AN TREAS ALT.

AN tATHACH.

Tar éis tamaill bhig na dhiaidh sin do chogair an bheirt ar an lochta le

chéile, agus is é rún do cheapadar fanmhaint mar a rabhadar gan

corraidhe go tuitim na hoidhche. Is cortha, cráidhte bhíodar ’nuair do

thosnuigh solas an lae ar sgaipeadh fá dheireadh, is do thuit dorchadas

ar an tseomra doilbh úd, i gcuma na féadfá do lámh shínte d’fheicsint.

Is socair d’éirigh an bheirt; chuireadar an dréimre mar a raibh sé, is

thángadar chum talmhan. Is tapa do dhruid an Caomhach go dtí an doras,

is aireach do sháthuigh sé a cheann amach ’is ró-mhear d’iompuigh sé ar

a sháil is dubhairt le Cormac: “lean mé.”

Do lean Cormac gan gíog agus is tapa bhíodar ar aon arís ag síor-rith

treasna na tíre. Do líon trom-sgamall dorchadais an spéir mór-dtimcheall

acht siúd chum siubhail iad le mire iongantach tré fhéar nglas, tré

choirce, tar chorrachaibh, tar ruaidhtibh, tar aibhnibh meara, láidre,

ina raibh uisge go slinneánaibh ortha, gan sos, gan leisge. Do

luigheadar ortha is gan fios aca cá raibh a n-aghaidh, acht go raibh an

Caomhach cinnte go rabhadar ag druidim ó’n gCathair. Fá dheireadh do

stadadar, agus is tnáithte teirce do chaitheadar iad féin ar an dtalamh.

Ann san d’athruigheadar le chéile a gcasóga i gcás ná h-aithneóchaidhe

iad is cheapadar gur mhithid dóibh imneamh do dhéanamh ar dhíon éigin

d’fhagháil go maidin.

Uime sin, i gcló bacach gan fuithin ó gharbh-shín na hoidhche do

bhuaileadar go cneasda doras botháin do thárla ’na slighidh i n-aice

srotha i measg árd-chrann ngéag-chluthar. Ar dtúis níor freagradh,

acht ar mbualadh arís is arís dóibh níos déine, d’airigheadh guth

uathbhásach leastigh adubhairt: “Cia hé sin? Tar isteach.” D’osgail an

Caomhach an doras, is ní gan faitchíos é, is isteach leó ar aon go

haimh-leisgeamhail.

I bhfíor-lár an tseomra dár osgail an doras soin, bhí fear ’na sheasamh

i n-a raibh aoirde iongantach. Ba dhubh é a aghaidh; bhí meagal fada

feasóige air; bhí a fhorraidhe bog torach is ba fhiadhain sgeóinteamhail

na súile do leath-fholaigheadh fútha. Bhí an teine ar an dteinteán nach

mór caithte is le n-a hais bean sgoth-aosda ag suidhe ag fuagháil.

D’iompuigh sí a ceann ’nuair a tháinig na deóraidh isteach is tar éis

iad d’infhiúchadh go géar, do lean sí dá hobair. “Cia hiad sibh-se, nó

cad tá uaibh?” ar an guth mar tóirneach do chuir sgannradh cheana orra.

“Is bacaigh bochta sinn-ne,” ar an Caomhach, “ar ar thuit an oidhche

gharbh so gan díon, gan fuithin, gan biadh, gan digh, ó chailleamar ar

slighe. Táimíd lag le hocras. I n-ainm Dé tabhair dúinn fuithin go

maidin, is beagán éigin le n-ithe.” “Táthaoi i n-aghaidh na

Bainríoghna,” ar an guth éachtach céadna. “Ní fhuilimíd ag déanamh

dadaimh ’na coinnibh,” ar an Caomhach. “Tá an chroch ró-mhaith dá

námhadaibh,” ar an ghuth, “is go gcríochnuighthear iad uile uirthi; acht

druididh chum na teineadh; a Cháit, faigh rud éigin le n-ithe.” Do

dírígheadh na focail seo chum na mná; is d’éirigh sí láithreach ’na

seasamh is chuaidh i seomra bheag fá leith. I gcionn tamaill do chas sí

le harán mine coirce, is beagán éisg, is do chuir ar bhord bheag i

láthair na mbacach le hais na teineadh, is annsoin do chuaidh sí ag

iarraidh bainne dhóibh.

