Bhí a lán do’n lá caithte ’nuair do dhúisigh Domhnall Dubh as a shuan
fá’n gcrann. Do shuidh sé aniar, is bhí mearbhall air mar a bheith ar
fhear mheisge. Do chuimil sé a shúile is d’fhéach mor-dtimcheall. Ar
dtúis ní fhacaidh sé aon ní. An raibh an oidhche ann cheana? Nó cad do
leath an dubh-sgamall deataighe úd ar an spéir? D’fhéach sé arís is
chonnaic sé soillse ar gach taobh. D’airigh sé fothram amhail le gaoith
móir; do phreab sé ’na sheasamh, agus is amhlaidh bhí an choill mhór ina
raibh sé, ar feadh a radhairc, tré theinidh!
Bhí teine ar gach taobh de; bhí na crainn mhóra mór-dtimcheall ar
léir-lasadh, is a ngéaga dóighte, dubh-loisgthe ag síor-shileadh leó.
Bhí an tréin-teine úd ag rith le mire tré an bhfásach do bhí
cruinnighthe ar an dtalamh is tré dhrisleach do bhí chomh tirim le
smólaibh. Ba thruaighmhéileach é béic na mbeathaidheach n-allta dá
ngreadadh le lán-teas. Do ritheadar go fiadhain annso is annsúd ag troid
le n-a chéile nó dá radadh féin ar léir-bhuile i lár na lasrach.
B’uaigneach é sgread na n-éan ’nuair do dhruid an bhrothal leó, ag
eitill ar mearbhall tré néaltaibh deataighe nó dá loisgeadh féin tar
fóir i measg na ndearg-chraobh. D’éirigh lonnradh na lasrach go hárd
’san spéir. Bhí craobha solas-lagharacha ag tuitim ’na gceathaibh is dá
bhfuadach le gaoith, is dá sgaipeadh mór-dtimcheall. Ba chosmhail
fothram na lasrach le glór na hAbhann Móire fá dhearg-thuile.
Ar amharc lán a shúl don radharc soin, níor bh’iongnadh go dtáinig
gníomh na hoidhche aréir chum cuimhne Dhomhnaill, is gur chrith se le
fíor-anaithe. Do ghluais sé chum siubhail, ní fheadair sé cia an tslighe
fuair sé, tré fhásach dhearg-the, tré dhrisleach chas lán-achrannach, fá
chrannaibh loisgthe is ar lasadh. Do dóigheadh a chasóg ar a dhrom. Ar
uairibh do thuiteadh géag do chrann ar mhullach cinn air dá dhóghadh is
dá lán-bhasgadh. Do shéideadh cipíní dearga luath-ghríosach is smóil
fad-soillseach ’na aghaidh le garbh-ghaoith. Acht níor shos dó ’na
thaobh soin. Do luigh sé air gan seasamh, gan féachaint timcheall, gan
fiú na hanála do tharraing, go breóighte brúighte cneas-loisgthe, go
raibh sé glan as an gcoill.
Tar éis fágbháil na coille dhó, chaith sé é féin ar an dtalamh chum a
chuid sgís do léigean de. Bhí sé go lag-bhríoghach le hanró is le
hocras. Bhí sé leath-nochtuighthe, óir do loisgeadh a lán dá chuid
éadaigh ’san choill. ’Nuair d’éirigh sé ’na sheasamh arís is d’fhéach sé
timcheall do chonnaich sé sliabh árd as a chomhair--Sliabh Mis do b’eadh
é--ar dhearg-lasadh. Do rith an lasair mór-dtimcheall leacan an
tsléibhe, is ba thréan is ba lonnrach an bladhm d’éirigh suas ’san spéir
ag cur a ghlóir i gcéin mar ghlór fiadhain-thonn na mara fá anfadh
earraigh. Do ghabh sé an bóthar fá bhun an tsléibhe, is chonnaic sé na
daoine, óg is aosda, ag teicheadh leó féin is ag caoi-ghul go
hochlánach. D’fhágadar ’na ndiaidh a dtighthe, a gcuid arbhair, is a
raibh aca ’san tsaoghal, dubh-dhóighte, is bhíodar féin is lucht a
leanamhna gan biadh, gan fuithin, i gcomhair na hoidhche.
Níor bhog é croidhe Dhomhnaill, acht, dá chruadhacht é, chuir an radharc
soin gruaim air. Do shiubhail sé tamall eile do’n bhóthar is chuaidh sé
isteach i dtigh mhór fhairsing ag iarraidh ruda éigin le n-ithe. Do bhí
beirt nó triúr fear istigh ar leath-mheisge is óglach ’na bhfochair ag
tabhairt aire dhóibh. Bhíodar ’na suidhe timcheall chláir, is ag cantain
go súgach.
