Ba chiúin chumhra an mhaidean í--mar is gnáth i ndiaidh anfaidh--i n-ar
ghluais an Caomhach agus Domhnall chum siubhail. D’airigheadar gur
theich an tIarla go Sliabh Mis, agus is é cheapadar dul ag triall air is
dá mb’fhéidir congnamh éigin do thabhairt dó. Bhí a slighe i dtosach tré
réidhibh sléibhe, is tré ruadhtaibh úra, boga; acht i gceann tamaill
d’imthigheadar le fánaidh tré thalamh saidhbhir ’na raibh an féar
rinn-árd, is gan duine chum a ghearrtha, ná bó ná capall chum a
chraptha. Mór-dtimcheall bhí an fraoch loisgthe is na tighthe briste
isteach is comharthaidhe áir is ghorta i gach aon bhall. Do thángadar go
mbaile beag bhí go taisgithe i gclúid fá ghualainn sléibhe, acht ní
raibh do dhaoinibh le feicsint lasmuigh acht fíor-bheagán, is ortha soin
bhí drioch chomh dubhach, chomh doilbh sin gur dhóigh leat ná raibh
focal ’na bpluic. Uatha soin d’airigh an bheirt go raibh an sgéal go
dona tar barr ag an Iarla, gur thréig a cháirde é, is go raibh a
bhuidhean go léir nach mór sgaipthe, gur bh’éigin dó dul i bhfolach, is
nár bh’fhios cá raibh sé an tan soin. Dubhradh leó i n-’fhochair sin go
raibh mór-chuid airgid tarraingthe ar a cheann, nár bh’fhéidir leis
leanmhaint do’n chogadh feasda, is go raibh muinntir na Bainríoghna ag
déanamh a gcroidhe-dhíchill chum greim do bhreith air beó nó marbh.
Níor bh’ionann an chuma inar thógadar araon an sgéal so. Do’n Chaomhach
ba gheall le fógairt bháis é. Níor fhan preab misnighe na chroidhe. Bhí
deireadh leis an muinighin sin as cúis a dhúthchais do mhúin Cormac dó.
Do chuimhnigh sé láithreach ar Chormac, ar a fhéachaint fhearamhail i
gcló leinbh, ar a dhian-mhachtnamh, ar a sholas-aigneadh--ar gach ar
smuainigh sé, gach ar cheap sé--feasda gan tapa, gan bhrígh; ar Chormac
anois go tréith le héagcruas, is slabhra na daoirse níos daingne ag
brughadh is ag milleadh a dhúthchais dílis. Och! dá mbeith fios anois
aige an treó bhí ar an Iarla bhocht, caidé mar a thuitfeadh sé i mbrón,
cad iad na spioraid do thiocfadh air, cad iad na hosnaidhe do bainfidhe
ó chroidhe as!
Dála Dhomhnaill níor bh’iad soin na smuainte do rith ’na aigneadh ar
chloisint an sgéil sin dó. Is deimhin go raibh súil aige go mbuaidhfeadh
cúis an Iarla fá dheireadh. B’fhada ag teicheadh ó’n dligheadh é, is dá
mbuaidhfeadh an tIarla ní bhéadh baoghal air. Acht anois ó chuaidh an lá
ar an Iarla ní raibh díon na tearmann aige roimh mhuinntir na
Bainríoghna. ’Na theannta soin, do cruadhadh a chroidhe leis an fhuil do
dhoirt sé i meadhón oidhche fhuar, dhorcha, le hais na srotha uaignighe
úd i gConndae Chorcaigh. Ní raibh anois aon leisge air roimh
ghniomharthaibh fola, is dá mbeith féin do chneasóchaidhe a chogubhas
leis an airgead do bhí gealltha don té mharbhóchadh an tIarla, is níor
bh’fhada an mhoill air ceapadh in a aigneadh ionad comhnaidhthe an Iarla
d’fhagháil amach, is, dá mb’fhéidir, an ceann do bhaint de, is an
mhór-chuid airgid sin do thuilleamh. Ar an ádhbhar soin d’oir sé dhó
chomh maith is d’oir sé do’n Chaomhach fios do bheith aige ar áit
fholuighthe an Iarla is dá mb’fhéidir bheith ’na rún.