Bhí an-dúil ag an mbeirt ’san mbiadh tar éis a gcuid anró is trosga. Do

sheas an t-athach i leathtaoibh ar feadh na haimsire is gan focal as,

acht mar a chuireadh ceist ortha, cad as iad, nó cad do b’ ainm dóibh,

nó mar soin. Ba léir dóibh nár chreid sé focal adubhradar, is tháinig

lán-fhaitchíos orra. Acht b’ éigin dóibh a gcuid faitchís do cheilt

chomh maith is b’ fhéidir leó. Bhí a lán do’n oidhche caithte nuair

adubhairt an t-athach leó go garbh-ghothach é féin do leanmhaint is

sháthuigh sé go tapa rómpa i seomra léir-dhorchá; is neamh-chneasda do

dheimhnigh sé dhóibh go raibh aon leabhaidh amháin annsoin ’na gcomhair,

is d’fhág slán aca, do dhún an doras ’na dhiaidh, is do chuir glas air

go daingean.

’Nuair d’airigh Mac Uí Caoimh fuaim na heochrach ag daingniughadh an

dorais do theip a mhisneach, is d’éirigh osnadh chum a bhéil, acht níor

ghéill sé dá chumha, is do choisg an bhrón-ghlothar ’na sgornaigh. Do

chuarduigheadar mór-dtimcheall ’san dorchadas; is ó bhí an seomra beag

níor deacair a raibh ann do sgrúdadh. Níor labhradar acht i gcogaraibh

ciúine. D’ airigheadar guth an athaigh ag tógáil comhairle, dar leó, ó

n-a mhnaoi--acht níor bh’fhéidir leó na focail do thuigsint. Bhrathadar,

amhach, gur ortha féin do bhí an choiste. Níor fhág an Caomhach poll ná

ball ’san tseomra gan cuardach go raibh sé cinnte ná raibh duine ’na

bheathaidh ann acht iad araon. Do bhuail sean-chomhra uime nár osgladh

le fada is nár útuigheadh is dócha riamh. Tar éis bheith a bhfad ag

útumáil níor theagmhuigh leis acht cirteacha ar chirteachaibh as bhí sé

ar tí léigean dó ’nuair do mhothuigh se rud éigin ag priocadh a mhéir is

do tharraing sé amach go socair gearr-chlaidheamh lán-fhaobhrach. Do

shín sé an claidheamh so ar an leabaidh fá’n éadach le hais na háite ina

raibh se le luighe. Ann soin do luigheadar ar aon ar an leabaidh i n-a

gcuid éadaigh. Ní chum codalta, amhach, cé go rabhadar tuirseach tnáite

tar éis an lae. Acht do choisg faitchíos iadhadh na súl ortha. Do luigh

an Caomhach ar an taobh amuigh is a chlaidheamh ullamh le n-a láimh. Do

shín Cormac é féin leastigh. Níor labhradh gíog eatortha.

Bhí an oidhche ag dul tarsa go mall, is fá dheireadh do chiúinigh an

chainnt ’san tseomra eile, is ní raibh fuaim le cloisint ar fuaid an

tighe. Acht ní raibh Mac Uí Chaoimh sásda i n-a aigneadh. B’ fhada uaidh

é. Bhí eólas maith aige ar rúnaibh carcar is ar chleasaibh

coimeádaidhthe; is ní raibh a dhroch-amhras gan fáth an tan soin.

Tar éis uair a chlog ’na luighe mar sin dóibh do tháinig néal beag

solais tré ionad na heochrach ’san doras. Níor cailleadh an comhartha

soin ar Mhac Uí Chaoimh is do ghlac sé a chlaidheam go dlúth na láimh.

