SGARADH

Má’s sgaradh liom-sa is rogha leat,

A theann-chara shéimh,

Is eadrainn gur shleamhnaigh

An clampar ’s an bhréag,

Do shlighe-se féin má’s gabhtha dhuit,

Imthigheam ó chéile i gcarthannacht,

’S dá dhuibhe mo réim-se it easbaidh anois

Guidhim samhradh ort-sa im dhéidh.

Ní fada ó shin do shaoileas,

Ar dhílseacht ár ngrádha,

Gur snaidhmeadh linn an snaidhm sin

Ná sgaoilfidhe go brách.

Mó chrádh ’s mo chumha mar teasgadh é

Le ráidhtibh tnútha is cealgadh,

Do bháidh ’s do mhúch an caradas

Ba chaoine bhí ar fagháil.

’S aréir i ndoimhneas suain dam

Do chuala do ghlór,

Is d’fhéachais mar ba dhual duit

Sul fuaradh do chló.

Fóríor mar d’eirigh an mhaidean gheal,

Chuir críoch le meidhre is meanmain,

’S do sginn an taidhbhreamh taitneamhach

Le gluaiseacht an cheóigh.

An ceó san ó sna bántaibh

Fuair árdach ón ngréin,

Ach ceó is truime ón dtráth san

Ní fhágfaidh mo raon.

Mo thruaighe fé dhó fad mhairfead-sa,

Nach duairc go leór an bheatha so,

Gan uaigneas fós dár gcailleamhaint,

’S ár náimhde fí réim?

Ach bíodh san mar atá sé--

Seo sláinte ort óm chliabh,

’S do dhíol de charaid ghrádhmhar

Bheith láimh leat im dhiaidh.

Pé treó ’na raghair óm amharc-sa,

Gan brón ná treighid ad leanamhaint,

’S go deó gan deaghailt ná sgaramhaint

’Na sgáil ar do rian.

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 16 / 44 题