Sonas ort-sa a Thorna shéimh,
a mhic na bhfilidhe, a bhinn-bhéil,
a chroidhe cheannsa an tsuaircis te,
dod leabhar-sa ní cuibhe cáineadh.
Báird na Breatan, árd a gclú,
uatha do thuillis th’árdú:
i gcoill chumhra a bhflaithis mhóir
do chaithis ubhla an il-cheóil.
Na hubhla, ní rádh gan rath,
ní tim an té do chéad-chaith;
ó théigheann a mblas i mbeól fir,
ceól na n-éan ag an fhear-sin.
Lá dhuit thoir dár ithis ubhall,
d’airigh gach file fíor-úr
’san choill ghéiggil fonn ná feódhann,
uair éigin thall mar shídhe-cheól.
“An glór so,” ar cách, “cuma linn
no ceól an éin darb ainm
linn ’san bhfóid-bhreac-fhonn a-bhos
i dtír Oig-Bhreatan Eos.”[2]
Cruinnighid gan mhoill mar mheasaid
timcheall an bhinn bhróin-chleasaigh:
fear ’na shuidhe fé chrann do-chíd,
a chaint thall is í airighid.
“Cia hé,” ar gach duine don dáimh,
“fuair ubhla órdha an ioldáin?
Ní brath breith air, ’s a buain de,
má bheir uainn creich na críche.”
Do labhair a n-ollamh árd:
“Ná loittear libh, is fíor-bhárd!
fréamh-fhuil Eireann an caomh cas,”
ar glé-Ghuin séimh-gheal Seónas.[3]
Tusa an fear-san do-fuair buaidh
i dtír Bhreatan ón bhinn-shluagh:
do laoidh, lá dá mbíonn dá meas,
ní _Crádh_ do _Chroidhe_ fhíor-_Eigeas_.