Do gheit d’iompuigheadh an eochair, d’osgluigheadh an doras, is

láithreach bhí an t-athach ’san tseomra. Bhí solas is slabhradh iarainn

i láimh leis; bhí arm faobhair ’na láimh eile. B’uaigneach é

trom-fhothram an dorais ag dúnadh ’na dhiaidh. Do thaisbeáin an solas

do’n Chaomhach mí-shlacht an tseomra i n-ar chaith sé an oiread soin

do’n oidhche--a shalachar, a ghránnacht, na bhallaidhe ag lobhadh le

haois is le fliche, an t-urlár dreóighte, tolluighthe, acht ní ar na

neithibh sin do smuainigh sé anois. Comh luath is chonnaic sé an t-arm

faobhair i láimh an athaigh do phreab sé ar a chosaibh mar phreabfadh

leómhan, is thug fogha dá chlaidheamh ar láimh an athaigh i n-a raibh an

solas. B’éigin dó soin le neart tinnis a ghreim do bhogadh. Do múchadh

an choinneal is do thosnuigh a ndlúth-fhuirse is a g-coimheasgar fá

dhúrsgamallaibh na hoidhche. Gan moill noimeint do rug an Caomhach ar an

slabhradh is do cheangail go docht lámha an athaigh leis; do chrom an

t-athach ar oibriughadh go dian le n-a chosaibh is ins an iomrasgáil do

bhuail buille ar Chormac do leag i gcoinnibh an bhalla é ag sgreadadh le

pian. ’Nuair a tháinig an t-óglách chuige féin do chuarduigh sé an

talamh is fuair sé an claidheamh do raid an Caomhach uaidh ’san

bhfuirse; is leis an arm soin b’fhéidir leis an t-athach do coimeád

socair fad bhítheas ag ceangailt a chos.

An tan mhothuigh an t-atach go rabhthas ag ceangailt a chos is ná raibh

aon chaoi éaluighthe aige do sgread sé go huathbhásac mar do sgreadfadh

tarbh do ghéar-ghoinfidhe. Acht ní raibh maitheas ’na ghlór. Tar éis é

féin do chor le árd-bhéicigh do luigh sé ar athchairt ortha léigean dó

féin, ná raibh sé chum aon díoghbhála do dhéanamh dóibh, go stiúróchadh

sé iad go háit i n-a mbéidís slán, go raibh a lán eólais aige d’oirfeadh

dóibh go mór. Is beag an toradh thug an Caomhach air acht fiafruighe go

dána dhe cia nós a bhfuighbhidís solas. Do ghlaodhuigh an t-athach chum

na mná solas do thabhairt chuca. Is ró-ghearr go dtáinigh sí go dtí an

doras is coinneal ar lasadh ’na láimh. Do chrith sí le hanaithe is

uamhain ’nuair do chonnaic sí an treó bhí ar an athach agus is

truaighmhéileach d’ iarr sí ar Mac Uí Chaoimh é thabhairt go dtí an

teine bhí ’san tseomra eile go léigfeadh sé a sgíos de. D’aontuigh Mac

Uí Chaoimh is tar éis a lán unfairt do síneadh an tréan-fhear as comhair

na teineadh chomh cneasda le huan.

’Nuair do bhí a namhaid fá dheireadh fá ’na smacht, d’ orduigh an

Caomhach do Chormac greas codalta do thógáil d’fhonn bheith ullamh

neartmhar i n-aghaidh an lae bhí rómpa. Tar éis dulchum suain don óglách

d’éirigh réidh-chomhrádh idir an bheirt eile le hais na teineadh. Do

bheartuigh an Caomhach nár mhisde dhó anois a eachtra féin is eachtra

Chormaic d’innsint do’n athach. D’éist seisean go fíor-ionumhail is

anois is arís do chnead se go truaighmhéileach. Ba huaigneach é fuaim a

shlabhraidh ’nuair a thugadh iarracht ar na deóra teógha bhí ag sileadh

le n-a shúilibh do cheilt le n-a gharbh-láimh. D’fhair an Caomhach gach

cor do chuir sé dhe is thuig sé ó na chomharthaibh buaidheartha soin go

raibh sé ag cur suime ’na sgéal. Dá bhrígh sin tar éis críochnuighthe

dhó d’ athchuir sé ar a sgéal féin d’innsint is a chur i n-umhail dó cad

’na thaobh gur chuir an t-eachtra an oiread soin bróin air. Tar éis

lán-tocht cathuighthe do chur dá chroidhe do’n athach is na caisí deór

do thaosgadh as a shúilibh adubhairt mar leanas:

“Atá sgéal éachtach agam-sa, leis, acht is mian liom é do ghiorrughadh.

Goirthear orm Domhnall Dubh. Bhíos tamall i dtreasaibh na nGearaltach;

is ba mhinic mé ag coimheasgar fá n-a mbratach; acht lá is mé ag déanamh

creiche le hais Eochaille do sgiobadh mé óm’ bhuidhin go hobann le

gasraidh do mhuinntir na Bainríoghna. Feall-bheart do b’eadh í, is dóigh

liom. Do rugadh mé i láthair an Phresident.

