Do thuit an oidhche, is, amhail a socruigheadh eatortha, do ghluais an
bheirt chum siubhail. Ba neamh-chosmhail iad i n-aois, acht ba chosmhail
i gcródhacht is i meanmain. Do bhí a slighe tré réidh sléibhe do bhí
fliuch is garb fá n-a gcosaibh is ar feadh leacan chnuic is síos isteach
i ngleann fhada, chaol, lán do charraigeachaibh. Cé go raibh an oidhche
dorcha go leór is an tslighe deacair, b’ éasgadh, lúthmhar é an
seanduine ag gabháil tré imeallaibh corrach tré fraoch is fionnán is ag
rith le fánaidh go lán-tapa. ’Nuair a sroicheadar an gleann do chonnaic
Cormac léas beag solais tamall maith uatha. Bhí sgleóndar air ag
taisbeánadh an solais sin do’n Iarla, agus dubhairt seisean, “Tá go
maith--sin iad mo champánaigh-se. Tá siad leathta le fuacht ag feitheamh
liom ar feadh na hoidhche.” Do chuaidh na focail sin tré chroidhe
Chormaic mar do rachadh bior ghaoithe. “‘Mo champánaigh,’ gó bhfóiridh
Dia orainn! an bhfuil acht soin? Ní sluagh, ní buidhean, ní gasradh atá
romhainn acht campánaigh.” Do chnead sé le buaidheart, is d’éirigh osna
i ndiaidh chum a bhéil, acht ar eagla go dtiubhradh an tIarla fá deara
go raibh sé dubh-bhrónach do choisg sé dá chumha, is dubhairt go raibh
áthas air go rabhadar chomh athchumair dóibh.
Taréis dul tamall níos sia dhóibh do léig an tIarla fead as. Do
freagradh é, is ba ghearr go dtáinig beirt fhear ’na gcoinnibh. Do
phógadar a lámha go urraimeamhail, is do chuireadar fáilte roimhe go
ró-chneasda. “Seo óig-fhear, cara damh-sa,” ar an tIarla, “do tháinig
im’ fhochair chum a chion dom’ ádh nó dom mhí-ádh do ghlacadh.” Ba
ghairid uatha anois príomh-ionad comhnaiththe an árd-taoisigh. Ar mheas
óglaigh árd-aimnigh mar Chormac ba shuarach an rud é. Bhí cábán mór
leathta fá thaoibh árd-chairrige, is fá na chomairce sin do bhí fiche
fear ’na suidhe ag comhrádh eatortha féin go sultmhar. Bhí áit fá leith
’san chábán mar a raibh an tIarla le codladh, is anois b’éigin dóibh a
shamhail a dhéanamh don óglách, agus is fonnmhar tapa do thugadar fé is
ba gheárr an mhaill ortha é do chríochnughadh is do shlachtughadh.
Taréis a chuid chomhráidh le Cormac do tháinig árd-mheanma i
sean-chroidhe dhúr an Iarla. Ba gheall le hóglách é féin an oidhche sin.
Níor fhan gruaim ná duairceas na haoise ann. Do sgaip an dubhcheó ó n-a
chroidhe is bhí a ghnúis dá chrion-feóighte é ag léir-thaithneamh le
sult is le lán-sgléip. Do bheannuigh sé do gach n-aon dá champánachaibh
fá leith. Is b’árd é guth an tsluaigh sin ag fáiltiughadh roimhe. Do bhí
ar fad ’san ghasradh soin ceathrar is fiche. Do bhíodar ar feadh an lae
soin go dícheallach ag soláthar bó is neithe eile bhí riachtanach dóibh
agus ag dian-fhaire ar an námhaid ’na theannta soin. Acht anois fá
chomairce dhubh-sgamaill na hoidhche do bhíodar go neamh-eaglach ag
caitheamh aimsire dóibh féin is ag léigean a sgís díobh. Do bhíodar go
léir nach mór i mbláth ná hóige. Do bhí taithighe ar anró is ar sgíos
aca. Do bhíodar tuitighthe ar fad as muingín, agus--mar a ndeinid a
leithéidí riamh--do bhíodar ag iarraidh a n-anacradh do cheilt fá shult
ghlórach.
An oidhche seo bhí meidhir neamh-chuibheasach ortha, mar do roinn an
tIarla ádhbhar leanna eatortha. Do shéid an leann fútha, do las sé na
féitheacha aca, is do sgaip sé an ghruaim as a gcroidhthibh le na
lán-thuile. Dá réir sin d’fhanadar ’na suidhe go cionn tamaill mhaith
do’n oidhche. Bhíodar cainnteach is meidhireach is bh’iomdha sgéal
ghrinn d’aithriseadh eatortha. Ba bheag an taithighe do bhí ag Cormac ar
an leitéid sin do chuideacht, is ar dtúis do thug sé fá deara go
haireach gach a ndearna siad, is ní gan fuath ’na chroidhe dóibh. Acht i
gcionn tamaill do bhí sé ag teitheadh leó, cé nach mór do labhair sé.
Bhí amhráin bruighin is grádh ag dul timcheall is ’nuair do glaodhadh ar
Chormac ba mhall aimhleisgeamhail é chum freagartha. Fá dheireadh,
taréis moráin tathaint ó’n Iarla, dubhairt sé go raibh dán beag aige do
mhúsgail sé féin, is gur chóir dóibh a leath-sgéal a ghabháil dá thaobh
óir do bhí árd-mhuingín aige go saorfaidhe a thír ’nuair a cumadh an dán
so. Taréis an méid sin a rádh ’na leath-sgéal do chan sé mar leanas:--