I dTREASAIBH NA nARM.

I lár an tsos bhrónaigh úd do sgread go dian dána an aon fhear amháin

faire do bhí leasmuigh. Cad do bhí air? Bhí buidhean armtha ag teacht go

lán-thapa fá n-a ndéin! Bhí an ghealach ’na suidhe i dtreó ná féadfadh

aon dearmad a bheith air. Láithreach bhí muinntear an Iarla go léir ar a

mbunaibh, is le mire splainnc do luigheadar ar an cábán do leagadh ar

fad is do sgaipeadh ó chéile, is na hearraidhe go léir a cheartughadh. I

gcionn tamaill bhig ní raibh aon chábán le feicsint; leapacha,

suidheacháin, áthraigh, cuireadh iad go léir i leath-taoibh, is ’na

n-ionad bhí arm faobhair. Ba léir dóibh anois ná raibh ’san mbuidhin sin

acht timcheall caogad fear. Ba mhinic ag sleamhanughadh idir na clocha

iad, acht ’na dhiaidh sin bhíodar ag cur díobh gan ró-mhaill.

Ní ortha féin do bhí na fir ag cuimhne, acht ar an Iarla is ar an

óglách. Ba bhreágh an rud le Cormac bás d’fagháil i dtreasaibh na n-arm

ag breacadh fód a thíre le na chuid fola, acht anois b’éigin dó dul i

bhfolach i bhfochair an Iarla i gcumar do bhí ag dul isteach fá’n

gcarraig, fad do bhí an námhaid ’na dtimcheall. Dá aimhdheóin bhais do

cuireadh d’fhiacaibh ar an Iarla dul i bhfolach; b’fhearr leis go mór

seasamh go dána i n-aghaidh an námhad, acht dubhairt a champánaigh leis

gur shuarach an ghlóir do bhí le fagháil ag seanóir ó bhás ar thaobh

chnuich i meadhón oidhche i measg uathadh beag fear. Do chuireadar

muinntear an Iarla i dtreó cosanta iad féin, is ba shocair dána a

seasamh ag feitheamh leis an námhaid.

Dála mhuinntire na Bainríoghna, is é do cheapadar teacht i gan-fhios ar

an mbuidhin eile, is dá bhrígh sin is beag an t-áthas do bhí ortha

’nuair a chonnacadar iad ullamh gléasda chum comhraic; acht anois ní

raibh leigheas air, caithfid dúl ’na n-aghaidh. Is deimhin gur bh’fhusa

ádhbhar fear ’na gcodladh gan sgáth, gan cosaint, do chlaoidheadh i lár

na hoidhche, ná dul chum coimheasgair le buidhin aibidh, clisde, armtha,

lán do mheanmain; acht bhí sé anois ró-dhéidheanach dóibh teicheamh.

’Nuair a bhíodar i ngearracht lámhaighe dá chéile chuir muinntear an

Iarla maidhm do mhuscaitíbh ’na measg, do rinne manntach a dtreasa, acht

do luigheadar ortha--an méid nár thuit díobh--go dána neamh-eaglach,

agus is gearr go raibh an dá bhuidhin go daingean i n-achrann ’na

chéile. Do líon fuaim a bhfuirse, a ngreadadh, a gcartadh is a

sgreadaigh an gleann; d’aith-fhreagradar na cnuic i gach taobh i dtreó

gur dhóigh leat go raibh mór-chogadh ar siubhal idir na sléibhte. Is

ró-shoilléir d’airighead fothram an chogaidh ’san uaimh ina raibh an

bheirt, is ní raibh Cormac sásda ’na aigneadh gan bheith i measg na

gcuradh, is ’nuair bhí na turraingidhe ag dul i dtréine is na geóinte ag

dul i n-aoirde bhí briseadh ar an bhfoidhne aige, is do sgíord amach

fá’n ngleann. Do rug sé ar shleagh is do chaith sé é féin i measg na

ngaisgidheach go lán-dásachtach is ní gan fuil do dhortadh é.

Is tapa do rinne sé amach óglách clúdaighthe le héadach pláta, ar nár

dhóigh leat go raibh fonn comhraich, is do thug fogha dá shleagh fé. Do

theip an céad urchar air. Do dhruid an fear eile leath taoibh is do rug

ar an sleigh is do tharraingeadar ó chéile é go dian dásachtach. Taréis

tamaill níor thaitn an cleas soin leó is fá mar d’aontuighidís do

raideadar araon uatha an shleagh is do ghreamadar a chéile i

n-iomarsgáil chruaidh chas-achrannach. Taréis géar-chatha do síneadh

Cormac ar an dtalamh le mór-thuairt, is ’nuair a bhí fear an éididh chum

imshneamh do dhéanamh dá thurrainn do rug Cormac ar chois air, is do

tharraing leis go talamh é.

