Éiligh go béasach, a straere firín,
Na gréithre do thigheann dod shamhail do ghnáth.
Is baoghal dod leithéid bheith ar saothar mar taoi,
Eist liom, suidh síos, is tarraing t’anál.
Loitfir do sgórnach, a cheólaire mh’anma,
A’ rith ar na bóithribh, a’ brón-ghol sa’ callaireacht;
Triomuigh do dheóra, ní leómhfar thu leadradh.
Seólfad thar n-ais tu: sin agat mo lámh.
B’éachtach an sgéal é dá ngéillinn dod ghuidhe,
’S go mbéarfá tar tuinn leat m’fhallaing gan smál,
Mo bhéabhar breagh féin, is cluith éadaigh fir ghroidhe,
Ba faon an chomaoin é, a pheata gan fás.
Tusa, a gharsúin bhig, dá n-iompar cois Tamesis!
A’ tuitim ’sag únfairt, ad mhúchadh ’s ad thachtadh leó!
Fé choimirc gach lúbaire Lúndainigh leacan-duibh--
Iompuigh ort, faire! glac eagna i dtráth.
Béabhar breagh néata dá dtéigheadh ort, dar linn,
Dob éigin duit puill do ghearradh ’na sgáil,
Nó caochfaidhe gach aon rud ó éadan do chinn
Go caor do smigín tais leanbaigh lághaigh.
Brat ar do ghuaillibh ar luasgadh ní thaitnfeadh leat,
Glanfaidhe an luaithre ’s do sguabfaidhe an lathach leis,
Caithfidhe é bhuaint díot, ’s a chruachadh féd bhacalainn,
Ualach ná rachadh tar caladh go brách.
Bréithre mí-bhéasacha, a laogh liom, ní cuibhe
D’éinne do ríomhadh ar chlannaibh na mbárd:
Tréig-se an droich-mhéinn sin, is b’fhéidir gan mhoill
Go ndéanfa mé laoi do sgaipfeas do chrádh.
Féachann tú id thimpeall go fíochmhar droch-aigeantach,
’S gach aon chuisle id chroidhe beag a’ fír-chrith le heagla,
Is léir nach le hintinn dá ríribh do labhrais;
Is cuimhin liom nach fear thu, is maithim dod chás.
Eist, a mhic léighinn bhig na n-ae ’stigh go cruinn,
Go ndéarfa mé nídh mar mhaithe led cháil,
Do-bhéarfaidh gó baodhach tu, ’s do réidhfidh do shlighe,
Má théigheann tú i n-aois ’s i n-acfuinn na ndán.
Dob fhiú dhuit-se claoi leis a’ bhfíor-chaint do chleachtadar
Prionnsaí Mac Míleadh ’gus binn-sgoth na Banba,
Is Múirnigh na maoine, fir ghroidhe do rug barra leó
I gcolmheasgar an chatha ’s i gcaismirt na ndámh.
Aonduine d’éistfeadh le séise na saoi
Ba léir-bhinne líomhtha taitneamhach tráth,
’Sé mo mheas féinig ná géillfeadh sé arís
Do bhéice gan bhrígh gan tathac gan tábhacht.
Ba bheag ar a chluasaibh do mhuar-fhocail bhacacha,
’S iad cruinnighthe cuarduighthe cruadh-chasta crapaithe
Sgiobaithe fuaduighthe a cnuasach Uí Rathailligh--
Thruaillfeadh a samhail an teanga dob fhearr!
Ní hé do leithéid-se do ghéar-ghoin mo chroidhe,
Ná Gaedhilfhir an tsaoighil, a fhir chanta na ndán,
Ach sgaotha ceann-éadtroma Béarlacha i mbrígh,
Is Gaedhilg na ríogh dá tachtadh gan tlás,
Ní brón liom fir thall do ghabh sgannradh fém rannaibh-se,
Ach clódóiri Gallda gan chabhair do-rin praiseach díobh;
Fógair-se an leabhar úd Uí Ghramhna ar gach fear aca,
Is foghlaim do cheachta féin farra gach lá.
Ach féach ann so taobh linn an tréan-bharc ar tuinn,
Is séideadh na gaoithe ’á gairm thar sáil,
Glaodh na mairnéalach ag éirghe go binn,
Is téada dá sgaoileadh ó chaladh-phort Fáil.
Is mithid dod shórt-sa bheith tóirseach ód thaistealaibh;
Imthigh ar bórd leat, tá lón agus leabaidh ann;
Seo pingin is póg duit; bí it óigfhear mhaith feasta;
’S go seóltar thar n-ais tu go Sasana slán.
------------------------------------------------------------------------