Do bhí an Caomhach géar-chúiseach go leór is bhí eólas maith aige ar
cúrsaidhibh an tsaoghail, is cé nár aithin sé go cinnte na smuainte bhí
i n-aigneadh an fhir eile, do mhothuigh sé go raibh rud éigin ag déanamh
buaidheartha dhó. Ó chomharthaibh beaga ná haireóchadh duine eile do
bhrath sé go raibh rud éigin neamh-fhoghanta ar bun aige. Dála
Dhomhnaill do bheartuigh sé gur léigh an Caomhach a mheón mar do léaghfá
paipéar; agus is mar soin, gan iontaoibh aca as a chéile, do
ghluaiseadar ortha. Níor bh’iongnadh gur theip a gcuid comhráidh ortha.
Do thangadar i ndeireadh an tráthnóna soin go tigh ósda is do chuadhadar
isteach i gcomhair na hoidhche, mar ní raibh anois eagla ortha roimh na
daoinibh. Do shuidheadhar le hais na teineadh mar ba ghnáth do lucht
siubhail; bhí a lán eile do dheóraidhthibh ann rómpa is do shuidheadar
’na measg.
Ní raibh focal as an athach; do thuit a chion do’n chainnt chum an
Chaomhaigh; acht níor bhríoghmar ná aibigh do labhair, mar ba ghnáth
leis. Bhí trácht eatortha ar an gcogadh do bhí anois geall le bheith
críochnuighthe, is ar ráfla éigin d’airigheadh go déidheanach--go raibh
na Spáinnigh ag teacht go cuantaibh an Daingin chum cabharuighthe leis
an Iarla. Do labhair duine éigin ar ionad foluighthe an Iarla. “Ó
mhaise, go gcabhruighidh Dia leis,” ar fear smutach teann ’san gcúinne,
“cibé ball i n-a bhfuil sé. Ní bhéarthar go deó air, sin é mo thuairim.
Táim deimhneach ná fuil fear ’san Mhumhain indiu do chealgfadh i
lámhaibh a námhad é dá bhfaghadh sé na mílte púnt ar an mbeirt soin.
Cionnos d’fhéadfadh aon’ne cuimhne ar an gcuradh aosda onórach soin do
leagadh ar lár? Táim cinnte, dá mbeith fhios agam go raibh aon’ne chomh
holc san ’san dúthaigh seo, go mallachtóchainn an phréamh as ar fhásamar
go léir.” “Maith an buachaill,” ar fear caol dubh do shuidh ar an dtaobh
thall do’n teinidh, “caidí an chainnt sin ort mar sin? Ná hinnis damh-sa
é. Tá aithne mhaith agam-sa ort, a mhic mo chroidhe. Ní chealgfá-sa an
tIarla, ní dhéanfá leis, a ropaire bhitheamhnaigh, ní dhéanfá! Tá a
fhios agam. Do dhéanfá mhaise! Táim cinnte go ndíolfá an tIarla i
mbárach ar luach na dighe!” “Do dhíolfainn? an ndíolfainn, mhaise? Cá’
bhfhios duit-se sin? Thugais do dhearg-éitheach; ní ceart ná cóir duit a
léithéid sin d’ asmhuchán do chasadh liom.” “Is dóigh liom gur cirte
dhuit éisteacht is a shár-fhios atá againn go léir cad do dhéanfá ar
airgead.” “Tá a fhios agaibh, an bhfuil fhios?” ar an fear eile, dá
bhualadh le buille dá dhorn do leag siar ar an urlár é, is do chuir a
shrón ag tabhairt fola i gcaisibh.
