair
arís is ró-shásda bhéidh m’intinn!” “Tá t’athchuinige fagháltha agat
cheana,” ar an Caomhach, ag snaighmeadh a lámh timcheall air, “is mise
an t-athair sin dob’ áil leat fheicsint!”
Bhí Cormac, amhail adubharamar, géar-chúiseach, is anois is tapa do rith
in’ aigneadh na bearta cruadha ina raibh sé go déidheanach is cia an nós
do shaoruigh Dia é ó gach ceasna, is do chuir a athair féin chuige chum
a lán-bhruid a sgaoileadh is bheir sé buidheachas le Dia le
saor-chroidhe. Acht cé gur mhor an t-áthas a chuir radharc a athar air
níor thaise do’n tocht cumha do chuir a chroidhe fá smúid i ngeall ar
íde an Iarla--do bhí riamh go daingean ’na chuimhne. Ba dhubhach an
obair a bhí rómpa. Do sgaoil an Caomhach--Conallach do b’eadh é--na fir
a tháinig leis a bhaile acht amháin ádhbhar beag do chongaibh sé chum
cabhruighthe leó i gcomhair anachaidh an Iarla.
D’fhaireadar an oidhche sin an corp úd gan ceann do bhí sínte go
cóirighthe fá ghéagaibh árd-chrainn. Ba doilbh an tórramh é, ní raibh
coinnealla ná soillse ann, acht réilte na spéire ag dian-thaitneamh as
ag tuar cuisne i gcomhair na maidne; ní raibh uaill-ghol ban le cloisint
acht doilbh-chronán na garbh-ghaoithe ag sios-mharnach go huaigneach tré
ghéagaibh nochtuighthe na mór-chrann, is ag réabadh drislighe is dá
sgaipeadh i gcéin. Acht níor chuir sioc ná fuar-ghaoth Cormac ná athair
Chormaic ó’n a ndian-fhairead le hais an chuirp tré íochtar mhall na
hoidhche, ní mór a labharadar acht air uairibh ba thréan a
ngéar-osnaidhe. Anois is arís do thagadh tocht cathuighthe ar Chormac i
dtreó go gcluinfidhe gach cnead doilbh-dhubhach uaidh ar fuaid an
ghleanna is b’iongnadh nár éag sé le garbh-ghuais bróin.
Tar éis an tórraimh fhíor-uaignigh úd do rugadar an corp gan cheann go
Cill na Manach, roilig do bhí tímcheall cheithre mhíle uatha, agus
annsoin do cuireadh ar fhan i n-Éirinn d’Iarla na Deasmhumhan. An fhaidh
a bhíothas dá chur síos ’san uaigh is dá chlúdach le cré dubhradh
urnaighthe dá anam is ’nuair bhí an obair críochnuighthe do chan Cormac
le hárdh-ghuth go doilbheach buaidheartha an marbhnadh so.
------------------------------------------------------------------------
AN TREAS hALT DÉAG.