I n-íochtar na seiseadh haoise déag nuair bhí Gearaltaigh na Mumhan ag
síor-bhruighin le Bainríoghain Sagsana, do bhí buachaill óg ag gabháil
an bhóthair idir Chill Áirne is Chaisleán na Mainge ’na shuaimhneas ó
sgoil. Do bhuail fear sgoth-aosda i gcló bacaigh uime, is do labhair
leis. Ba mhinic cheana do chonnaic sé an fear céadna i dtigh a athar, is
uime sin d’aithin sé a ghnúis is a imtheacht, acht níor b’eól dó a ainm.
“’Seadh, a Chormaic Uí Chonaill,” ar an fear aosda, “an bhfuilir ag
teacht ó sgoil?” “Táim,” ar Chormac. “Tá áthas orm go bhfuilir ag
sgrúdadh léighinn; gheóbhair, geallaim dhuit, gnó dhi fós, is bhéarad-sa
rud éigin duit ar a bhféadfair do chuid léighinn do chur chum críche.”
Tar éis na bhfocal soin do rádh do’n tseanduine, d’aithris sé dó nó trí
líne do rann le mire i n-áirde a chinn ’s a ghotha, i gcás gur chuir sé
iongnadh mór ar Chormac, is gur infhiúch an buachaill é ó cheann go
talamh ar feadh tamaill.
“Innis dam anois, a bhuachaill léigheannta fháith-chliste,” ar an
seanduine, “an dtuigeann tú na briathra soin?” D’fhreagair Cormac gur
aithin sé beagán focal dár labhair sé acht nár bh’ar fóghnamh do thuig
sé cia brígh bhí leó. “Tiocfaidh an ní seo go léir chum cinn le linn do
shaoghail-se,” ar an seanduine, “⁊ fós coimhlíonfair féin mórán de.” Iar
gclos na bhfocal soin dó, chuir Cormac breis suime ’na bhriathraibh, is
do cheap sé rún na rann soin do chraoibhsgaoileadh dá mb’fhéidir. Ar an
inntinn sin d’athchuir ar an tseanduine fíor-bhrígh na bhfocal do chur i
n-umhail dó. Ar dtúis d’eitigh an seanóir go dána é, acht tar éis móráin
tafaint d’aontuigh na focail do sgríobhadh i nduilleóig fholaimh bhí i
measg leabhar an bhuachalla agus an sgríbhinn do thabhairt dó. D’fhair
Cormac le mór-iongnadh, is ní gan faitchíos, an lámh chnámhach, thana,
fhada úd an tseanduine ag sgríobhadh go mall is go socair an rann so:--
“Gaisgidheach oirdhearc leagtha le feall,
Oighreadh aithiseach taca na nGall,
Curadh ag a cháirdibh ceangailte i bpoll,
Críoch le treibh tar tuinn anall.”
Tar éis a chríochnuighthe dhó do thug sé an páipéar do’n bhuachaill is
do chuir an cnoc amach de mar dhuine ar ghealtaigh.
Do bhí an sgríbhinn rúnach so anois ’na sheilbh ag Cormac, is ní sásda
bhí a aigneadh go mbeadh fios bríghe na bhfocal soin aige. Do thuig sé ó
chomhrádh an tseanduine gur bha tarngaireacht éigin iad is ba mhinic
roimhe sin do chuala sé tarngaireacht ar ionnarbadh na Sagsan as Éirinn;
is anois do chreid sé gur do’n ní chéadna do thagair na focail:
“Críoch le treibh tar tuinn anall.”
Do réir an chraoibhsgaoilte sin, do bhí sé féin chum bheith ’na fhear
chumhachtach ag ruagadh na Sagsan tar tuinn. Do chuir smuaineadh na
neithe sin sgleóndar neamh-chuibheasach air. Do lasadar a shúile le
huabhar. Is dearbh ná raibh aon chaoi aige fios cinnte d’fhagháil ar an
chuid eile do’n tarngaireacht is nár bh’eól do cia arbh’ iad na fir dár
thrácht an rann rúnach úd, is go deimhin ba chuma cia’rbh’ é an curadh
allmhurach do millfidhe dá dtabharfadh a oidheadh saoirse is síothcháin
chum talmhan Éilge.