As an ghníomh soin d’éirigh gleó eatortha i gcoitcheann, gach duine ag
cabhrughadh le n-a mhuinntir féin. Dála an Chaomhaigh níor chabhruigh sé
le haon taobh, acht ag iarraidh síothchána do dhéanamh eatortha. Acht
níor mar soin do’n athach, do luigh sé ar bhriseadh is ar bhualadh is ar
réabhadh mór-dtimcheall, is ag cabhrughadh gan sgáth leis an bhfear
teann do bhuail an chéad bhuille, is ag ná raibh acht beagán chum a
chosanta. Acht bhuaidh neart is lúth an athaigh ar a raibh ’na aghaidh;
is ’nuair bhíodar go léir smachtuighthe aige rinneadh síothcháin
eatortha is ní gan fuil do bheith dortuighthe is cnámha leóinte, ar gach
taobh.
Chuir gníomhartha an athaigh an oidhche sin buaidheart mhór ar a
chompánach. B’fhollus gur namhaid do’n Iarla do chosnaimh sé, is b’olc
an comhartha air é; acht d’fhan sé go ciúin is do léig sé a chuid
amhrais brughadh ar a chroidhe féin.
Níor chosg an bhruighean a gcuid muinntearais ar fad is tar éis
síothcháin do dhéanamh luigheadar ar chainnt arís i gcuma gur dhóigh
leat ná raibh focal eatortha riamh.
Bhí a lán do’n oidhche caithte ’nuair do thaisbeáin an fear ósda an
suainlios dóibh. Do bhí seomra beag chum codalta ag gach duine. ’Nuair
do taisbeáineadh a sheómra do Mhac Uí Chaoimh do bheartuigh sé go raibh
an t-athach ag géar-infhiúchadh a ionaid suain is na háiteanna bhí le
n’ais, acht níor léig sé air go bhfacaidh sé é, is do sgaradar go ciúin
is go cneasda le chéile i gcomhair na hoidhche. Acht d’aithin Mac Uí
Chaoimh ná raibh áit chodalta do na deóraidhthibh ar fad is gur bh’éigin
do chuid aca suidhe cois na teineadh go maidin. Ar an ádhbhar soin tar
éis tamaill, cad do rinne sé acht sleamhnughadh amach as a sheomra féin,
is a rádh le duine dhíobh so bhí ag fanmhaint suas go mb’fheárr leis
féin i bhfad suidhe cois na teineadh is go bhféadfadh seisean codladh
’na sheómra ’na ionad. D’aontuigh an fear eile go háthasach, agus is
ciúin socair do rinne sé an seomra amach, is ó bhí tuirse ó’n mbruighin
air is sámh an codladh do thuit ’na throm-néalaibh air gan maill.
Do luigh Domhnall Dubh ar a leabaidh, acht ní chum codalta é. Do
mhachtnaimh is do chuimhnigh sé ar chéad ní do bhain leis an rud ba
mheasa leis--cionnos do mharbhóchadh sé nó bhéarfadh sé ’na bheathaidh
ar an Iarla? Níor bh’fuirisde an gníomh soin ar aon slighidh, acht anois
bhí contabhairt roimhe nár mheabhruigh sé go dtí seo. Do bhrath sé go
raibh droch-amhras cheana ag Mac Uí Chaoimh air, ⁊ tar éis beart na
hoidhche seo b’follus gur léig sé a mheón. Dá n-éireochadh an Caomhach
as a leabaidh ar maidin do ghnáth ní fheadair sé ná go n-iompóchadh sé
air is mharbhóchadh sé é, nó go gcuirfeadh suas duine éigin eile chum a
dhéanta. An n-éireóchadh sé ar maidin? Ba chontabharthach an gnó é, bhí
an oiread soin daoine ’na thimcheall is do thuit sé amach leis an oiread
soin an oidhche sin. Acht caithfear tabhairt fá’n obair sin. Do sheas an
Caomhach ’na shlighidh; ba dubh-sgamall ar a sholas é; ba nimh a
bheathadh é; caithfear cos do luighe air; dá n-imtheochadh sé slán as an
dtigh sin is dá sroichfeadh sé ionad foluighthe an Iarla bhéadh deireadh
le n-a ghnó. ’Na theannta soin do theastuigh airgead uaidh is do
chonnaic sé an oidhche sin mórán airgid ag an gCaomhach ’nuair a ghlan
sé leis an bhfear ósda. Níor bh’fhéidir dó a chomhairle a chur chum cinn
gan airgead is caithfear airgead do sholáthar.
