RADHARC AR CHILL ÁIRNE.

Do shuidheas ar shliabh, fó ghrian ro-ghléineach,

Bhí lóithne giar aniar ag séideadh,

An fraoch bhí úr ó dhrúcht na spéire,

Do líon go dlúth gach cuas dá bhraonaibh;

I gcian im’ chluais bhí fuaim gan faoiseamh;

Ó sgata uan go buan ag béicigh,

Ó shluaightibh bán-mhionnán ag pléireacht

Ar feadh mo radhairc i n-adharc a chéile;

Bhí glór ba bhinn lem’ chroidhe ag éanaibh,

Do bhainfeadh a sgíos do’n inntinn chéasda.

Guth na bfiadh go dian ag léir-sgread,

Is céad macalla dá bhfreagairt gan aon tsost.

Do chuala i n’fhochair sin fothram céad sruth

Gá stealladh go tuínn tar dhruim gach sléibhe,

Go neartmhar phreab gach eas i n-éinfheacht,

Ag sgaipeadh fras i bhfad ’s ag spréachadh;

Chím im’ thimcheall míle maol-chnoc,

Ag sáthadh a gceann go teann ’san spéir ghlain;

I gcian uaim thíos bhí coillte aerigh,

Stothadh ar a gcinn síorraidhe le gaothaibh;

A gcroinn ’s a gcochaill ag cogar le chéile,

A nduilleabhar borb gan fochall i n-aonchor.

Do leath mo shúil anonn tar Léan-loch

Do bhí neamh-chiúin i gclúid an tsléibhe,

A thonna ar mire go crithneach ag taosgadh,

Mar a bheith coire ar theinidh ag sgéitheadh amach,

Ag fiuchadh ’s ag bruighin ag rinnceadh is léimrigh

Ar bhruach gach inse míne géar-ghlais’.

Do luigh ’na bhrollach neamh-shocair go néamhrach,

Mar chodlóchadh leinbh go miochair fó éadach;

Ba mhinic na ndáil tig sgáil na néalta,

Ag fás ’s ag feachadh ’s ag sgaipeadh gan traochadh.

Ba gheal le solas an mothar ar thaobh Thuirc

Ar chaisleán Rosa bhí lonnradh na gréine,

Do las an talamh le taitneamh gan éislinn;

Ní raibh ceó ná brón ar aon rud,

Ó Mhuc-ros úr go Com na gcraobh gcas.

Do gheit do rith an chith ó néalaibh,

Bhí fothram tóirneach foirneart éachtach,

Do chrith an talamh, do lasadar spéartha,

Do rith an lasair thré shleasabh na sléibhte,

Do thuit an fhearthainn ’na freasaibh ar Léan-loch,

Do luigheadar sgamaill ’na srathaibh ar thaobh Tuirc,

Do cheil i bpian an ghrian a héadan,

Bhí coimheasgar catha le hanaithe ag éanaibh,

Do leath an ceó dubhrónach daol-dubh

Ar tuinn ar talamh ’s ar leacain na maol-chnoc.

Do bhíodhgas suas óm’ shuan gan faoiseamh

Le doilbh-chroidhe brúighte, múchta i ndéaraibh;

A bhfeaca im’ shuan ba thuar ar Éirinn

Is ar a milleadh ’sa sgriosadh le faolchoin.

Tar éis coicthighise tháinig sé chuige féin, is ar dul i bhfeabhas dó

tháinig cainnt is greann chuige. Bhíodh muinntear an tighe ag aithris dó

éachta an chogaidh, is an t-éirleach do rinneadh le neart faobhair is

teineadh ar thighthibh is ar ghortaibh arbhair. D’éist sé go fonnmhar

leis na sgéalaibh sin. Ar dtúis d’fhair sé air féin, thug sé iarracht ar

bheith deiscréideach ar eagla go ndéarfadh sé aon ní do sgéithfeadh air,

mar ní fheadair sé fós go cinnte ciaca taobh lér bhain muinntear an

tighe sin. Acht nuair aithristí dhó bruighne, coimheasgair, tóir,

réabadh, briseadh, gníomhartha faobhair is feill, do thagadh

baill-chrith neamh chuibheasach air, i gcás gur dhóigh leat go raibh sé

i lár an chogaidh is muinntear na Bainríoghna ’na dtreasaibh ós a

chomhair i ngiorracht iarrachta dhó. Tar éis foillsighthe mar sin dó an

taoibhe do thógfadh sé ’san gcogadh ní raibh amhras feasda ag muinntir

an tighe air, is cheapadar ó shoin amach gan sgáth a bheith roimhe aca,

acht fá mar a bhaineadh sé le n-a gcomplacht féin.

