Ó druididh linn, a shluaighte gur dual díbh bheith Gaedhealach,
Tar muar-chnoc is réidhteach, tar chaol-ghleann tar sáil;
Ar mhothuigh sibh an nua-chuisle a’ luasgadh ’s a’ léimnigh?
Tá’n suan fada ’á raobadh, ’s ga gréine ar an mbán.
Airighmíd, airighmíd a hosnadh le dóchas;
Aithnighmíd, aithnighmíd ár ndiol-bhuime Fódla;
’Sí féinig, is beó í,
’Sí Spéirbhean na hóige í,
Do thaobhnuigh fad ó linn ’nár dtámh.
Ba mhinic mise a’ gluaiseacht ar fuaid fearann Eibhir,
Go gruaidh-fhliuch im aonar, arsa éin-shearc na ndámh,
Gur thuiteas seal i mbuan-taise, suarach nár éagas,
Le fuaire mo chlaon-mhac fí dhaor-gheasa an bháis.
Eirighmís, eirighmís! A gcloistí a glórtha?
An draoidheacht san do bhí orainn is briste go deó í.
Nar léir díbh a beól binn
A’ réidhteach na comhairle
De shaorfadh ar bhrón sinn go brách?
Seo cruinnighthe i gcluain gheal ar bhruach Laoi na ngéise.
I nua-hallaíbh néata cois gaortha go sámh,
Gach obair chliste bhuacach dár smuain gliocas daonna,
’S dá luaidhtear i nEirinn ar shaor-sgoil na gceárd.
’Nar dtimcheall, ’nar dtimcheall tá cosnamh ár gcóra,
Fíor-shaoirse Mac Míleadh, ’s a n-ursana ar fhóirneart.
Le chéile má gheóbhthar,
Ní baoghlach go gclófar,
Uainn féin atá foghnamh le fagháil.
Seadh! tigidís go suairc idir thruagh-dhuine is tréinfhear,
Fir ualaigh an léighinn is fir saothair na lámh:
Seo cuireadh dhóibh is fuagra, gluaiseam i n-éinfheacht
Chun cuarda ar an bhféasta tá gléasta ’nár ndáil.
Cruinnighdís, cruinnighdís! Tá sult againn rómpa:
Is líonta iad ár gcroidhthe ’s is osgailte ár ndóirse,
Go bhféachaimid comharthaí
An lae dhul i ngnóthacht,
Mar chéir i gcoirceógaibh na gceárd.
’S a Chorcaigh mhilis chuan-chlothair bhuan-tsrothach bhraonach,
Go mbuadha beannacht Dé leat, a chraobh gheal na mbláth.
Nár theipidh t’ainm uaibhreach ar nua-chairt na hEireann,
An uair a bheidh Eire ar fad Gaedhealach ’na cáil.
’Sé ghuidhmíd, ’sé ghuidhmíd, gach sonas fé dhó ort!
Gan draoidheacht ar do dhaoinibh dá mbrosdadh tar bóchna.
Caithréim insa ghleó cheart
Ar Sgéith na dTrí gCróinneach,
Is Réilteann an Eólais is fearr.
------------------------------------------------------------------------