Níor b’iongnadh go raibh sgannradh ortha ar fheicsint an ídeadh bhí ar
Dhomhnall, a chuid éadaigh dóighte, is dath an ghuail ar a chneis. “Ní
mise do rinne é,” ar fear díobh. “Ní mise do dhóigh an choill,” ar fear
eile, is thugadar iarracht ar shleamhnughadh go dtí an doras; acht do
chongaibh Domhnall le n-a dhá gharbh-láimh go daingean iad. “Is cia hé,
mar sin,” ar Domhnall, “do rinne an lán-sgrios úd?” “An t-óglách soin do
rinne é,” ar fear eile. B’fhearr leis an óglách go sloigfeadh an talamh
é an uair sin. Acht ní raibh caoi éaluighthe aighe. Gan moill nóimeint
do dhruid an t-athach chum an dorais. Do dhún an doras; do raid sé uaidh
i gcoinnibh na mballaidhe an bheirt bhí greamuighthe ’na ghlacaibh, mar
do radfadh fóid móna. Do rug sé ar sgórnaigh ar an óglách is d’árduigh
sé ’san aer é, mar d’árdóchadh buachaill coileáinín, is do leag chum
talmhan é ar fhleasg a dhroma. ’Nuair tháinig sé chuige féin is cneasda
d’fhiafruigh sé do’n athach cad do rinne sé féin as an slighidh nó caidé
an chúis go dtug sé an ídeadh sin air. “A raispín!” ar Domhnall, “do
dhóighis an choill is ba dhóbair duit mise a dhóghadh i n-a fochair.”
“Tá cathughadh orm id’ thaobh-sa,” ar an t-óglach, “acht tá súil agam go
bhfuil an duine ceart dóighte ann.” “Cia hé an duine sin,” ar an
t-athach? “Ná fuil a fhios agat?” ar an t-óglách, “de nam do rinneas an
sgrios sin chum é a dhóghadh ’na bheathaidh nó é chluicheadh amach as an
gcoill tiugh dhaingean úd, áit i n-ar dheacair é a thógbháil.” “Acht cia
hé féin?” ar Domhnall arís. D’aithin an t-óglach ar fhéachaint an
athaigh cad a bhí uaidh, is dubhairt go neamh-eaglach, “An tIarla.” “Is
cia hé thusa go bhfuilir chomh dian soin ar an Iarla?” “Is fada mise ag
faire air féin is ar a mhuinntir; is fada anois ó chealgas dearbhráthair
do.” “An abrair gurab é thusa bhain Seaghán an Ghearaltaigh dá threóir?”
“Is mé gan amhras.” “Agus cionnos a rinnis é?”
“’Seadh,” ar Éamonn, ag baint searra as féin, “ní thig liom mé féin do
mholadh, acht is mar so do thuit an ní sin amach. Do bhíos-sa i
gCorcaigh is bhí aithne mhaith agam ar Sheaghán an Ghearaltaigh. Do bhí
sean-dhíthreabhach ró-dhiadha ró-chúramach, dár bh’ainm Tomás
Scrabhadhta ’na bhuan-chomhnaidhe i lúibín coille i n-aice le
príomh-áitreabh an Ghearaltaigh. Do chuireas ag faire an taoisigh é
d’fhonn é shaoradh, mar dheadh, ó amhasaibh na Bainríoghna. Ar
m’ordughadh-sa do thug Tomás sgéala chum Seagháin gur cóir dó dul ar
cuairt lá áirithe chum fir mhuinnteardha dhó bhí ’na chomhnaidhe le hais
Eóchaill, cois na hAbhann Móire. Lem’ ordughadh-sa, leis, an lá céadna
tháinig gasradh ó Chorcaigh lán-ullamh chum beirthe air. Do tháinig sé
is gan acht duine amháin ’na theannta, agus ’nuair fuair sé
ró-dhéidheanach gur mealladh é, do sheas sé go dána i gcoinnibh an
námhad. Do bhíos-sa féin le cois an tsluaigh. Do las mo chuid fola chum
gníomha do dhéanamh. Ní raibh uaim acht an Gearaltach do bhualadh ar
lár. Is lán-thapa do chuadhas fá n-a dhéin, is cruinn díreach
d’aimsigheas é le buille marbhthach, is do threasgair an dheas-lámh so
árd-taoiseach na nGearaltach.”
