DEIREADH.

Ba dhoilbh é fuaim gotha Chormaich ag cantain an dáin sin go huaigneach

i lár an roilige ’nuair a thagadh sé chum na bhfocal i n-ar fhógair sé

ruagairt is lán-threasgairt ar na Gallaibh do sheasuigheadh sé, ’na

lán-aoirde is do lasadh a ghnúis le dásacht is le neamh-spleáchas. Ní

minic do casadh caoineadh le guth chomh dian, chom huaigneach soin.

Acht bhí an léir-fhaire is an dian-mhachtnamh soin ró-throm do Chormac

agus tar éis an mharbhnaidh do chríochnughadh do tháinig garbh-ghuais

neamh-chuibheasach air is do thuith sé i bhfantais ar an dtalamh. Do

thóg a athair a bhaile é breóighte lag-bhríoghach, is do chuir i

leabaidh é, is as an leabaidh sin níor éirigh sé riamh arís. Ba mhinic

ag labhairt é ’na mhearbhall tinnis ar na neithibh tré n-ar ghabh sé, is

níor b’fhéidir leis an rann rúnach úd thug Murchadh Liath dhó a chur as

a cheann. Bhíodh sé i gcomhnaidhe ag iarraidh é do chraoibhsgaoileadh,

is i gcomhnaidhe ag casamh daor-bhruide na hÉireann. Acht níor b’fhada

uaidh an deireadh anois. Do leath an tinneas tré n-a chnámhaibh, is tré

n-a bhallaibh go léir. Do tháinig gluthar an báis ’na bhrághaid is

d’árduigh sé é féin ar a ghlúnaibh le garbh-ghuais. ’San dtreó soin do

leath sé a lámha is dubhairt: “A Dhia, beir m’anam leat go flaitheas is

saoruigh mo thír ó throm-bhruid. Ní raibh uaim acht an lá d’feicsint i

n-a gcuirfidhe lán-ruagadh ar Ghallaibh tar tuinn; acht ó ’sé do

naomh-thoil glaodhach orm roimh an aimsir sin, atáim sásda an saoghal

d’fágáil. A Dhia, glac mé id’ chúirt go deó!” Iar rád na bhfocal soin dó

do tháinig lagachar air, is thuit sé siar is d’éag gan mhaill. Do

chuireadh le hais an Iarla é, agus is sámh é a gcodladh i gCill na

Manach le trí chéad bliadhan.

Roinnt bliadhanta i ndiaidh na neithe seo do bhí mathshluagh

cruinnighthe le hais carchair i Sagsana. Bhí fear le crochadh agus ba

léir go raibh gráin ag an ngraisg sin air. Is iomdha fhear do mhairbh an

méirleach soin agus anois b’éigin do díol as aon mharbhadh amháin. Do

tógadh an groidhe-fhear soin amach idir a choimeadaidhe is ba dhuairc,

ba dhoirbh a dhreach. D’féachadh sé mór-dtimcheall le crith-eagla mar a

mbeith na mairbh dá taisbéanadh féin dó nó guth ó’n saoghal eile ag

fógradh a chionnta dó. B’fhiadhain, neamh-thruaighmhéileach é sgread an

mhathshluaigh sin ’nuair a thuit sé marbh os a g-comhair.

Ní féidir linn acht sgéal gairid do dhéanamh do shaoghal athar Chormaic

’na dhiaidh sin. Do chuir an blaiseadh soin fuair sé do chleasaibh na

n-arm, is an muiníghin do bhí aige a cúis a thíre, misneach air chum dul

tar lear óir ná raibh glaodhach ’san mbaile air. Do chuaidh sé go dtí an

Sbáinn, is níor bhfada gur éirigh sé go hárd ’san arm le n-a chródhacht

is le n-a chalmacht. Acht bhí a chroidhe ’na dhiaidh i nÉirinn, agus is

iomdha iarracht do thug sé ar theacht tar n-ais le buidhin neartmhar

Sbáinneach chum na n-eachtrainn do ruagadh as fearannaibh na Mumhan. Bhí

buidhean ullamh chum teacht leis i bhfochair an tsluaigh do ceapadh d’

Aodh Ruadh Ua Domhnaill ’nuair do milleadh an curadh óirdhearc soin i

mor-thuile a bheathadh le feall-bheart na nGall.

Do léigheadh sé go cíocrach na héachta dó rinneadh ’san mbaile na

dhiaidh sin is go mór-mhór na neithe do bhain leis na Gearaltachaibh. Ar

uairibh do ritheadh ’na aigneadh an rann rúnach úd do thug Murchadh

Liath an fáidh buile do Chormac fad ó shoin, is, lá, ’nuair chuala sé

bás Iarla an tSúgáin is an chumha i n-ar rugadh air do luigh sé ar

mhachtnamh ar an gcrích do bhí le muinntir an tsean-Iarla. Cionnus do

hoileadh a mhac ’na Shagsanach is tugadh go hÉirinn é chum na daoine do

chur i gcoinnibh Iarla an tSúgáin, cionnus do bhailigheadar na daoine

timcheall air go bhfuaradar amach gurbh Sagsanach é, is gur

iompuigheadar uaidh annsoin le fuath is le feirg, is cionnus do milleadh

i Londain é, le claon-bheart na n-eachtrann ’nuair ná raibh maith le

baint as a bheathaidh aca, do bheartuigh sé leis féin go raibh deallramh

éigin ar an rann úd Mhurchadha Léith:

“Gaisgídheach óirdhearc leagtha le feall.”

B’é sin an sean-Iarla é féin.

“Oighreadh aithiseach taca na nGall.”

B’é sin a mhac do hoileadh na Shagsanach.

“Curadh ag a charaid ceangailte i bpoll.”

B’é sin Iarla an tSúgain ceangailte leis an gCuradh

Bhán i n-uaimh i n-a bhfuair se é.

“Críoch le treibh tar tuinn anall.”

Cormac Ua Conaill · 第 21 / 27 题