Cad iad na smuainte do rith tré n-a aigneadh ag dul a bhaile dhó an
tráthnóna soin? Is uaibhreach árd-aimneach do chuimhnigh sé ar an ghlóir
do bhí le fagháil aige. Is tapa croidhe-luaimneach do chuir sé an bóthar
dhe. Is minic do léigh sé an rann úd, is do mhachtnaimh ar an bhrígh do
bhí léi go soilbhir, lán-tsásda leis féin is leis an domhan uile. Ar
uairibh, amhach, do thagadh trom-thocht cathuighthe ar a chroidhe, is do
ritheadh an fhliche ó n-a rosgaibh i gcaisíbh ag cuimhneamh dhó ar a
athair bhocht ná béadh ’san mbaile roimhe, ná feaca sé le fada, is do
bhí, dar leis, claoidhte le Gallaibh. “Dá mbeith m’athair anois romham,”
ar sé leis féin, “caidé an t-áthas do chuirfinn ar a chroidhe leis an
sgéal so! acht, fáiríor, ní fheicfidh sé go brath saoirse ar dtíre ná
neamh-spleáchas ar gcreidimh!”
Do chaith sé an chuid eile do’n lá soin go ciúin ag machtnamh leis féin
is níor leig sé air le muinntir a thighe go raibh aon ní ag déanamh
buaidheartha dhó ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, is go
gcoingbheóchadh sí ’san mbaile é gan chaoi do bheith aige an
tarngaireacht do choimhlíonadh.
Ní hiongnadh gur chuir an t-óglách an oiread soin spéise ’san rann
chrúna úd; do bhí a inntinn aibidh le léigheann is le machtnamh; do
léigh sé le díoghrais seanchas na hÉireann is an éagcóir do rinneadh
uirthi le Gallaibh; do léigh sé na bruighne do bhí idir na taoisigh
Gaedhealacha is do thuig sé go soilléir cad do bhí ar siubhal ag na
Sagsanaibh an tan soin. Do thuig sé gur fhuathadar na taoisigh
Gaedhealacha a chéile níos mó ná d’fhuathadar na Sagsanaigh is gur mhian
leis na Sagsanaibh an creideamh Catoiliceach do dhíochur ar Éirinn dá
mb’fhéidir. Dá óige é, do bhí súil aige le fada go bhfeiceadh se a
dhúthchas saor ó bhruid na nGall, is do chuir an tarngaireacht so an
oiread soin misnighe air gur léim a chroidhe le háthas.
An tan sain do bhí ainm Éilíse cumhachtach ’san tír, is ba dhána an
taoiseach do leómhfadh dul ’na haghaidh. Uime sin; gidh go raibh a lán
mion-chogadh idir na flathaibh Éireannacha féin is annamh d’éirigh aon
’ne aca amach i gcoinnibh na Bainríoghna nó i gcoinnibh a duine ionaid.
Dá n-éireóchadh taoiseach éigin ’na gcoinnibh do chaithfeadh sé
coimheasgar le muinntir na hÉireann chomh maith le muinntir na
Bainríoghna. Go deimhin is na neithibh do bhain le cogadh ba bheag le
radh Éire mar dhúthchas coitcheann do chlannaibh Gaedheal is do na
flathaibh Gaedhealacha; is, gan amhras, do lean na daoine a bhflatha.
