Mo ghoin caidé an smúid seo ag dúnadh ar mo chroidhe,
Rinn’ mo bhalla neamh-lúthmhar is d’fhúig mé gan brígh,
Do ghríosuigh mo shúile le dúthracht chum caoi,
Is an sruth leachta tiugh guirt dá múchadh síorraidhe?
Caidé an smuaineadh so chlaoidheas mé ó mhaidin go neón,
Is do shior-shuaitheann m’inntinn le mearbhail bróin?
Ag cuimhneamh ar chlaoin-bheartaibh Danar is gó,
Do sgíordann mo shíth uaim gan casadh go deó.
Is gorm iad na tonna ar bhruach Locha ghil Léin,
’Sis borb iad do thora-sa, a Mhuc-rois na n-éan!
Is soilbh le cloisint é sonnadh na g-craobh;
Acht mo dhochar! is doilbh dubhach dorcha mé!
Tá an t-óg-ghéis go suainmhear ag snámh ar an linn,
Is glór glaisí ag gluaiseacht trí bhántaib ró-bhinn,
Tá leóithne ag luasgadh na ngéag n-úr ’san choill,
Acht is ró-bheag mo shuaimhneas gan áthas a bhím!
Na sáir-fhir do dhoirt a gcuid fola i dtóir,
Is i lán-threas na ngorm-chlaidheamh gortadh tar fóir--
Is sámh é a gcodladh ’s is socair fán bhfód,
Is mo chrádh is mo thurrainn ná codlaim-se leó.
’Sé do chnead chuir i bpéin mé, a thalaimh mo chroidhe,
Is do bhasgadh gan faosamh le haicme seo an fhill,
Do ghreadadh is do réabadh le lasair is claidheamh,
Is mo chreach is mé i ngéibhinn, ’s gan cneasughadh ar do dhith.
Acht, a chara, glac meanma!--b’fhéidir le Críost
Go bpreabfadh chugainn gasradh ’on Ghréig-fhuil úd fhír,
Le feartaibh a n-arm gan éislinn, gan teimheal,
Ag treasgairt na nDanar, ’s dá léir-chur tar tuinn.
Slán, slán leat, a Léin-Loch na bhféith ngorm n-úr,
Leanfaidh áilne do sgéimh’ mé go dtéidhead-sa ’san úir,
Ná raibh cáim ar do shléibhtibh ná béim ar duilleabhar,
Ciodh fánach i gcéin mé im’ thraochadh le búir.
A thalaimh na n-éan mbinn, na gcraobh n-úr, gan tlás,
Is fada gan réim duit, gan chéim mar ba ghnáth.
Fá sgamall, i ndaor-bhroid, gan chéile, gan pháirt,
’Sé do chartadh ’s do réabadh do léanuigh mo lá.
D’fhanadar an oidhche sin i gCill Áirne; is ar maidin lá’r na bhárach
bhíodar ag siubhal arís chum Corcaighe. Ar feadh an bhóthair do rinne sé
buaidheart do Chormac is chuir sé mór-iongnadh air, an luighead do
mheabhruigh na daoine an dlúth-thuirse bhí rómpa, is méid a n-áthais
’nuair d’amharcadar gasradh an Phresident, is ’nuair chualadar an buaidh
bhí leó go déidheanach. Do chuaidh a ngártha ’s a sgreadaigh tré n-a
chroidhe mar bhiorghaoithe. Bhí eólas cinnte ar mhuinntir a dhúthchais
féin aige, is níor chreid go raibh grádh aca ar smacht na nGall do
thugadh masladh laetheamhail dá gcreideamh; is bheartuigh sé i n-a
aigneadh gurab é seo brígh bhí leis an lúthgháir sin: “Ní féidir linn
slabhradh na n-eachtrann do bhriseadh, is uime sin is cóir dhúinn cur
suas leis, chomh maith is d’fhéadfam.”
Bhí milleán aige orra i dtaobh a n-easbaidh meanman is misnighe lé’r
mheasadar nár bh’fhéidir leó slabhradh a ndaoirse do bhriseadh. Ba
thruagh leis éisteacht le muinntir Charrthaigh, le muinntir Chaoimh, le
muinntir Dhonnchadha, ag liúirigh do’n Phresident go guth-árd is go
déadla, cé gur bhrath sé gur fhuathadar ’na gcroidhthe é féin is an
Bhainríoghain do chuir chuca é, is ag labhairt go nimhneach
neamh-thruaighmhéileach i gcoinnibh an Iarla úd do sheasaimh go
fearamhail i n-aghaidh na nGall.
Ag smuaineadh is ag machtnamh mar sin dó, chuir duine do’n ghasraidh i
n-umhail dó go raibh se i gCorcaigh--mar bhí a mheabhair ag oibriughadh
chomh dian soin nár mhothuigh se an lá ag sleamhnughadh uaidh. Acht is
gearr go dtug radharc na cathrach is fuaim na dtrucal chuige féin é. Do
cuireadh fá ghlasaibh láithreach an bheirt i gcathair Chorcaighe.
