1. AN SEANDUINE BRÓNACH

Mh’ atuirse ’s mh’fhada-chreach shíor-thínn!

Lucht teangan na Banba sgrí’ síos

Gan filleadh, gan feacadh,

Gan chaime, gan chasadh

Ach gach litir dá labhairt go símplidhe!

Ca bhfuil an seanchas bhí síos?

Is ca bhfuil na leabhair ba bhínn línn?

Dá mbriseadh ’s dá stracadh

’Ge foirinn gan faisean,

Gan time, gan taise, gan chaoin-chroidhe.

Gach litir bhreagh bhalbh do bhí i mbrígh

Ag druithibh i dTeamhair le línn Chuínn

Dá ruagadh ’s dá ngearradh

’Na sluaighte as gach leabhar!

Ní chuala-sa creacha ba nimhnighe.

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 27 / 44 题