DO RUG AN PHRIOMH-DHUAIS SA GHAEDHILG

A chara dhil de sheana-stoc na saoi léigheanta,

Rug barra leat is gradam gach ealadhan aosta,

Is mairg liom ná feaca seal do ghnaoi aerach,

’S gur bh’fhearra bheith a’ labhairt leat ná a’ sgrí’ bhéarsa.

Cé maith do chuiris aithne--tá fínné agam--

Ar Laidin is ar labhra na caoin-Ghréige,

’S ar theangain mhilis Ghallia na ngrinn-sgéalta,

Níor ghabhadar san sealbh ar do chroidhe Gaedhealach.

Mo bheannacht ort, a phreabaire ’s a phrímh-éigis,

Mar leagais gach ar casadh ort le fír-éifeacht,

Is mar bhainis as na reathaibh ar an rígh-réim sin,

Gur leathanuigh do theastas is gur líon Eire.

Is feasta, a mhic, ó’s leat-sa anois an aoird-chéim sin,

Go maire tú do cheannas, agus ní baoghal duit!

Nár laguighthear do rath ort, ná do bhrigh i n-éan-rud,

Sin teastas fir thug taitneamh duit ’s a ghuidhe id thaobh-sa.

------------------------------------------------------------------------

Maidean i mBéarra agus dánta eile · 第 25 / 44 题