Éistidh lem bréithribh, a chaomh-fheara an ghrinn,
Nár ghéill do lucht baoise is bladair gan bláth,
Go réidhfead mo sgéal díbh ar chlaon-bhearta an Chlíc
D’fhúig glé-theanga Ghaoidheal faoi ghalar an bháis.
’Sé mo chreach nimhneach bheir m’intinn an mhearathal.
Daosgar-sprot daoithe drabhuíolach dúr-labharthach
Ag féachaint le hí chur i ngeimhleachaibh smachta
Gan braon d’fhuil na beatha ’na creatalach cnámh.
Aon-labhairt éigeas ba shéis-bhinne linn
’Ná éanlaithe i gcoill ar maidin go sámh,
Géir-shearc na spéarbhruinngheal mbéil-mhilis mbinn
Bhréagadh mic ríogh ’gus flatha gan cháim,
Acfuinn gach ughdair chirt mhúinte i gclár Bhanba
Caithte fé chúram an trú san dá tearmainn!
Amach léi! ní thabharfainn-se trumpa gan teanga uirthi,
Níor bh’fhiú liom mar bhail uirthi beatha seoch bás.
Sgréachaire sméirle gan spréachadh ’na chroidhe,
Straere díomhaoin is glagaire práis,
Baoth-ghaige péacach na Gaedhilge do chlaoi,
Do chlaonadh as a slighe, do chamadh ’s do chrádh.
Féach annsan tall é ’s an chomplacht do mheallann sé,
Is léigheannta an Chéad-Leabhair de ghlain-mheabhair ag gach fear
aca!
Céim do-bheir togha cirt is rogha nirt dá n-aigne,
Foghlaim ghlic d’aithint thar phraisigh ar phár.
Cé chuir i gcéill dá leithéid sin do dhaoi
Go bhféadfadh a bhrígh ’gus cabhair a lámh
Eigse na hEireann do shaoradh, ’gus í
Daortha ’s i dtaoibh leis d’fharaire i gcás?
Tusa ’gus t’obair-se, a choirbthigh chealgaigh!
Focal ód phusaibh ná cloiseam, a chlabaire.
Corraigh ort! imthigh leat! sgrios as ár n-amharc,
Nó sgoiltfear do phlaitinn is leagfar san láib.
------------------------------------------------------------------------