“Bhagair seisean an chroch orm muna n-inneósainn dó rún éigin do

bheartuigh sé bheith agam; is fós, do gheall sé mórán saidhbhris dam dá

ndéanfainn a thoil. Ní bhfuair se gíog asam is fá dheireadh bhítheas

chum mé do chrochadh acht le congnamh coimeádaidhe éigin theicheas.

B’fhada dham ag siubhal ó áit go háit i ganfhios. Fá dheireadh do

shocruigheas ins an chúinne uaignigh seo. Do rinne mo bhean amach annso

mé is tá sí im’ fhochair ó shoin. Tá roinnt airm agam is leó soin is le

neart mo lámh do chosnuigheas mé féin go dtí seo. Ní headh, ná go

bhfuaireadh amach mé. Anois is arís do bhris isteach orm i meadhón

oidhche cladhairí ar thí mo cheann do bhreith go dtí an Phresident, acht

níor fhill fear innste an sgéil díobh. Is deimhin gur cheapas go

rabhabhar-se ar an teachtach chéadna agus is é do cheapas sibh do

mhilleadh chomh maith leó. Acht bhíobhar-se ró-luath dham, is tá áthas

orm na thaobh, óir do bheadh cathughadh orm tar éis bhur gcuid fola do

dhortadh.”

Do chreid an Caomhach gach focal dár labhair sé. Acht ba mhaith leis

eólas d’fagháil ar aon ní amháin. “Cad ’n-a thaobh,” ar sé le Domhnall

Dubh, “a bhfuilir ag fanmhaint i gcontabhairt mar so? Ná feiceann tú ná

béadh maith id’ arm ’ná id’ neart anocht. Is éigin duit bheith claoidhte

luath nó mall.” “Bh’fhéidir gur baois atá im’ choimeád annso,” ar

Domhnall, “acht ní fhuilim gan dóchas éigin le fanmhaint annso go

mbuailfinn buille tubaisteach ar an namhaid ins an áit seo mar a bhfuil

sé chomh tréan soin. B’fhéidir go bhfuil rún éigin ’na theannta soin

agam, acht ní hé seo an t-am é léigean amach.”

Ba chian ó chuaidh Cormac do chodhladh, acht do dhúisigh an chainnt é is

do phreabh sé ’n-a shuidhe is ag seasamh ag doras an tseomra d’airigh se

deireadh chomhráidh na beirte eile, is do chuir ar chlos ag

dian-mhachtnamh é. “Agus an bhfuil duine eile mar mise?” ar sé leis

féin, “árd-aimneach, lán-dóchasach, is gach beart ag dul ’na choinnibh,

is é chomh fada soin ag iomarasgáil leis an mbás.” Do ghoill a chuid

machtnaimh chomh trom soin air gur léig sé sgread as. Ar chloisint a

ghotha is tapa bhí an Caomhach ’na theannta is do bhraith láithreach cad

do bhí air. Do rug sé ar láimh air, is do rug i láthair an athaigh é do

bhí ceangailte is sínte treasna an teinteáin. Ba ghearr an mhaill

eachtra Dhomhnaill do shlánughadh do Chormac. Is fá dheireadh do

thuigeadar a dtriúr a chéile.

Do sgaoileadh Domhnall is do shuidh sé go sásda le hais na teineadh ’na

bhfochair. ’Sí comhairle do ceapadh leó annsoin Domhnall do dhul le na

gcois. Bhí Domhnall féin ullamh chum a chion dá gcuid sóigh agus

an-shóigh do ghlacadh; is níor bh’iongnadh go ndubhairt Cormac lán do

sgleóndar gur ghearr go mbéadh sgéala maithe aca, is nár bh’ fhada ó

bhaile an té chabharóchadh go mór le hobair saoruighthe na hÉireann.

B’fhéidir gur shíl Domhnall gur fáidh do labhair is gur thóg sé an

tarngaireacht soin chuige féin. Is é rún do cheapadar a dtriúr dul gan

moill go dúthaigh na nGearaltach is buille éigin do bhualadh dá

mb’fhéidir i n-aghaidh an námhad. Do rinne Domhnall socrughadh dá mhnaoi

fad do bheadh sé amuigh, is do ghluaiseadar a dtriúr chum siubhail ar

maidin go deiscréideach go crích na nGearaltach.

------------------------------------------------------------------------

AN CEATHRAMADH hALT.

Cormac Ua Conaill · 第 7 / 27 题