Do stiúruigheadh isteach ’na ’sheomra, lá, fear aosda, duine

muinnteardha d’fhear an tighe adubhradh leis, lér bh’áil é d’fheicsint

is caidreamh do bheith aige air. Do sheas sé go hárd. Níor mhórán do lúb

na bliadhanta é; bhí a chuid féasóige liath go leór, is bathas a chinn

nochtuighthe ar fad. Bhí ughdarthás is mandacht ’na ghnúis. Níor bhain

aois ná buaidhirt ná anró a lán-sholas lonnrach dá ríogh-rosgaibh. Do

lasadar tré ghruadhnaibh fuirighthe, feóidhte, liath, mar réilteanna tré

sgamallaibh na hoidhche. Bhí a chuid éadaigh go neamh-fhuinte,

neamh-fháisgighthe air; is ní raibh comhartha lasmuigh ar a mbrathfaidhe

go raibh caidreamh aige ar threasaibh na n-arm. Ba bhlasda, binn,

milis-bhriathrach a úrlabhra.

Do bheannuigh sé go céileamhail do’n óglách; do shuidh go muinnteardha

le n-a ais, is do luigh sé ar sheanchaidheacht leis go lán-chneasda. Ar

dtúis do thrácht sé ar an dtír i gcoitcheann, is ’na dhiaidh sin do

tharraingeadar chuca dála an chogaidh. D’innis an seanduine sgéal an

choimheasgair do bhí go déidheanach ann leis an oiread soin feidhme gur

las súile an ógánaigh le díoghrais, is go ndubhairt: “Agus an bhfeacais

féin na bearta soin?” “Do chonnac, go deimhin,” ar an seanduine. “Agus

cionnus d’fhéadfá iad d’fheicsint gan bheith i dtreasaibh na n-arm tú

féin?” “Acht bhíos féin ann.” “Ní dóigh go raibh fear chomh haosda

leat-sa i ndálaibh bruighne.” “Is iomdha bliadhain damh-sa anois ag

deargadh mo lámh i mbruighin.”

Do rinne dian-mhachtnamh chomh géar-chúiseach soin Cormac ná raibh a

thuilleadh uaidh agus is tapa d’fhiosruigh: “An tu Iarla na

Deas-mhumhan?” Gan moill d’fhreagair an seanduine, “Is mé an tIarla.”

Ba dheacair le foillsiughadh na smuainte do rith tré mheabhair an

óglaigh ar chloisint an t-admhughadh soin dó. Do bhí anois ós a chomhair

an té le n-a raibh súil aige chum ceasnaimh a dhúthchais do réidhteach.

Do bhí os a chomhair polla do’n phríomh-fhuil ó’n nGréig, fear calma

cródha, fear do rug ar a chuid airm go neartmhar fad do bhí na

bliadhanta ag fuaradh a chuid fola, is do sheas i n-aghaidh a námhad i

gach muing is sliabh i g-Cúigeadh Mumhan, fear do lean do’n chogadh tar

éis chealgtha a bhráthar is a mhilleadh le beartaibh feill, fear nár

chlódhadh riamh fós is b’fhéidir ná clódhfaidhe. Is fuar

neamh-bhríoghmhar shamhluigheann na focail seo anois dá sgríobhadh. Acht

caidé mar ar theitheadar na smuainte chialluigheann siad croidhe

Chormaic an uair sin. Ba uair bhuaidhe é--uair bhuaidhe i measg

buaidheartha dá mbeith fios aige--acht uair bhuaidhe mar an gcéadna. An

grádh tíre is creidimh do rinne teampall dó féin ins an gcorp chríonna

chaithte onórach úd, b’fhéidir go gcuirfidhe fá chois é ar feadh

tamaill, acht ní fuláir dó éirghe.

Is deimhin nár aithin Chormac an tan soin an treó bhí ar an

tsean-ghaisgidheach soin, acht thuig sé mar thuigfeadh fáidh cúis na

tíre ar fad. Mar caidé an bhrígh saoghal nó dó i mbeathaidh tíre?

Gheóbhaidh an curadh soin bás agus curadh eile ’na dhiaidh, acht luath

nó mall éireóchaid meanma na ndaoine chum neamh-spleádhachais is chum

saoirse. D’aithriseadh do Chormac go minic cheana conntabhairt is

cródhacht an Iarla agus an rath do lean é i gcoimheasgair; acht anois ba

mhian leis tuilleadh eólais d’fhagháil ó n-a bhéal féin; is dá réir sin

d’fhiafruigh de go cneasda caidé an sgéal ag a bhuidhin é? an rabhadar

cruinnighthe le chéile aige? an raibh an námhaid i ngiorracht dó? an

raibh coinne aige le congnamh ó’n Spáinn? ar dhóigh leis go mbuaidhfeadh

sé fa dheireadh? Do chuir sé na ceisteanna so leis an oiread soin

dúthrachta go raibh iongnadh ar an Iarla. Ar dtúis thug sé iarracht ar

dhul uatha, is do labhair ar an mbruighin i gcoitcheann, acht níor

shásuigh sin an t-óglách. Do theasduigh uaidh eólas cinnte d’fhagháil ar

an dtreó ’na raibh a chuid airm is gárda. Do b’áil leis fios do bheith

aige an raibh aon súil ag an seanduine go saorfaidhe Éire ó dhubh-smacht

na n-eachtrann. Do ghéill fá dheireadh dá athchuirt an seanóir is

dubhairt:

“Má chaithfear an fhírinne do rádh admhuighim go bhfuil ar gcúis caillte

is go bhfuil ar dtír ag dul fá smacht is an-bhruid níos déine, níos

géire, ná raibh riamh i nImpireacht na Rómha. Atá éadáil mór tarraingthe

ar mo cheann-sa. Do thréig mo bhuidhean mé acht uathadh beag gan bhrígh.