Ag dian-mhachtnamh mar soin dó, bhris amach a raibh fiadhain
neamh-thruaighmhéileach i n-a aigneadh, is níor bh’fhada go raibh sé
ceapuighthe aige an gníomh do dhéanamh. Do rug sé ar an sgian do bhí
taisgthe i bhfolach ’na chuid éadaigh is lér dhoirt sé reachtaidhe fola
go minic cheana i meadhón dubh dorcha na hoidhche le hais na srotha úd,
mar nár bh’annamh do bhain sé a námhaid dá threóir. Bhí an sgian úd
géar-fhaobhrach is lán-ullamh chum léirsgrios do dhéanamh. Ní tháinig
léic ’na mheanmain ’nuair a thug sé fobha léi mar a bheadh sé ag sáthadh
an Chaoimigh. Bhí ciúineas mór-dtimcheall; ní raibh splannc solais ar
fuaid an tighe, do shleamhnuigh sé go socair ’san dubh-dhorchadas go
dtáinig sé chum an tseomra bhí uaidh. Ní raibh baoghal dul amugha air,
mar is cruinn do thug sé fá deara an doras is a raibh le n-’ais an
oidhche sin. ’Nuair fuair sé amach an doras d’éist sé ar feadh tamaill
gur airigh sé an té bhí istigh ag dian-shranntarnaigh. D’osgail sé an
doras go ciúin is do chuaidh láithreach baill go dtí an leabaidh inar
airigh sé an tsranntarnach; is le n-a thréan-neart, le fuinneamh, le
dásacht, do sháthuigh sé an sgian tré chroidhe an té bhí ann, chomh tapa
soin ná raibh uain aige músgailt, ná gearán ná ulfairt do chur as. Tar
éis a sháithte do chorruigh fear na leapadh. Do thug sé cnead múchta
truaighmhéileach is do chiúinigh a ghlór go deó.
D’ fhan an t-athach nóimeant nó dhó ’na dhiaidh sin ag taobh na leapan
ag machtnamh leis féin. Do bheartuigh sé gur bh’fheárr an sgian
fhuilmhear ghráineamhail sin d’fhágbháil ’san leabaidh ’na dhiaidh ar
eagla go mbéadh sí mar fhiadhnaise ’na choinnibh lá éigin. Ann soin do
chuarduigh sé éadach an mhairbh chum a chuid airgid d’fhagháil, acht, má
chuarduigh, sin a raibh dhá bharr aige. Ní raibh réal ’na sparán. Is
iomdha easgaine trom do leag sé ar cheann an mhairbh ’nuair a fuair sé a
phóca folamh. ’Nuair bhí sé sásda go raibh sé marbh is ná raibh aon ní
le fagháil dá bharr aige, d’fhill sé tar n-ais ag dúnadh an dorais ’na
dhiaidh go haireach, is bhí láithreach ’na sheomra féin.