Fad do bhíodar ar aon i bhfochair a chéile fá chomairce an Ghearaltaigh
do bhrath Éamonn ar chomhrádh Chormaic amhail adubhramair go raibh rud
éigin ar bun ag na Gearaltachaibh, go raibh súil aca go raghadh an lá ar
na Sagsanaibh go athchumair, is go raibh congnamh éigin nár thuig sé ’na
ngaor; acht níor fhéad sé a thuilleadh eólais d’fhagháil uaidh, dá mhéid
a ghliocas. D’innis se do’n Phresident ar aithin sé, is do rinne seisean
mórán do’n eólas soin. Is é a shíl sé go rabhadar ag feitheamh le
cabhair ó dhúthaigh éigin tar lear, is gur gheárr go mbeadh neart aca
cogadh dian díoghbálach do chur ar aghaidh. D’orduigh sé Cormac ’na
láthair, is cheistigh é i dtaobh rún-chomhairle na nGearaltach, acht
níor fhreagair Cormac focal dár fhiafruigh sé dhe. Do bhagair sé pianta
géara aithiseacha air, acht ní raibh brígh ’na ghlór. Níor bhain an
trom-bhagairt sin gíog as. Fá dheireadh bhí briseadh ar an bhfoighne ag
an bPresident go mór-mhor ó tháinig gach lá sgéala níos measa ’ná a
chéile ó Chúigeadh Mumhan; is dhearbuigh sé go gcaithfeadh an t-óglách
sgeitheadh ar rún-chomhairle na bhflaith nó bás aithiseach d’fhulaing.
I measg na gcoimeádaidhthe bhí fear do mhuinntir Chaoimh--Diarmaid ba
hainm dhó-agá raibh báidh mhór le Cormac. ’Nuair d’airigh sé ordughadh
an Phresident do cheap sé a dhícheall do dhéanamh chum é do shaoradh;
fiú a anam do thabhairt ar a shon, dá mbeith gábhadh leis. ’Nuair do bhí
sé ag dul i n-athchumaireacht do’n lá i n-a raibh Cormac le crochadh do
leig sé air gur bh’fada leis uaidh an lá soin i n-a dtabharfaidhe ar an
gcladhaire ógláigh sin an ídeadh do bhí ró-thuillte aige. Ar maidin an
lae úd do chuaidh sé go moch go beag-árus an óig-ghéibhligh chum a lámha
do cheangal.
Ar feadh na haimsire seo go léir shíl Cormac ná raibh aon chaoi éalóidh
aige is do bhí se lán-shásda bás d’fhagháil; is ’nuair d’osgail Mac Uí
Chaoimh doras a bheag-áruis, an mhaidin soin, ba thruaighmhéileach an
radharc ar ar luigheadar a shúile. Bhí an géibhleach ar a ghlúnaibh ag
guidhe go ciúin is go socair. ’Nuair d’airigh sé an doras dá osgailt, is
an fear ag teacht isteach, d’iompuigh se a cheann is adubhairt. “’Seadh,
thángais chum cabhrughadh liom le haghaidh mo bháis. Ní’l cathughadh orm
go bhfuilim ag dul ar an saoghal eile, acht admhuighim go bhfuil brón is
duairceas orm i ngeall ar anacraibh an tsaoghail seo. Is iomdha obair
mhaith do cheapas a chur chum cinn acht anois, fáiríor géar, tá deireadh
lem’ chuid oibre go bráth.”
“Lean mo chomhairle-se,” ar Mac Uí Chaoimh “agus i gcionn uaire do chlog
béarad saor ó’n ngéibhinn seo thu; acht caithfir bheith ullamh is gan
léigean do smuaintibh don tsórt soin teacht ’nar gcoinnibh. Táim-se chum
do lámha do cheangal, acht chidheann tú go bhféadfair an ceangal so do
bhriseadh acht é do bhualadh i gcoinnibh na talmhan nó earraidh éigin
chruaidh; beidh doras na háite i n-a bhfuil an chroch gan glas. Ar
bhagairt uaim-se, bris do gheit ceangal do lámh, is teich chomh mear is
is féidir leat go dtí an doras. Rachad-sa ar tóir ad’ dhiaidh, gan
amhras, agus ’nuair bhéad ar an dtaobh ’muigh do’n doras dúnfad é i
dtreó na beidh sé réidh le hosgailt im’ dhiaidh; is dá réir sin béidh an
fiadhach ar fad eadrainn féin ar dtúis; is ’nuair bheimid tamaill maith
ó’n gcathair béarad tuilleadh orduighthe dhuit.”
