Fóill iriú a chara, ’s ná gluais úainn
Go brónach dubh feargach gruadh-dhuairc;
Níl bac ar do shamhail
Bheith a’ breacadh a chuid leabhar
On tseachtmhain seo feasda go Sluagh an Luain.
Gach faraire charas an cruas buan,
’S gach cailín nár bh’fhearra léi a luadh i nduain
’Ná foghlaim is fuirseadh
Na seanndachta is sine--
Ní labharfad ’na gcoinne sin fuaim uaim.
Friotal ár gcine do fuair buaidh
Ar bhinneas, ar chruinneas, ’s ar chruas, uair,
Mo ghrádh-sa an té thuigfeadh
A háilleacht sa bhfoirm
Is ársa ’s is cruinne ’s is cruaidhe snuadh.
Leanaidh, má’s maith libh, den chruaidh chruaidh,
Is caithidh fé tharcuisne an nuacht uaibh,
Ach má fachtar sibh feasda
A’ cur smacht ar ár n-acfuinn-ne
Is eagal d’bhur gcathaibh an Sguab Mhuar!
Tá atharrach saogail a’ dlúthú
Le Clanna na hEireann, ’s ní rún dúinn.
An sean is an t-éifeacht
Mura dtagaid le chéile,
Dob fhearra liom féin Letiriú Ur.
------------------------------------------------------------------------