B’é Iarla na Deasmhumhan an taoiseach ba mhó misneach is preab chum
seasaimh i n-aghaidh na nGall dá raibh i nÉirinn an tan soin. B’é do
b’fheárr chum sásaimh do bhaint díobh ar na hachmhusánaibh do chasaidís
go coitcheann leis an gcreideamh Catoiliceach. Do bheartuigh Cormac, ní
nach iongnadh, gurab é an tIarla féin nó duine éigin dá phór do
choimhlíonfadh an tarngaireacht. Acht bhí fhios aige go raibh an tIarla
ró-aosda is nach ar fóghnamh do bhí a éirghe amach ag dul chum cinn. Do
chuimhnigh sé láithreach ar Sheaghán, dearbhráthair do’n Iarla. Bhí a
fhios aige gur ró-aibidh an inntinn do bhí ag Seaghán gur bh’ fhear
coráisteamhail urrudhasach é, gidh ná feacaidh sé riamh é. Ba mhinic
cheana do mhianuigh caidreamh do dhéanamh air, acht anois do shíl sé ná
raibh slighe ar bith eile chum a chuid féin do’n tarngaireacht do
choimhlíonadh acht spionnadh is misneach do chur ar an laoch oirdhearc
úd, is gur tré chabhair is chomhairle Sheagháin is fá n-a chomairce do
basgfaidhe is do ruagfaidhe na Sagsanaigh ar fad as fódaibh Fáil.
Ar an ádhbhar soin, ’sé comhairle do cheap sé dul gan maill ag triall ar
an nGearaltach cibé áit i n-a raibh sé agus a rádh leis go raibh sé féin
ró-ullamh a thoil sin do leanmhaint agus a innsint dó chomh cinnte is
d’fhéadfadh, gan fios na tarngaireachta do thabhairt dó, an t-ádhbhar fá
deara gur leath a chroidhe air le dóchas agus gur bhrath sé go
mbuaidhfidh seisean gan amhras fá dheireadh, agus gur le n-a chabhair is
le n-a chéadfaidh is le cródhacht a chuallachta do cuirfidhe ionnarbadh
is sgaipeadh, gan bailiughadh, gan filleadh, ar Shagsanachaibh as talamh
chráidhte na hÉireann.
Ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, dá n-inneósadh se dhi cad do
bhí ceapuighthe aige, do leig sé air go raibh sé ag dul ar cuairt chum
duine muinnteardha do bhí ’na chomhnaidhe leastiar ag a raibh leabhar
láimhe gur mhór a b’fhiú, is do gheall dó é chum é d’ athsgríobhadh.
’Nuair do bhí amhras a mháthar curtha dhe leis an sgéal soin do ghluais
chum siubhail fá dhéin Chaisleáin na Mainge óir d’airigh go raibh
Seaghán an Ghearaltaigh ag gabháil na sligheadh sin ó’n Daingean le
sluagh mór cumachtach do bailigheadh ins na dúthaighibh iasachta. Dó nó
trí mhíle ón gCaisleán do chonnaic sé ag teacht fá n-a dhéin beagán
marcach. Do shíl sé, ní nár bh’iongnadh, go bhféadfadh duine éigin díobh
tuairisg Sheagháin an Ghearaltaigh do thabhairt dó, acht ’na thaobh soin
bhí eagla air go mbrathfaidís fáth a thurais. Ar an ádhbhar soin ní
fheadair sé cad ba cheart dó a dhéanamh is bhí sé ag dian-mhachtnamh
leis féin ’nuair thángadar suas leis.
Do labhair ceann do na marcachaibh go cneasda leis, is d’fhiafruigh dhe
go muinnteardha cá raibh sé ag dul. “Táim,” ar Cormac, “ag dul tamall
beag siar, acht b’áil liom bualadh um Sheagháin an Ghearaltaigh sul a
n-iompóchainn chum baile.” “Ní deacair sin duit,” ar an marcach céadna,
“óir atá Seaghán féin i measg na bhfear so; an bhfuil aithne agat air?”
“Tá go deimhin,” ar Cormac, “acht ní tré radharc súl é. Tá taisg a
cháile ar fuaid na hÉireann.” “Tá go maith,” ar an marcach; “toigh anois
é as an mbuidhin seo má ’s féidir leat é.” Thug an t-óglách gan maill
súil mór-dtimcheall na buidhne sin agus ag infhiúchadh go géar an té bhí
ag cainnt leis adubhairt, “Is fruisde é aithint má tá se láithreach, mar
ní fheicim aon’ne annso ag freagairt dá cháil acht tú féin, a mharcaigh
uasail, is má tá sé ’nar measg, amhail adeirir, is tusa an fear.”
