AN TURAS.

Ar maidin lá’r n-a bhárach do luigheadar ortha a dtriúr go mall is go

seachnamhail tré ghleanntaibh na hAbhann Móire. Ar uairibh do

chongbhadar le chéile ar eagla roimh namhaid, is ar uairibh do sgaradar

ó chéile ar feadh tamaill ar eagla go dtabharfaidhe fá dheara iad. B’

éigin dóibh go minic bheith gan lón ar eagla dá solátharóchadh siad é go

mbéarthaidhe go hobann ortha; is b’éigin dóibh codladh ins na coilltibh

do thárla ’na slighidh. Is amhlaidh d’fhaireadh an bheirt aosda gach re

tamall do’n oidhche i gcuma go mbeadh codladh na hoidhche ar fad ag

Cormac.

Bhí an chríoch tré n-ar ghabhadar millte, sgriosta tar fóir. Bhí guirt

choirce is chruinneachta na gcosair easair, nó losguighthe gan bhrígh.

Bhí na tighthe ar lár, na dóirse is na taobháin briste, an díon

imthighthe leis an ngaoith; bhí na daoine bochta lér bhain na tighthe

seo ’na seicidiúraibh ag seasamh ar thaobh bhóthair is ag crith le

fuacht gan balcaisíbh gan bhiadh gan digh, nó bailighthe fá ghéagaibh na

gcrann, nó, fós, ag cuardach rud éigin bhainfeadh an t-ocras díobh tré

gharradhaibh loitighthe is tré mhóinfhéaraibh dubh-loisgthe. Ba

thruaighmhéileach an radharc na páistí beaga bochta tarlomnochta gan

lúth ’na mballaibh, gan sméide ’na ngnúisibh, gan uaim ghrinn ná cheóil

’na mbéalaibh, gan súgradh ar bhántaibh mar ba ghnáth, acht ’na

síománaigh fuirighthe fann ag bailiughadh na neanntóg nó ag suidhe cois

bhallaidhe fuar is gan fiú na coisidheachta aca.

Bhí an t-arbhar, áit nár loiteadh le teinidh é, ag aibiughadh is ag

breacadh go lán-mhear. I n-áiteannaibh bhí sé gearrtha is curtha i

bhfolach sul a bhfuaideóchadh muinntear an chogaidh é, is bhí fir ag

faire gach lá ar na mullachaibh mór-dtimcheall. D’fhaireadar na

gabháltaidhe a mbólacht ló is oidhche, is níor bheartuigh aon’ne gur

bh’fhiú uair do chloig a bheatha ná a mhaoin. Bhí na daoine ag fagháil

bháis go tiugh le hocras is le hanró is go minic ní raibh aon ne’ chum

iad d’ adhnacadh. Níor bh’annamh le feicsint ablacha leath-lobhtha ar

dhruim talmhan stollta as a chéile le gadharaibh. Níor bh’annamh le

feicsint páistí óga bailighthe timcheall na n-ablach sain dá n-ithe go

cíocrach is ag síor-bhruighean le chéile ’na dtaobh. Do leath an bás

agus an t-ocras daol-bhrat bróin ar spéir is ar thalamh. Ní raibh séis

na gotha daonna i dtigh ná gáir na n-éan i gcoill le cloisint lá

grianmhar foghmhair ar feadh mílte do’n tslighidh.

Tráthnóna áirithe do bhíodar ins an tír idir fhuinse na hAbhann Móire is

an tOileán. Do tháinig mór-shéideadh gaoithe is fearthainne ortha go

hobann do rinn’ oidhche do’n lá. Láithreach baill bhí na bóithre go léir

fá thuile is na sruthair mór-dtimcheall do bhí i ndísg nach mór ar

maidin anois ’na dtuiltibh móra ag cur a nglór i gcéin. Ar uairibh do

las an spéir le splanncaibh lonnracha, is ’na ndiaidh d’airighthí

fothram uathbhásach tóirnigh ag gluaiseacht, ag filleadh, is ag

aith-fhilleadh idir na sléibhtibh mar fhuaim chogaidh na n-athach. Bhí

an triúr anois fliuch isteach go dtí an croiceann, is a gcuid balcaisí

chomh trom soin le fliuchán gur dheacair dóibh siubhal; ’na fhochair sin

bhíodar lag-bhríoghach ó throsgadh an lae, is ba mhithid dóibh imshníomh

do dhéanamh ar fhuithin éigin d’fhagháil i gcomhair na hoidhche do bhí

anois ag tuitim go dubh-sgamallach ar mhuir is ar thalamh. Ag machtnamh

ar an chruaidh-cheist sin dóibh do chonnacadar os a gcomhair teach

gabháltaidhe ar árd le hais an bhóthair; bhí na ballaidhe gealta le

haol, is bhí díon cluthmhar seasgair air lasmuigh; acht ní mórán eile

bhí le feiscint ’na thimcheall do chuireadh fonn ar lucht siubhail dul

isteach chum a sgís do léigean díobh. Bhí ba is capaill i bhfearann le

hais an tighe ag baint sgáith na gcladhthach dá chéile mar chomairce ó’n

anfadh.