Do luigh sé ar an leabaidh, acht níor dhún súil leis. Cionnos
d’fhéadfadh codladh a theacht ar dhuine láithreach tar éis a leithéid
sin do sgrios do dhéanamh? Cionnos d’ fhéadfadh an inchinn do
mheabhruigh bás gan trócaire d’ fhear do bhí ’na chodladh socrughadh i
gcodladh sámh an oidhche chéadna? Ag luighe ann soin dó ’san dorchadas,
do shíl sé gur airigh sé an chnead bháis sin do thugh an marbh tar éis
na sgéine do dhul tríd. Bhí an chnead uaigneach úd ’na chluasaibh, is
níor fhéad sé teicheadh uaidh. Fear dortuighthe fola do b’eadh é; bhí a
chroidhe cruaidh, neamh-fhaitcheasach; acht níor bh’ionann an treó bhí
an oidhche sin air is roimhe seo. Bhí anois ’na thimcheall buidhean
d’fhuathaigh é, is cé go rabhadar ’na gcodladh an tan soin, ba ghearr go
mbéadh siad go ró-aibidh ag baint sásaimh dhe. Do mharbh sé a chompánach
is ba léir dó go mbéarfaidhe air chomh luath is d’ aireóchaidhe an
gníomh soin, is ní raibh caoi dul as aige. Bhí bás ar chroich i ndán dó.
Cad do dhéanfadh sé? Níor bh’ fhéidir teicheadh ’san oidhche, óir bhí na
dóirse fíor-iadhta is gan dul ar an eochair aige; is dá dtiubhradh sé
iarracht ar dhoras éigin do bhriseadh le cumas a lámh, do dhúiseóchadh
sé an teach ar fad.
Ar na hádhbharaibh sin, cé cráidhte bhí sé ’na aigneadh le feitheamh,
’sí comhairle do cheap sé fanamhaint ’na leabaidh go maidin, is chomh
luath is bhéadh aon’ne ag corraighe is doras éigin osgailte, dul amach
go ciúin is go socair is teicheadh. Ba chontabharthach an iarracht í,
acht ní raibh a mhalairt le déanamh aige. Bhí sé cinnte go gcreidfidhe
gur bh’é do mhairbh a chompánach, is ná béadh an oiread is amhras an
ghníomha soin ar aon eile. D’éaluigh se ó’n mbás go minic cheana,
b’fhéidir go n-éalóchadh arís. Do mhéadhuigh sé an chontabhairt ar gach
taobh ag luighe dhó gan suan gan suaimhneas ’na leabaidh.
Ag machtnamh mar sin dó is ag iarraidh na cruaidh-cheisteann do
bheartuigh se ’na chomhair do réidhteach, do chrith sé le hanaithe is
uamhain nuair d’osgladh an doras go socair, is tháinig duine éigin
isteach go mall is go ciúin is ar éigin ag tarraing na hanála. Do
shiubhail sé anonn go dtí an leaba. Dá mbeith an sgian áir úd anois ag
Domhnall, is dóigh go bpreabfadh sé i gcoinnibh na námhad mar do
preabadh ’na choinnibh féin cheana, acht ní raibh arm ar bith aige, bhí
a lámha dearg tar éis an dúnmharbhtha is ní fheadair sé ná go bhfuaradh
amach é is do chrith a chnámha le hanaithe an bháis, is do shéid
fuar-allas ó n-a bhallaibh go léir. Do labhair an té tháinig isteach go
cneasda is dubhairt: “A Dhomhnaill, an bhfuilir id’ chodladh?” Ní raibh
dar ndóigh. Do shíl sé gur aithin sé an guth úd is tháinig tuilleadh
anaithe air--b’é an guth céadna soin do chiúinigh sé uair do chlog ó
shoin go bráth--an guth ná féadfadh sé cloisint go deó arís acht amháin
i bhfíor-smuaineadh--is anois gan fíor-smuaineadh ar bith air. Níor
fhreagair sé--ní fhéadfadh sé freagra le huamhain. Do glaodhadh arís
air; is b’é an guth céadna do ghlaodhuigh is arís ar baill-chrith le
heagla níor fhéad sé freagra.
Dála an fhir eile bhí iong nadh air gur chodail fear na leapadh chomh
sámh soin. Is ó nár mhaith leis fothram do dhéanamh do las sé coinneal
bhí na láimh is d’ fhéach Domhnall ar ghnúis an té bheartuigh sé marbh
gan lúth, mar is é an Caomhach do bhí ann.