Ba ghéarchúiseach é Cormac, acht d’fhéadfadh duine bheadh maol go leór
Seaghán an Ghearaltaigh do thoghadh as an mbuidhin sin mar cheann
urraidh. Fear caol árd do b’eadh é. Níor chuir na bliadhanta fós cromadh
ann. Do rachadh a shúile glasa, géara, doimhne thríot. Bhí ughdarthás i
n-a fhéachaint. Ba thaitneamhach a ghné is ba mhilis cneasda a
mhín-bhriathra.
Bhí an-áthas air gur thoigh Cormac chomh tapa soin é, as an bhfuirinn go
léir, agus is grianmhar adubhairt, “Tá an ceart agat, a chara dhílis.
Cad tá uait ó’n nGearaltach?” Is éasgaidh d’ fhreagair Cormac go raibh
náire air labhairt le duine chomh huasal, chomh honóireach soin ós
comhair an oirid sin do dhaoinibh iasachta. Ar chloisint sin do’n
Ghearaltach d’orduigh sé do’n gcuid eile imtheacht roimhe, is do lean sé
féin iad ag siubhal go mall is Cormac le n-’ais.
’Nuair do bhíodar as éisteacht na marcach, do sheas Cormac go hobann ar
an mbóthar, agus, ag iompódh chum an fhir uasail, is déadla adubhairt:
“Is mian liom fiafraighe dhíot, a churaidh chródha, an bhfuil se
ceapuighthe agat ar dtír is ar gcreideamh do chosnamh o Ghallaibh; an
bhfuil se ceapuighthe agat glan-ionnarbadh do thabhairt ar na
Sagsanachaibh as iathaibh Fódla is taoisigh na Mumhan d’aontughadh is do
chruinniughadh i n-aghaidh a námhad?” Bhí iongnadh mór ar Sheaghán
’nuair d’airigh se buachaill chomh h-óg soin ag cur ceisteann gcruaidh
air leis an oiread soin dá ríribh. Ba léir dhó go raibh croidhe agus
aigneadh an óig-fhir ar lasadh le grádh dá thír, is d’ fhreagair go
mall, “A chara dhílis mo chroidhe, bhéarad m’anam is anam na ndaoine atá
ag cabhrughadh liom chum mo dhúthchas is mo chreideamh do chosnamh, is
chum ceart is cóir mo charad i dtalamh Dheasmumhan do shaoradh ó
ghéar-airc na nDanar. Acht mo bhrón! mo thubaist! nach beagh an mhaith
sin! Féach mór-dtimcheall, ná feiceann tu flatha chúige Uladh is chuige
Mumhan gan beinn ar ar ngleóthaibh is gan suim i n-ar gcúis, ag faire go
bhfuighbhidís greim orm-sa. Fiú ar ndaoine féin, na Róistigh, na
Barraigh, is Tighearna na Lice, táid go léir dar séanadh, nó le
dúthracht ’nar n-aghaidh. Ní fheicim splannc solais tré sgamall na
daoirse is na ceó-bhruide atá ar leathadh ar iathaibh na hÉireann.” “’Na
dhiaidh sin,” ar an buachaill, “glac meanma. Beidh iongnadh ort, acht
geallaim-se dhuit go mbeidh an lá leat fá dheireadh, ciodh dubhach
doilbh do sgéal anois. Bhéarthar sgeimhle is lán-ruagadh ar na
Sagsanachaibh as críochaibh Éilge is ní fada go dtí sin. Táim deimhneach
ar an méid sin, is creidim gur tusa nó duine éigin dod’ mhuinntir
chuirfeas fán orra. Acht glac mar chomhartha gur dá ríribh atáim, go
bhfuilim ag athchuirt ort mé a ghlacadh id’ bhuidhin i gcás go
bhféadfainn cabhrughadh leat chum an obair sin do chur chum cinn. Ná
fiafruigh dhíom cia an t-ádhbhar ar a bhfuilim cinnte ar an ní sin.”