“Thugais do ghuais is do dhearg-éitheach, a fhollaire áir, ná
marbhóchadh cat,” ar fear do bhí ag éisteacht leis an óráid seo. “Níor
bhuailis buille acht teicheadh leat féin is dul i bhfolach chomh mear is
b’fhéidir leat é, ’nuair do bhí an Ghearaltach go lán-acfainneach ag
treasgairt námhad ar gach taobh de. Bhíos-sa féin ann. Is mise an
díthreabhach diadha úd agus is mise do bhí le cois an Ghearaltaigh an lá
úd. Acht, a ropaire na cnáibe, do mheallais sinn ar aon, is muna mbeith
gur theichis leat féin ní bheith neart do ghníomhradh mhaoidheamh anois
ionnat.” Leis sin do thug sé fobha fá Éamonn le lán-dásacht mar a
thabharfadh duine ar ghealtaigh, is muna mbeith gur chuir Domhnall cosg
ar an mbuille do threasgarfaidhe an t-óglách go talamh. Acht níor thaise
do Thomás; do thug sé iarracht fá Dhomhnall féin. Do rugadar ar a chéile
go cíocrach is do luigheadar ar stracadh a chéile le fraoch is feirg
nimhe, is Éamonn ag féachaint ortha go sultmhar. Níor bh’fhuirisde Tomás
do leagadh; bhí sé láidir, luath, agus ar buile chum sásaimh do bhaint
d’Éamonn is dá fhear chosnamha; acht ní raibh caoi aige dul ó Dhomhnall,
is treasgaradh chum talmhan fá dheireadh é.
Chomh luath is thuit Tomás do phreab Éamonn is do sáthaigh sé bior tré
lár a chroidhe. Bhí a chuid fola ag spréachadh ar fuaid an úrláir is ar
éadaigh an athaigh. Ba ghránna, uathbhásach é féachaint an athaigh, a
chuid balcaisí chomh dubh le gual ar sileadh leis, is an fhuil
chródhearg ’na linntreachaibh ar fad air. D’iompuigh an t-athach
láithreach ar Éamonn, is dubhairt, “Caidé an chúis gur mharbhais an fear
soin is nár fhágais fúm-sa é?” “An cladhaire bréagach,” ar Éamonn, “is
maith do thuill sé bheith treasgartha lem láimh-se. Is iomdha bréag do
chuir sé orm.” “Do chuir, dar ndóigh,” ar Domhnall, ag cur gáire doíghte
as. “Ní’l acht ar thuill sé faghálta aige, acht cá bhfuil an tIarla mar
so?” “Muna bhfuil sé loisgthe ’san choill, tá sé fá chomairce tighe
áirithe, áit ionar dhóbair damh-sa tamall ó shin cladhaire fleasgaighe
do baint dá threóir. Acht do-bhéarad iarracht faoi arís, is bíodh geall
ná héalóchaidh sé uaim chomh réidh sin.”
Cia’ca ’r thuig Domhnall nó nár thuig gur do Chormac do thagair sé, ba
mhian leis Éamonn do bhréagadh chum na hoibre do bhí ceapuighthe aige do
thabhairt chum cinn. Ar an ádhbhar soin do rinne sé muinnteardhas leis,
is do cheapadar ar aon cionnus do gheobhaidís an tIarla muna raibh sé
loisgthe cheana ’san choill.
------------------------------------------------------------------------
AN tOCHTMHADH hALT.
AN tIARLA.
D’fhágamar Cormac ar a leabaidh go tréith le fiabhras. Do rinneadar
muinntear an tighe gach ar bh’fhéidir leó chum a leighiste is a
thabhartha chum cinn. Do bhí eagcruas trom air, do ghoill fliuchán is
trosgadh an lae úd air, is go mór-mhór an t-anaithe do cuireadh air i
lár na hoidhche amhail adubhramar cé gur imthigh cuimhne an ghníomha
soin ar fad as a mheabhair. Ar feadh roinnt laethe do bhí spiriodaidhe
air, is bhí sé do ghnáth ag unfairt ’san leabaidh. Bhí a chomhrádh do
ghréis ar chúis a thíre, ar fheall na n-eachtrann, is ar mhilleadh na
Mumhan. Do labhair sé go minic ar an Iarla is ar na Gearaltachaibh i
gcoitcheann. D’éisteadar muinntear an tighe go haireach le gach ar chuir
sé mar sin tré chéile ’na mhearbhall, is b’fhollas dóibh go raibh sé go
sealbhuighthe ar thaobh na nGearaltach. Ba mhinic do rith a aigneadh ar
a athair is ar a mháthair, is ar bhreághthacht na háite i n-ar chaith sé
bliadhanta na hóige, is maidean áirighthe tar éis oidhche trioblóidighe
d’aithris sé d’fhear an tighe an aisling seo:--