Tá innsint sgéil go leór ar an anaithe is ar na crithibh báis do
chuireann radharc spioraid ar dhuine, cé gur spiorad éigin do thiocfadh
ar theachdas neamh-dhíoghbhálach ó’n saoghal eile. Acht cia fheadfadh
trácht ar an gcrith-eagla, ar an uamhain do bhéadh ar dhuine do chífeadh
ós a chomhair gan mearbhall an fear do mhairbh sé féin uair do chlog ó
shoin beó, lán-aibigh, ag labhairt leis is ag glaodhach ar a ainm? Is
iomdha duine do bhain Domhnall dá threóir i meadhón dubh dhorcha na
hoidhche; acht níor fhill aon’ne dhíobh riamh chum sásaimh do bhaint de
ina thaobh soin. Níor fhan lúth ’na chnámhaibh le heagla. Do
chruaidheadar is do chrapadar a bhaill, do séideadh an fuar-allas ’na
thuile ó n-a chorp go léir. Do shuidh sé aniar ’san leabaidh is do bhéic
sé go fiadhain cráidhte, “Glan as mo radharc! Imthigh, a shíobhra! Ní’l
leigheas agam-sa ort--míle mío-chothrom ort! Imthigh! féach air--nach
dúr dána é! Imthigh, clúdúigh thu féin i gcré! cad tá uait annso?” Ag
sgreadadh mar sin dó tháinig sgeón ’na shuilíbh is fiadhantas
neamh-ghnáthac ’na ghnúis.
Dála an Chaomhaigh is amhlaidh tháinig sé chum labhartha le n-a
chompánach ar neithibh éigin do theasduigh uatha roimh imtheacht dóibh
ar maidin; is bhí iongnadh a chroidhe air i dtaobh a bhfacaidh sé; mar
níor thuig sé cúis an fhiadhantais sin do bhí ar Dhomhnall. Do rinne sé
a dhícheall chum a chiúinighthe, acht ní raibh maitheas ’na ghlór, is
amhlaidh bhí sé ag dul i n-olcas; is ó nár mhian leis an teach do
tharraing ’na thimcheall, do mhúch sé an choinneal is d’fhág an seómra
ag dúnadh an dorais ’na dhiaidh.
’Nuair bhi an Caomhach imthighthe, do bheartuigh Domhnall go raibh sé
saor anois ó’n spiorad do tháinig chum sgannraidh do chur air, is chuir
sin misneach éigin air, is cé ná raibh aon dul ar chodladh aige bhí
breis suaimhnis air. Do shín sé é féin arís ag unfairt ’s ag
dian-mhachtnamh. Dála an Chaomhaigh do shuidh sé lastíos cois na
teineadh ag smuaineadh ar éachtaibh na hoidhche sin. Agus is mar sin bhí
an bheirt chompánach ag faire tré íochtar mall na hoidhche is ag
feitheamh go neamh-shuaimhneasach le breacadh an lae.
------------------------------------------------------------------------
AN SEISEADH hALT.
AN tATHACH AR FÁN.
Do tháinig splannc beag solais fá dheireadh tré fhuinneóig an tseómra
bhuaidheartha soin, is do thuit go taitneamhach ar shúilibh aibighe an
mhillteóra mhí-adhbharaigh úd do bhí ag feitheamh leis go
croidhe-chráidhte. D’fhair sé le bualadh croidhe an solas ag gealadh. Dá
dhona an sgéal do bhí aige do chuir solas an lae misneach air, is i
gcionn tamaill d’éirigh sé is do chuir uime a chuid éadaigh, is chuaidh
sé amach is síos an staighre i léir-chrithibh eagla. Bhí deoraidhthe
eile ’na suidhe roimhe ag an teinidh is ag cainnt eatortha féin ar
dhálaibh na hoidhche.