Dá mhéid dúil do bhí ag an nGearaltach fios d’fhagháil ar na smuaintibh
do bhí ag rith i n-aigneadh an bhuachalla ní fhuair sé ann féin é
cheistiughadh mar do dhian-choisg féachaint Chormaic is fuaim a ghotha
é; is thosnuigh láithreach ar thrácht tar neithibh eile. Ba ghearr do
bhí a gcomhrádh ar bun ’nuair ba léir dó gur duine eólach, fáith-chliste
go leór Cormac. Bhí eólas maith aige ar sheanchas a dhúthchais is ar an
gcuma i n-a raibh na flatha deadhailte ó chéile, nó ag coimheasgar le
chéile an tráth soin. Is lán-áthasach do gabh an Gearaltach leis é; is
ní lugha an t-áthas do bhí ar Chormac féin. An tráthnóna soin do sgríobh
sé chum a mháthar mar leanas:--
“A Mháthair Dhílis, a Chumainn mo Chléibh--Is uaibhreach ’s is áthasach
sgríobhaim chugat sgéala maithe. Buidheachas le Dia táim fá dheireadh ar
tí bheith i dtreasaibh na n-arm fá bhratach na nGearaltach ag tabhairt
sgeimhle is fíor-ruagtha ar na Sagsanaibh, is ag cosnamh ar dtíre is ar
gcreidimh le turrainn mo lámh, is lem’ anam, má’s é toil Dé é. Cuireann
cuimhne m’athar, millte le Gallaib, náire orm ar bheith chomh mall,
chomh aimhleisgeamhail, ag leanmhaint ’na chéimibh. Beidh an lá linn-ne,
le congnamh Dé. Slán leat, a mháthair, a ghrádh ghil, ná gol deór, im’
dhiaidh.
“Mise do mhac ró-urraimeamhail ró-umhal,
“Cormac Ua Conaill.”
Le hordughadh ó Sheaghán Mac Gearailt do cuireadh Cormac i bhfochair
bhuachalla eile dár bh’ainm Éamonn Cléireach a chomh-aois. B’éachtach é
cúrsa an bhuachalla soin. Do fágadh go hóg é ’na dhílleacht. Ó Shagsana
do b’eadh a mhuinntir, is i Sagsana do rugadh é féin; tháinig sé go
hÉirinn i bhfochair buidhne do chuir an Bhainríoghan anall chum na
nGearaltach do ghlanadh ar an tír. Acht níor lean sé an sluagh tar éis
teacht anall dó. Do mhair sé le déirc is le hobair fá mar d’fhéad sé ar
feadh trí nó ceathair do bhliadhnaibh. Bhí sé glic géar-chúiseach, is
b’iongantach an t-eólas do bhí aige ar neithibh na tíre. Bhí an oiread
soin eólais aige ar rúnaibh na dtaoiseach gur bh’fhiú leis é féin do
chur fá chomairce Phresident na Mumhan; is do ghlac an President a
chongnamh ’nuair ba léir dhó go raibh eólas a ghnótha aige mar
bhrathadóir.
Tar éis a ghlactha leis an bPresident bhí sé lá i gcoimhdeacht buidhne
na Bainríoghna bhí ag dul ag creich ’s ag réabadh is ag losgadh fearann
na nGearaltach. D’fhágadar ’na ndiaidh é, is theicheadar chomh luath is
fuaradar radharc ar an námhaid. Do tógadh Éamonn gan maill, is do
cuireadh i ngéibhinn é. Ar na bhreith i láthair Sheagháin an
Ghearaltaigh do dhearbhuigh sé gur de nam d’fhan sé i ndiaidh na
buidhne, go raibh gráin aige ar na Sagsanaibh is ar an méid do
chabhruigh leó; is gur b’é bhí uaidh iad do dhíbirt ar fad as Éirinn. Do
léig sé air fós go raibh croidhe-rún muinntire na Bainríoghna aige--fios
a gcuid airm, fios nirt a sluaigh, fios na comhairle do cheapadar le
déidheanaighe. Meallta leis na cleasaibh sin do chongaibh an Gearaltach
i n-a fhochair féin é i ngéibhinn neamh-dhaingean.
