Ótsig liom-sa d’fheicsin go bhfuil mise cóar,
Có follus is radharc mo chuid súl,
Is tá sibh-se uile i ndorcadas móar,
Muna géillean sibh dam go fleathúl.
’Sé geárbhas na Géidhilge atáim déinimh mín,
Mar rinne gach náisiún na suadh,
’Gus is é an fáth so nach rin’ sibh-se sin,
Atá sibh có fada amudha.
Féach ar an slúgh móar lér thaitnighean mo chroidhe;
Támuid-ne ’nár Néidhilgeóraibh úr’,
’Gus támuid ’nár lucht bhéas fó mheas i mBlea’ Clí,
Nuar béidh sibh-se marbh is fúr.
Do ritheann ár bhfocla theas thúidh agus thiar,
Os cionn Earann gach uar don lae ghil,
Is leathann ár bhfilidheacht tsimcheall na tsíor’
I míle lochánaibh gan moil.
Níl maith in bhur gnímhibh a dhaoiní, mar tá
Sibh ceangailt’ do nósaibh an am’
Chúdh thart, agus d’imthighe acoidche an tráth
Raibh meas ar bhur sean-chaint tá cam.
O glacaidhe mo chomharla, ’s méadóchaidhe sibh neart
An tseangga do labhar Néimh Bruighid,
Néimh Pádruig, Colm Cille ’s Rí Cármac Meaic Airt,
Núr bhí Eiria lán sróil agus síod’.
------------------------------------------------------------------------