’Nuair tháinig Domhnall ’na ngoire do bheannuigh sé dhóibh go cneasda,
acht ní raibh fonn ortha puinn a labhairt leis; bhí an oiread soin
smachta curtha aige orra gur bh’fheárr leó go mór bheith réidh leis ná
bheith ’na chuideachtain. Is mall socair do shiubhail sé go dtí an doras
gan léigean aon ní air; is neamh-iongantach do bhuail an doras amach is
dhún ’na dhiaidh é. Tar éis dul amach dhó, do shiubhail ar a shuaimhneas
ar feadh beagáin aimsire. Agus ’na dhiaidh sin, do bhrígh ná raibh
aon’ne ag féachaint air, bhí sé chomh moch soin, do luigh sé ar rith
chomh mear is d’fhéad sé.
Do rith sé le n-a léir-neart tré ghortaibh, tar chladhthachaibh is
féithibh. Do léim sé tar thoraibh is aibhnibh, d’fhorgaibh cnuic, is do
raid é féin mar thóirneach le fánaidh; do bhris sé tré choilltibh, ar
uairibh ag dul i n-achrann i dtoraibh, ar uairibh ag réabadh is ag
stracadh ó’n bpréimh is ag tarraing ’na dhiaidh géaga móra crann do
thárla ’na shlighidh. Do rith sé le hanaithe an té bheadh ag teicheadh ó
ghread-theinidh, le buile an té cheapfadh go raibh na mairbh ar a lorg
chomh maith leis ar raibh beó, le dásacht an té bhéadh claon chum
toirmisg is cíocrach chum tuilleadh fola do dhortadh. Do bhrath sé go
raibh fear ar tí beirthe air i bhfolach i gach tor bhí ’na shlighidh.
Bhí amhras aige go rabhadar na haodhairí eallaigh do bhí go
haimhleisgeamhail ag siubhal tré bhántaibh úr le drúcht na maidne, ag
tógáil comhairle ó chéile chum a thógtha. Ní raibh leóithne fionnfhuar
ag séideadh ar dhruim chnuic, ní raibh caol-shruth ag cuaird tré
mhongaibh go glórach éasgaidh, ní raibh éan ag cantain fá chlúid
duilleabhair, ní raibh búir ag boin ná fead i mbéal buanaidhe nár
labhair leis le guth an té do mhill sé, is nár nocht an léirsgrios do
rinne sé do’n domhan go léir.
Ar uairibh do stadadh sé. Ba dhóigh leis go n-airigheadh sé an guth
caoin cneasda úd do chiúinigh sé go deó. Ní raibh ann acht an ghaoth ag
cromadh na dtor chum talmhan. Do thiormuigheadh sé an lán-allus dá
leacain, is sgíordadh chum reatha arís gan sost, gan suaimhneas. Do bhí
sé anois i bhfad o’n áit i n-a ndearna sé an fheall-bheart, is b’éigin
dó é féin do chaitheamh ar an talamh le tuirse fá ghéagaibh crainn
giumhaise i lár coille. Níor chian gur thuit a chodladh air, is
fágfamuid annsoin é, óir is mithid dúinn filleadh chum an tighe i n-ar
rinneadh an dúnmharbhadh.
Bhí iongnadh ar an muinntir do shuidh le hais na teineadh nár fhill
Domhnall i dtráth, acht is gearr gur iompuigheadh a gcomhrádh ar
neithibh eile, is d’imthigh sé as a gcuimhne. Níor mar sin do’n Caomhach
do bhí ’na measg, is do bhí ag cainnt leó go cneasda. Do chuimhnigh sé
ar an mbuile bhí ar Dhomhnall ’san oidhche agus is buaidheartha bhí sé i
n-’aigneadh na thaobh, is do theasduigh uaidh go mór é d’fheicsint is
gach nídh chur i dtreó le haghaidh gluaiseachta dhóibh. Acht anois bhí a
lán do’n mhaidin caithte is gan tuairisg air.
Do friotháladh bord chum bídh is bhíodar na deóraidhthe ’na suidhe go
céileamhail grianmhar ag caitheamh lóin na maidne, ’nuair d’airigheadh
an sgread uaigneach, truaighmhéileach ar fuaid an tighe, “Milleadh!
