DO CHAN.

Dubh-chiac is pian mo chliabh do bhreóghann,

Tá gliag im’ ghiagaibh dian le brón.

Ó ciapadh m’Iarla, a Dhia, tar fóir,

Groidhe-thriach, ró-fhial, ba thrian i ngleó.

An fhíor-fhuil chaoin do shíol ó’n nGréig,

Dlút-shnaidhm ar dtíre siorraidhe réidh,

Is fuígheach i bhfíor-lár chuimheasgair sgéidh,

Mo sgíos mar sgaoileadh síos faoi’n gcré.

Ná ceartaidh leac do raghadh i mughadh,

Ná beartaidh feart-laoidh leamh, gan chumha,

Ná fairidh leasg, gan phreabh, gan lúth--

Glacaidh bhur n-arm neartmhar dlúth.

Béidh fuaim a thuairisg uaibhrigh chaoin,

I nduantaibh suaidhte i n-uaim chirt mhín,

Beidh suadha suairc ar chruaidh-chruit bhinn,

Dá luadhadh go buan ’measg uaisle is buidhin.

Ní mian liom sian ar grian ’san spéir,

Ní mian liom giar-ghuth trian na n-éan,

Tá ciach ag iadhadh ar mo chliabh go léir,

Is m’aois is sia seacht mbliadhain ó ’réir.

Acht ní croidhe-bhrughadh, ná cumha, ná deóir,

Dá chaoineadh súd ’san úir is cóir,

Acht dibhfhearg dlúth le lúth is tóir,

Is sgeimhle dubhach ar bhúir i ngleó.

A fhir-fhuil dhílis, chaoin, Dheasmhumhan,

Ná dísg i gcroidhe na tíre úir,

Go síolfaidh buidhean bheas fíochmar dlúth,

Ag díbirt námhaid tar tuinn anonn.

Beidh bláth an earraigh cluthmhar, ciúin,

Ag fás, ’s ag gealadh, os do chionn,

Beidh sgáth ar maidin ag an ndrúcht,

As sgáil ó chrannaibh thart anonn.

Beidh cuach gan bhuaidheart, gan ghruaim, annsúd,

Beidh cuaird ag uanaibh buan ’san gclúid,

Beidh luasgadh luath, le fuaim duilleabhair,

’San suairc-fhear snuadh-gheal fuar ’san úir.

Do b’áil leis stair ’na cheart, is dréacht,

Do b’áil leis greas go deas ar chéis,

Do b’áil leis fras na n-eas ar shléibh,

As cantain greannta deas na gcraobh.

Ní’l aoibhneas ghrinn ’san tír, acht cumha,

An taoiseach groidhe ó shín ’san úir,

Tá a chuimhne sgríbhthe síos go dlúth

I mongaibh mín ’s i gcríochaibh Mumhan.

Ba mhear a ghasradh óig-fhear groidhe,

Ar fhaithche ghlas ’sar chóir-chnuic mhín,

Ag basgadh Danar crón le claidheamh,

Ó Dhaingean theas go hEóchaill chaoin.

Acht chím go cruinn mo díth ’na éag,

Is cinnte sinn gan bhrígh ’na dhéidh,

Is fúidheach bhead síorraidhe ag caoi na n-déar,

Go sínfead síos ’ga thaoibh i gcré!

------------------------------------------------------------------------

AN CEATHRAMHADH hALT DÉAG.

Cormac Ua Conaill · 第 20 / 27 题