Chuir an chainnt sin mór-iongnadh ar Chormac, acht d’aithin sé ar
imtheacht is ar fhéachaint an fhir eile go raibh sé dá rírib, go mórmhór
’nuair do chonnaic sé go raibh an ceangal mar adubhairt sé, is d’fhill a
mhór-dhóchas na thuile ar a aigneadh; do b’éigin dó síneadh ar an
dtalamh le lagachar; bhí gach orlach dá chorp ar ballchrith, is do rith
caise deór ó n-a rosgaibh. Níor thaise do’n choimeádaidhe féin; do mhúch
a chuid osnadh a urlabhra; níor fhan táthadh ’na bhallaibh is do thuit
sé ar nós leinbh bliadhna, le neart a chumhadh.
Bhí crochadh chomh coitcheann soin i gCorcaigh an tan soin nár bhailigh
mórán daoine chum féachaint ar bhás Chormaic. Níor mhór an t-iongnadh do
rinneadh de. Acht do chuir an President sgéala chuige go bun na croiche
go maithfidhe dhó dá sgéithfeadh sé ar rúnaibh na nGearaltach. D’fhéach
Cormac ar an teachtaire go tarcaisneach is badh dhóigh leat ar a chainnt
is ar a fhéachaint go raibh rún éigin aige badh mhór a b’fhiu. Acht má
bhí ba léir do’n teachtaire go gcoingbheóchadh sé greim air, is
d’imthigh sé air go neamh-shásda. Bhí gárda mór-dtimcheall ag faire go
caoitheamhail a raibh ag dul ar aghaidh. Bhí a gcroidhthe níos mó leis
an ngéibhleach ná bhraithfeá, acht b’éigin dóibh fanmhaint socair is gan
a gcuid truaighe do thaisbeánadh ós comhair na ndaoine. Má bhí fear ann
agá raibh mac ’san mbaile i ndeallradh Chormaic is dearbh gur ghoill an
radharc soin air, acht b’éigin dó a shúile do thiormughadh i ganfhios,
is léigean dá chumha brughadh ar a chroidhe féin.
Thug Mác Uí Chaoimh an géibhleach go bun an sgáláin, is ba bheag nár
mhithid dó bheith ag dul i n-áirde mar do bhí an sgálánach go
neamh-fhoighideach ag feitheamh leis. Do bhagair an coimeádaidhe ar an
óglách is d’iompuigh uaidh chum féachaint an raibh na cláir curtha go
daingean i dtalamh. Do gheit, d’airigheadh fuaim iarainn; bhí an ceangal
sgaoilte, is Cormac ag déanamh ar an doras ’na lán-rith! Mar bhéadh
draoidheacht air, do ghéill an doras dó, is do phreabh se amach is as go
bráth leis. Do lean an coimeádaidhe é, is níor ghábhadh dhó léigean air
go raibh deabhadh air, mar ba mhire Cormac ’ná a dhícheall. Mar do
ceapadh leó do dhún sé an doras ’na dhiaidh i dtreó ná féadfaidhe é
d’osgailt gan moill.
’Nuair do bhíodar tuairim le dhá mhíle ó’n gCathair do ghlaodhaigh an
Caomhach chum Cormaic gan rith chomh mear soin óir bhí sé féin geall le
bheith traochta, is a aghaidh do thabhairt soir ó thuaidh ar feadh
tamaill. I gcionn míle eile dubhairt sé leis stad is ag féachaint
timcheall dóibh chonnacadar, nó shíleadar go bhfeacadar, foireann
mharcach ag teacht ar a lorg go lán-tapa. Gan maill nóimint do
shleamhnuigheadar isteach i sgioból is le dréimre do phreabadar ar
lochta ag tarraing an dréimre ’na ndiaidh. Chuadhadar go daingean i
bhfolach i bhféar úr do bhí ar an lochta.
Níor chian mar sin dóibh fá anaithe is bualadh croidhe ’nuair
d’airigheadar fuaim na gcapall is láithreach do stad buidhean marcach os
comhair an tighe le n-ar bhain an sgioból. Chuaidh na marcaigh isteach
is do chuarduigheadar an teach ó bhun go bárr gan tairbhe ar bith. Ní
raibh istigh an tan soin acht sean-bhean bhodhar na féadfadh tuairisg do
thabhairt dóibh ar aon’ ne. Fá dheireadh thángadar go dtí an sgioból is
bhí deallramh neamh-dhíoghbhálach ar gach uile ní ann. Bhí gach ní go
socair is go ciúin acht croidhthe na bhfear ar an lochta. “Ní’l siad ann
so ar aon tslighidh,” ar duine do’n ghasraidh, ag géar-infhiúchadh an
tseomra dhorcha úd. “Táim cinnte go bhfuilid ins an tigh sin amuigh,” ar
duine eile aca, “nach dtugabhar fá deara an sgannradh bhí ar an
tsean-chailligh úd, ar eagla go mbéarfaidhe orra?” “Is cuma liomsa
soin,” ar fear eile, “do chuarduigheamar an teach soin go mion, cheana,
is ní aon maith dhuinn dul níos déine air. Imthighmís orainn, b’fhéidir
go bhfuilid romhainn.” Ar an bhfocal soin do chasadar tar n-ais; is i
g-cionn dó no trí neómantaidhe bhíodar as éisteacht.
------------------------------------------------------------------------