WANDERLUST

(Do S F., 4.9.1914)

Ní hé Nennius is cás liom, dá ársaidhe a chlú-san,

Ná Gofraidh Fionn O Dálaigh, dhin bárda do mhúineadh,

Ná leathan-hallaí lána, cé breághtha iad ná Lúna,

Ach na bóithre fada bána ’s iad am shámh-tharraing chútha.

A malairt sin níor bh’fearr liom ach bád seasgair siubhlach,

’S í a léimrigh le fánaidh is lán srotha fúithe;

Eamonn geal bheith láimh linn ’s do lámh-sa dár stiúradh,

’S a chara dhil na n-árann, nár bh’álainn an triúr sinn!

Mhuise caithimís i dtráth uainn Pokárny ’gus Brúgmann,

’S a leabhair throma ghránna nach fearrde an té sgrúd iad.

Cad é an mhaith a bhfuil i gClár Luirc dé dhántaibh is d’ughdair

Seochas bóithre fada bána nú bád seasgair siubhlach?

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 40 / 44 题