Níor bh’fada do’n bheirt seo i gcaidreamh a chéile nó gur chuir Éamonn
sgéala i ganfhios chum an Phresident go raibh sé cinnte go raibh rún mór
éigin ag Cormac ná féadfadh a dhícheall mhealladh uaidh; is go
n-éalóchadh sé leis, a leithéid seo do lá, dá gcuirfeadh an Phresident
gasradh fear ’na gcoinnibh chum iad do thógáil go Corcaigh.
’Nuair tháinig an lá bhí ceapuighthe leó dubhairt sé le Cormac go raibh
an-dúil aige sean-fhotharach d’fheicsint bhí cúig míle uatha. Chuir sin
áthas ar Chormac, óir ba mhinic ag labhairt é ar an tsean-fhotharach
soin, is ar an tseanchas do bhain leis; agus is grianmhar do
ghluaiseadar ar aon chum siubhail an mhaidin soin; is is mór-thuillteach
do sgéith cainnt Chormaic ar feadh an bhóthair ag trácht tar an naomh
lér fóirghneadh ar dtúis an fhotharach, is ar an chaismirt bhi idir
Ghaedhealaibh is Danaraibh ’na thimcheall. Ba sgléipeach é ag aithris
fearta na nGaedheal, ’nuair chonnacadar chuca gasradh marcach ag
greadadh an bhóthair go lán-luath. Do léig Éamonn air go raibh eagla air
rómpa is thug sé iarracht ar theicheadh, acht do sheas Cormac go dána i
n-aghaidh na námhad. ’Nuair do chonnaic Éamonn é ag feitheamh go
fearamhail neamh-eaglach leis na marcachaibh do ghlac meanma, mar
dh’eadh, d’fhill tar n-ais is gan mhaill do tógadh iad ar aon is do
coimeádadh i ngéibhinn an oidhche sin i gCaisleán na Mainge, nó go
gcuirfidhe lá ar n-a bhárach go Corcaigh iad.
Caidé mar ar ghoil Cormac; cad iad na hosnaidhe do léig se as; caidé an
tocht bróin is uabhair do tháinig air ’nuair do mhothuigh sé é féin fá
smacht na námhad, is d’aithin sé go raibh broid ’na chomhair nó ní badh
mheasa fós. Ní hamhlaidh bhí sé lag-chroidheach ná eaglach roimh an
mbás; acht gur thruagh leis an saoghal d’fhágáil gan an obair i n-a
raibh a mheón go léir do chríochnughadh. Do luigh sé ar uall, ag cásamh
díthe a dhúthchais chráidhte chéasda is an chreidimh do chongaibh sí gan
teimheal gan spleádhachas dá námhaid.
Le gliocas iongantach do léig Éamonn air go raibh a shamhail sin do
thocht cathuighthe air féin is do thuiteadar an bheirt ar mhuinéal a
chéile, ag caoi-ghol go fuigheach is go daingean. Tháinig buaidheart
Éamuinn ’na mhór-thrithíbh air. “An bhfuil an sgéal mar sin?” deireadh
sé, tar éis lán-thocht uaill do chur de, “Mo bhrón! is beag a shíleas go
rachadh an lá orainn fá dheireadh, acht glac misneach, is beidh buaidh
againn fós.” “A chara dhílis,” deireadh sé, is a chainnt ag leathadh air
le neart a osnadh, “bíodh foighne agat. Tá Dia láidir, cumhachtach,
daonnachtach; is eólach dó an chuma i n-a bhfuilimid. Bíodh ar muinighin
as Dia.” Le n-a leithéid sin do chomhrádh do chiúnuigh sé Cormac is iad
ar aon dá n-ullmhughadh féin chum dul go Corcaigh i dtionlacadh ghárda
an Phresident. Is buaidheartha cráidhte doilbh do bhí Cormac cé gur
cheil sé ar fhéad dá chumha. Acht dá aindheóin do sgéitheadar a osnaidhe
’s a chuid uaill ar an dhoilgheas do bhí ag crádh a chroidhe gan
suaimhneas.
Lá breágh fóghmhair do b’eadh é; bhí an ghrian árd ’san spéir, is a lán
do dhrúcht na maidne tiormuighthe ’nuair ghluaiseadar ar aon ó Chaisleán
na Mainge. Bhí a slighe le hais sléibhte is coillte is loch áluinn Cille
hÁirne; do las an ghrian fhóghmhair go lonnrach leacain na ngarbh-chnoc
is uisgidhe na leathan-loch; bhí breacadh niamhrach, dathamhail, ag
teacht ar dhuilleabhar na gcrann is na dtor is do líon guth na n-éan an
spéir mór-dtimcheall le binneas ceóil. Bhí árd-sgáil na mór-shléibhte,
badh dóigh leat, ag snámh ar an dtalamh íochtarach, nó ag leaghadh i
measg réidh-thonnta Locha Léin. D’árduigheadar céad cnoc clúduighthe i
bhfraoch riabhach soillseach a gcinn ríoghdha dána go huaibhreach mar
athaigh ag tógáil comhairle ó n-a chéile is d’fhéachadar anuas ar
choilltibh, ar aibhnibh, ar fhotharachaibh, ar bhailtibh, go
flaitheamhail is go mórdha. Ós árd, chomh fada is shroichfeadh do
radharc, do sgread an fiolar ag leathadh a sgiatháin is ag eitill go
lán-mhear ó aill go cumar; ar an loch ba shuanmhar an eala ag snámh. Bhí
céad sruth dá radadh féin gan faosamh tar ghuailnibh na sléibhte is dá
mbriseadh féin ’na gcubhar ghléigeal i measg cairrgibh ’na slighidh. Do
shéid leóithne fionnfhuar ó oileánaibh boga, úra d’éirigh go niamhrach,
fíor-ghlas, tré hucht an uisge. Annso is annsúd d’fheicfeá faolchú le
hulfairt ocraigh ag déanamh ar na coilltibh; do ghéim an fiadh is d’
fhreagair an macalla tré shleasaibh na lán-chnoc.
Ba radharc é do líonfadh an croidhe le háthas is do ghríosfadh an
aigneadh chum dian-mhachtnaimh. Do chleacht Cormac an radharc soin ó bhí
se ’na leanbh; is ní hannamh do chuir a fhíor-áilne ag tál na ndeór é.
Acht anois do cheap sé ná raibh sé go deó arís chum a shúile do leathadh
ar choilltibh glasa ná ar oileánaibh úra Cille hÁirne. Ar uairibh d’
iarr sé ar a choimeádaidhibh cead seasaimh óir bhí an tocht cathuighthe
ró-throm ar a chroidhe. Arís is arís eile do leath sé a shúil ar an
radharc do bhí os a chomhair; is ní le sásamh folamh an té lér
thaitneamhach duilleabhar bog, glas, niamhrach na dtor is fuaim ceólmhar
an uisge dá stealladh féin le dásacht ó thaobh chnuic; acht le croidhe
do thuair buaidheart is donas dó féin is do’n tír do ghrádhuigh sé. Do
bhrath sé go raibh a dhúthchas ar bhruach millte is daor-bhruide is do
chan go fíor-uaigneach an laoidh seo:--