Ní fada uaim-se an uaigh is ní’l aon’ne dom’ chinéal ullamh chum m’ionad

do thógbháil. Ní bhrathaim go bhfuil aon chongnamh le faghbháil tar

lear. Tá an Deas-mhumha go léir creachta millte. Ní’l fear as fiche ná

fuil curtha chum báis le gorta nó le faobhar, is ní’l brígh ná meanma

’n-a bhfuil beó aca. Ní árd-taoiseach sluaigh mise feasda acht méirleach

i n-aghaidh Bhainríoghna na Sagsan. Seanduine is eadh mé gan sluagh, gan

buidhin, gan muinntir, gan caisleán, gan tigh, gan treabh. Ní’l agam

chum mé do chosnamh ó náimhdibh acht Dia amháin, ⁊ an lámh dheas

chríonda fuirighthe fann so. Acht in gach cruadhtain i n-a bhfuilim is é

neartuigheann m’aigneadh go ndearnas mo dhícheall. Bhuaileas buille do

chúis Dé is mo thíre fad do bhí lúth im’ bhallaibh. Do rinneas ar

fhéadas chum síothcána do chongbháil acht ní síth do bhí ó na

Sagsanaibh. Ba mhian leó mo chuid talmhan is mo chaisleáin do

bhradughadh, is níor bh’fhulair dom dul ’n-a n-aghaidh, is dá

chríondacht mé tar éis glacadh claidhimh dam níor sguir sé riamh lem’

ghlaic is ní sgarfaidh fad a bheidh neart im’ ghéagaibh.”

Amhail adubhramar bhí inntleacht géarchúiseach ag Cormac. Do thuig sé

cúis le mire fáidhe. Is deimhin go raibh buaidhirt air i dtaobh an treó

bhí ar an Iarla, acht ag éisteacht dó leis an sgéal dona deacrach úd ó

bhéal an té ar ar luigh an toirmeasg go daingean, do samhaluigheadh dó

go raibh alt do sheanchus a thíre ag críochnughadh i ndonas is i

ndorchadas. B’áil leis machtnamh ar an chríochnughadh mhí-ádhbhrach

soin, b’áil leis machtnamh ar an seanóir onórach soin os a chomhair ag

teicheadh mar mhac tíre na coille ó n-a námhaid, is tré gach cruadhtan

is anacra ag seasamh go dána d’fhírinne ⁊ do shaoirse.

Ag machtnamh mar sin dó--ní raibh ann acht obair nóimeint--do tháinig

tocht cathuighthe ar a chroidhe, is tím-chrith neamh-ghnáthach ’na

bhallaibh i gcuma nár fhéad sé labhairt ar feadh tamaill. Is maith do

thuig an tIarla cad do bhí ’n-a aigneadh, ⁊ is fonnmhar do rinne sé ar

bh’fhéidir chum a thabhartha chuige féin. ’Nuair do bhí a thocht curtha

de ag an óglách, dubhairt an tIarla: “Caithfead-sa an áit seo d’fhágáil

tar éis tuitme na hoidhche. Tá buidhean do mhuinntir na Bainríoghna ar

mo lorg. Is dóigh liom go gcuardóchaid an teach so. Ní fuláir dom

imtheacht. Tá roinnt fear liom i bhfad as so. Raghad ag triall ortha, is

leanfad a gcomhairle. Beannacht leat, a pholla do’n fhíor-fhuil.”

Agá rádh soin dó bhí sé ar tí é phógadh, gur léim Cormac go luath-thapa

is i n-ionad léigin dó é do phógadh do chaith sé é féin ar an dtalamh ag

a chosaibh is d’athchuir air le tuilltibh deór nguirt é féin do thógáil

i n-éinfheacht leis. “Táim láidir neartmhar anois,” ar sé, “cabhróchad

leat ag dul trasna na sléibhte. Fanfad id’ fhochair, fairfead id’

fhochair, fulaingeóchad id’ fhochair, éagfad id’ fhochair.”

Do labhair sé na focail seo chomh dian, chomh dúthrachtach soin ná fuair

an tIarla ann féin é d’eiteach. Socruigheadh eatortha ar an láthair sin

go ngluaisfidís ar aon chum siubhail i dtosach na hoidhche trasna na

sléibhte chum muinntire an Iarla.

------------------------------------------------------------------------

AN NAOMHADH hALT.

Cormac Ua Conaill · 第 12 / 27 题