Do bhíodar araon annsoin ar an dtalamh go daingean n-achrann ’na chéile

mar dhá nathair nimhe, ag gearradh is ag stracadh a chéile, gan sost,

gan suaimhneas, gan aoin’ne aca ag léigean do’n duine eile éirghe ná

caoi éirghthe aige féin, ag féachaint ar a chéile le fuath is le

dian-fheirg, ag unfairt is ag fuirseadh is ag fásgadh a chéile.

Doirteadh fuil eatortha go lán-tiugh. Bíodar araon i léir-chrithibh báis

le tachtadh is le múchadh is le géar-bhrughadh. Do snaidhmeadh Cormac

cum talmhan le barróig fhir an éididh, is do snaidhmeadh eisean le

barróig Chormaic gan caoi ar sgaoileadh ná ar bhfuasgailt ag ceachtar

díobh, go ráinig gur shatail fear do bhuidhin na Bainríoghna ’na

dhlúth-choimheasgar le námhaid ar troigh fhir an éididh dá bhasgadh go

daingean i dtreó gur b’éigin dó a ghreim a bhogadh. ’Nuair mhothuigh

Cormac é féin sgaoilte do phreab sé ar a bhunaibh, do rug ar an shleigh

do bhí ina aice ar an dtalamh is do dhian-sháthaigh an fear sínte tríd

an muineál áit ná raibh díon an éididh aige. Níor chorruigh sé ó shoin

amach.

Is beag ná raibh deireadh leis an mbruighin. Do claoidheadh muinntear na

Bainríoghna, is ní morán díobh do chuaidh slán as an ngleó. Acht do rug

an ceann urraid do bhí ortha a chnámha leis gan brughadh, gan basgadh.

Fear mór groidhe do b’eadh é, agus is beag an tuirse bhí air ag cur an

chnuic amach de taréis an iomaidh sin. Acht ní raibh fonn mór cogaidh

air an oidhche sin, óir ná feacaidh sé an tIarla i measg an námhad. Níor

thuit acht cúigear ar fad do bhuidhin an Iarla. Ag gabháil timcheall do

Chormac ag infhiúchadh na mharbh do baineadh geit as nuair tháinig sé

chum an óglaigh do threasgair sé féin; mar cad a chífeadh sé fá’n

éideadh acht corp Éamuinn! Go dtí an uair sin ní raibh aon fhios aige

air fheall-bheartaibh Éamuinn. Ní raibh sé gan droch-amhras air le

déidheanaighe, acht anois b’fhollas dó cad do bhí uaidh ó thúis. Cad iad

na smaointe do rith i n-aigneadh Chormaic ’nuair do mhachtnaimh sé ar

ghniomharthaibh an óglaigh úd, ar a ghliocais, ar a shleamhanacht, ar a

urradhas aithiseach, ar a bhladaireacht béil agus a chroidhe lán

d’fheall. D’aithris sé do’n Iarla ciannos do theagmhuigheadar le chéile

ar dtúis is ciannos do mealladh é féin leis.

Dála muinntire an Iarla do bheartuigheadar gur fáidh éigin Cormac do

tháinig cum iad do shaoradh ó mhillead na nGall; mar b’ar a shon

d’fhanadar suas chomh déidheanach an oidhche sin, fá mar a mbeith siad

ag feitheamh de n-am ar an námhaid, agus nár mhairbh sé len’ uillin féin

an t-óglach úd an fheill. Do chuarduigheadar balcasaidhe an óglaigh; is

ó litreachaibh do fuaradar ionnta b’fhollas dóibh gurbh’ cladhaire é, go

raibh sé ag iarraidh ceann an Iarla d’fhagháil dó féin, is go raibh sé

fá mhionna Cormac do mharbhadh, is gur bh’é Domhnall Dubh ceann urraid

do bhí an oidhche sin ortha. Ní raibh aon trácht ar an gCaomhach, is cé

gur mhór é a iontaoibh as, do chuir claon-bhearta na beirte eile

droch-amhras in’aigne i dtaobh an Chaomhaigh. Bí eagla air go raibh

seisean leis iompuighthe i gcoinnibh an Iarla.

------------------------------------------------------------------------

AN tAONMHADH hALT DÉAG.

Cormac Ua Conaill · 第 15 / 27 题