Níor b’iongnadh go ndéanfadh a leithéid sin muinnteardhas le Cormac; is
an chéad lá i n-ar theagmhuigheadar le chéile ba chéileamhail
cáirdeamhail a gcomhrádh is ba mhór aca a chéile roimh sgaradh dhóibh.
Do léigh Éamonn meón Chormaic go soilléir, is cheap sé gan maill dul i
n-achrann ann i gcló charad is thír-grádhuightheóra; is uime sin tar éis
beannuighthe dhó go blasda milis dubhairt: “Acht go deimhin, tá
cathughadh orm t’ fheicsint annso id’ ghéimhleach ag an nGearaltach.”
“Im’ ghéimhleach! ní géimhleach mise, nó má ’s eadh, tá mo choimeád orm
féin.” “’Seadh, mar sin, ní le taobh na Bainríoghna thu?” “Taobh na
Bainríoghna! cad a mheasann tu? Ní fada ó bhriseadh na foidhne agam ó
luaidhis a hainm--mise le taobh na Bainríoghna! go bhfóiridh Dia
orainn.” “’Seadh, gabh mo leath-sgéal. Féadfad-sa mar sin labhairt gan
sgáth leat. Bhí eagla orm romhat acht chím anois go bhfuathann tú an
Bhainríoghain, is teitheann mo chliabh leat ’na thaobh soin. Fuathaim-se
an Bhainríoghain! Tá cathugadh orm nach rud éigin eile níos treise na
fuath atá agam dhi; acht le congnamh Dé ní fada go n-éirreóchaidh maidhm
eadrainn. Measaim-se a chur i n-umhail di nach féadfaidh sí masladh do
thabhairt dár gcreideamh is léir-sgrios do dhéanamh ar ar ndaoinibh gan
díol go searbh as.” “Gan amhras, tuilleann sí é; acht tá daoine chom
holc léi ar an dtaobh so fhairrge againn; an President úd na Mumhan, is
tuilleadh aca na hairmheóchainn; acht dála an Phresident dá mbeith fios
agat ar na cleasaibh diabhlaidhe atá meabhruighthe aige chum na
Gearaltaigh do mhilleadh!”
Níor bheag soin. Do phreab croidhe Chormaic. Do mheas se ’na aigneadh
gur thosnuigh cheana coimhlíonadh na tarngaireachta. “Agus an bhfuil
aithne agat-sa ar an bPresident,” ar sé. “Si, si, tá, go ró-chinnte, is
tá tuilleadh le rádh agam, acht uair éigin eile.” Is mar sin do chuir
Éamonn deireadh le n-a gcomhrádh an lá soin is d’ fhág Cormac ar buile
chum tuilleadh eólais d’fhagháil ar rún-chomhairle áir is fola an
Phresident uathbhásaigh úd. Ba léir d’Éamonn go raibh Cormac lán do
sgleóndar is nár dheacair é mhealladh. Dála Chormaic iar sgaradh le n-a
charaid do luigh sé ar dhian-mhachtnamh cionnus do bhí an chúis, do
chuir a chroidhe ag bualadh, is do bhain codladh na hoidhche dhe, ag dul
ar aghaidh. Bhí anois ’na theannta duine ullamh caoitheamhail ag a raibh
aithne ar an bPresident, is dár bh’eolach mórán dá rúnaibh. Bhí sé
cinnte gur ceapadh Éamonn Cléireach chum an chúis sin do chur chum cinn.
------------------------------------------------------------------------
AN DARA hALT.