Fonn: Mór Chluana

Slán go deó le brón is buaidhirt,

Slán gan mhoill dár gcaoine dhuairc;

Canam laoithe dóchais

I dteangain bhinn na Fódla,

’Gus seasaimís go beómhar

Os comhair an tsaoghail.

O, canam, etc.

Ní bheam feasda leasg gan luadhail

Cráidhte, cromtha, fann-lag, fuar.

Neart is brígh na hóige

Dár dtarrac tríd a’ gcomhlann,

Is bainfimíd-ne an ceó so

Do phór na dtréan.

O, neart, etc.

Clanna Gaedheal fí réim gan ruaig!

Beid siad saor is béarfaid buaidh.

Leanfaimíd-ne an lóchrann

Do las ár sinnsir romhainn,

Is ní heagal linn go bhfeódhfaidh

A gcró ’nár ndéidh.

O, leanfaimíd-ne, etc.

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 15 / 44 题