É I R E .

’Éire, a shearc-bhuime, a bhanaltra shéim,

Inis na ngeal-chnoc, na nglaisidhe, ’s na gcraobh,

Do bhasgadh ’seadh d’aibig gach peannaid im’ thaobh;

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!

’Éire, do ghéimhleachaibh céasda ag fuasgailt,

’Éire, na leasg, na tamáilte ag músgailt,

Do’n deóraidhe dubhach, doilbheach, do dhoras ag osgailt;

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!

’Éire, ó Ghallaibh fuair basgadh ’gus milleadh,

’San braon brónach, bog, riamh led’ rosgaibh ag sileadh,

Do chuid cumhachta imthighthe gan tuairisg, gan filleadh;

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe.

’Éire, ní cuimhin leat-sa síothcáin do bhlaiseadh,

Is fada fá thár-bhruid, is fánach fá mhaise,

Le sealad ag léir-ghol, gan faoiseamh, gan taise;

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!

Ba mhinic do shléibhte le caor-theinidh ar lasadh,

Ba mhinic do leómhain i ndeóraidheacht gan chasadh,

Ba mhinic do bhuailis go huaigneach do bhasa;

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!

’Éire, do shaoirse is d’fhírinne sheasaibh,

Led’ shluagh láidir chalma neartmhar i dtreasaibh,

Gan eagla roimh námhaid is gan beann ar a gcleasaibh;

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!

Ba mhinic í d’fhíor-fhuil ’na caoin-sruith dá dortadh,

Ba mhinic go tláth thú le gábhtar is gorta,

Cathughadh id’ cheóltaibh, ir bróndubh id’ phortaibh;

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!

’Éire, is tú d’fhulaing an milleadh ro-shearbh,

Is leat-sa do castaoi an t-asmhuchán garbh,

Is an t-éitheach do sgeitheadh ar do bheó is ar do mharbh;

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!

’Éire, is mithid duit misneach do ghlacadh,

Tá do sgamaill ag sgapaidh, do shamhradh ag breacadh,

Ná mothuigheann tú an léir-theas taréis éirlaighe an tseaca?

’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!

Tá bláth ar gach craobh úir, tá sgéimh ar an dtalamh,

Tá ceól agus aoibhneas i gcoilltibh bhí balbh;

Go deó, deó arís, ní bheir íseal ná dealbh;

’Éire, sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe.

Ba thréan glan an guth do bhí ag Cormac i nós go n-aireochaidhe gach

sioladh dár chan go cruinn ar fuaid an chábáin, is síos go bun an

ghleanna uaignigh úd. Tháinig lán-iongnadh ar na fearaibh. Bhí deireadh

le n-a gchuid racaireachta an oidhche sin, is do thuit ciúineas

doilghíosach dubh-bhrónach ortha go léir. Do lean freangaidhe an ghotha

uaignigh sin iad, is chuir dá n-aimhdheóin ag dían-machtnamh iad ar an

tuirse bhí rómpa.

------------------------------------------------------------------------

AN DEACHMHADH hALT.

Cormac Ua Conaill · 第 14 / 27 题