A Theanga na ríogh dob aoirde réim
I dtir na Féinne cródha calma,
Is fada do bhís go híseal faon,
Gan bhrígh gan chabhair i ngábhatar;
Do chlú ’s do chéim dá mbrúdh gach lae,
’S gan dúil ag éinne id chaomhna ón dearmad--
Géar an aithis do chlannaibh na dtreón,
’S ná dearcaid an duibhthean tá a’ druidim go duairc
Le seanchas gruama an tsluaigh do thréig
A n-uaisleacht féin ar bhéasaibh eachtrann,
Tarcuisne truagh gur fuaigheadh, mo léan,
Dá síltreibh aigeantaigh ársaidh.
An labhairt is líomhtha ag snighe gach sgéil,
’S i laoithibh léigheannta is mórdha maiseamhail,
Mairg do dhíolfadh caoimhe a sgéimhe
Ar dhaoirse glafarnaighe gránna.
Is úrghlan aobhdha a cúrsa caomh
’Na thonntaibh tréana a’ téacht go taitneamhach--
Réim na habhann i ngradam a glóir.
Ó beatha don fhile b’eadh binneas a fuam
I dTeamhair na ndruadh, ’s i gCruachain déin,
’S i sluagh geal éachtach aerach Eamhna,
Is aiteas gan fhuaire suadh ’gus naomh
I ríogh-bhrugh Chaisil na gcláirseach.
’S a ghasradh an chroidhe nár claoidheadh, ba léir
Bhur ndíograis naomhtha i neól dubh neamhshuime,
Is dearbh gur chríochnuigh oidhche an léin,
Tá an tsoillse a’ taitneamh go sáimh deas.
Is lúthmhar laochda glonnmhar géar,
’S is fonnmhar faobhar-ghlan saothrach seasmhach
Gléineach galach ár gcatha sa ghleó;
’S is gairid go gcluinfimíd friotal na suadh
Fé mheas ag an sluagh idir tuata is cléir,
’S i nduantaibh Gaedhilge ag éigsibh Ealga,
Is canfam go huallach buaidh na nGaedheal
I gcríochaibh draganta Cláir Luirc.
------------------------------------------------------------------------