Léir-sgrios! A Mhuire, cad é mar fheall-bheirt! Tá sé marbh, marbh gan
bhrígh, gan phreab! Dia linn, Dia linn!” Do thosnuigh an liúir chráidhte
sin ’san suan-lios is do leath sé ó sheomra go seomra, ag dul i neart is
i mbrónaighe. “Tá fear treasgartha, marbh i ndiaidh millteóra éigin!”
B’shin é an sgéal do leath ó bhéal go béal. Níor fhan focal i mbéal na
ndeoraidhthe le hiongnadh is le huamhain. Chuir an sgéal soin an oiread
soin mearbhaill ortha nár iarr aon’ne cia hé do marbhadh ná ca’nad do
marbhadh é. Acht i gcionn tamaill b’fhollus gur i seomra Mhic Uí Chaoimh
do rinneadh an léir-sgrios, ⁊, fós, gur bh’é an fear do bhuail an chéad
bhuille an oidhche roimhe soin do marbhadh. Do thuit amhras na
feall-bheirte sin láithreach ar an gCaomhach, ní nár bh’iongnadh, óir ní
raibh caidreamh ag na daoinibh eile air. Ar órdughadh fir an tighe do
cuireadh go daingean i ngéibhinn é go bhfaghfaidhe tuilleadh eólais ar
an ghníomh soin; is níor labhair sé gíog ’na gcoinnibh acht fanmhaint go
socair fá ’na ghéimhealaibh. Ba mhian leó breith ar Dhomhnall leis is an
ceangal céadna do chur air, acht ní raibh Domhnall le fagháil.
B’é an céadfadh coitcheann eatortha gur cheapadar ar aon an dúnmharbhadh
is gur ar an ádhbhar soin do thug an Caomhach a sheómra féin do’n bhfear
do milleadh i gcomhair na hoidhche. Agus, fós, adubhairt duine aca gur
airigh sé féin an Caomhach ag dul suas an staighre i lár na hoidhche is
ag osgailt dorais éigin, ní fheadair sé cia aca, ’san suan-lios. Do shíl
mórán go raibh sé daor ar an bhfiadhnaise sin. Acht an fear eile cá
raibh sé? Ba léir dóibh anois gur theich sé is dá mbeith fios ag an
gCaomhach go raibh an gníomh le déanamh no déanta, níor deallramhach go
bhfanfadh sé chomh socair sin ’san tigh is a chompánach ag rith leis
féin. ’Nuair bhí caoi aige air, d’innis an Caomhach ar aithin sé do
bheathaidh Dhomhnaill Duibh, is níor cheil go raibh droch-amhras aige
féin air le déidheanaighe, ná cionnos do chuaidh sé féin chum a sheomra
i lár na hoidhche is an buile bhí air. D’éisteadar go haireach le n-a
chomhrádh; do bhí deallramh ar a sgéal, is do rinn’ a chneasdacht is a
mhándacht a lán chum a shaoruighthe. Tar éis urlabhra an Chaomhaigh b’é
an céadfadh coitcheann eatortha gur bh’é Domhnall do rinne an gníomh.
Chreideadar go raibh sé chomh fiadhain, chomh dásachtach soin nár chóir
aon iontaoibh do bheith as, is nár bhfios cia mharbhóchadh sé dá
n-éireóchadh an buile dho. Níor leanadh Domhnall, mar is maith a bhí a
fhios aca ná raibh aon chaoi beirthe air, bhí na daoine chomh mór soin i
n-achrann i n-a chéile ins gach aon bhall. Do sgaoileadh géibheann an
Chaomhaigh is d’ fhan sé ’na bhfochair an oidhche sin, is ar maidin do
ghluais chum siubhail agus is é do chuir sé roimhe Domhnall do chosg ar
chealgadh an Iarla dá mb’fhéidir.
------------------------------------------------------------------------
AN SEACHTMHADH hALT.