Do thógadar comhairle a chéile an rachaidís isteach ag iarraidh dín na

hoidhche. Agus is í comhairle do cheapadar, d’aon mheón amháin, dul fá

dhéin an tighe, gur bh’fheárr bheith i gcontabhairt bháis ó námhaid ná

fanmhaint go fuar, fliuch, fann, fá gharbh-shín na hoidhche. ’Nuair a

thángadar go dtí an doras, do fuaradar leath-osgailte é, is chuadhadar

isteach gan chuireadh, gan iarraidh. Bhíodar chomh fliuch, chomh fuar

soin, chomh teirce le lagachar is le hocras go dtiocfadh truagh dhóibh i

gcroidhe a námhad féin, dá chruaidh-chroidhighe neamh-thruaighmhéilighe

é. Acht cibé eagla bhí ortha roimh mhuinntir an tighe níor lean sé i

bhfad díobh. Do bhí fear d’aois timcheall an dá fhichead, is a bhean

mórán níos óige is ceathrar leanbh ’na suidhe le hais teineadh do las ós

a gcomhair go soillseach is go seasgair ar an teinnteán, gan bheann aca

ar an anfadh do bhí ag réabadh tor is ag tréan-luasgadh coillte

lasmuigh. D’éirigh fear an tighe is a bhean i n-éinfheacht is chuireadar

fáilte rómpa le hurraim is le cneas-dacht. Do labhair an Caomhach

láithreach is dubhairt gur deoraidhthe iad do bhí ag dul i gcéin is go

raibh sé do dhonas ortha garbh-anfadh do bhreith ortha ins an áit

fhiadhain neamh-dhíonmhair soin, is go mbeidís buidheach go deó dá

dtabharfaidís dóibh cead fanamhna fá dhíon an tighe go maidin. Do bhí sé

chum a thuilleadh d’aithris ’nuair chuir fear an tighe cosg air ag rádh

go raibh céad fáilte rómpa, is gan maill do rinneadh gach ar bh’fhéidir

chum cabhruighthe leó. Do luigh fear an tighe is a bhean ar bhreis

teineadh do chórughadh chum a gcuid éadaigh do thiormughadh. Níor

bh’fada gur shuidheadar na deóraidhthe chum bídh, do hullmhuigheadh le

deithineas, acht bhíodar, ’na dhiaidh sin, milis soghail, tar éis a

gcuid sgís is anró. Bhí Cormac chomh lag soin gur bh’éigin dó dul do

chodladh gan moill. D’fhan an bheirt eile go ceann i bhfad do’n oidhche

ag comhrádh le muinntir an tighe. Ba mhilis subháilceach a gcomhrádh le

chéile, acht níor tharraing aon’ne aca chuige cúrsa an chogaidh ná aon

rud eile ar a mbeith áiteamh nó dhá chéadfaidh. Fuair Chormac leabaidh i

seómra bheag i mbarr an tighe, is do chodail an bheirt eile i seómra fá

leith. Tar éis dul do chodladh don bheirt d’airigheadar muinntir an

tighe go gnóthach ag ullmhughadh bídh, dar leó, do dheoraidhthibh éigin

eile do tháinig chuca i lár na hoidhche.

Tar éis tamaill do chiúinigh an teach ar fad acht níor fhág soin an

Caomhach gan eagla go n-imtheóchadh rud éigin ar Chormac. Níor dhún súil

leis, cé gur sámh do chodail an t-athach le n’ais. Le neart a

neamh-shuaimhnis d’éirigh sé ’na shuidhe go socair, is d’éaluigh go

ciúin ’san dorchadas go doras an tseómra i n-a raibh Cormac. D’éist sé

ar feadh tamaill ag an doras is d’airigh go soilléir osnaidhe is gearán

an óglaigh. D’osgail sé an doras. Ní raibh splannc solais ’san tseómra.

Do tháinig crith-eagla air ag déanamh ar an leabaidh dó. Is geárr gur

lámhuigh sé duine éigin ag tabhairt iarracht ar fhear na leapadh do

thachtadh. Do sgread an t-óglách le pian. Do rug an Caomhach ar an té

bhí dhá thachtadh. Níor labhradar gíog le chéile acht dul i n-achrann i

n-a chéile i ndian-fhuirse. ’Nuair do thosnuigh Cormac ar sgreadadh do

bhog an rábaire dá ghreim, do strac sé é féin as lámhaibh an Chaomhaigh,

is amach an doras leis ’san dorchadas is níor fhill ó shoin. Ar maidin

ní raibh a thuairisg le fagháil. Do thuit Cormac i lagachar is d’imthigh

cuimhne na hoidhche sin ar fad as a mheabhair, is b’éigin do’n bheirt

eile gluaiseacht chum siubhail is é d’fhágáil ’na ndiaidh sínte ar

leabaidh i bhfiabhras, tinn te trioblóideach.

------------------------------------------------------------------------

AN CÚIGEADH hALT.

Cormac Ua Conaill · 第 8 / 27 题