Nuair a chuireann duine a chuid sgríbhinní le chéile chun leabhair bhig
a dhéanamh díobh, is gnáth leis a rádh gurab iad a charaid is
freagarthach leis an leabhar, mar gurab iad do ghríosuigh chuige sin é.
Is dócha ná bíonn sa chaint sin uaireanta acht camaflás, ach bíodh san
mar atá sé, ní fhéadaim-se cuimhneamh ar a mhalairt de leathsgéal anois.
Na dánta atá cruinnighthe annso, tá a bhformhór fé chló le tamall maith,
cuid aca le breis agus fiche bliadhain.
Tá roinnt aithriseóireachta ’na measg--agus ná beireadh an léightheóir
leis gurab ionann aithriseóireacht agus _recitation_, mar ní headh. An
dán do cumadh mar aithris ar chaint an Ghall-Ghaedhilgeóra, ní abraim ná
gurab é an dán is measa dár cumadh riamh é. Níl blas ná ceart ann. Na
focail, suidheamh na bhfocal, na fuaimeanna, an aiste, taid go léir bun
os cionn leis an nGaedhilg. Ach is beag tuathal sa dán san ná feicfidhe
a leithéid annso ’s annsúd i sgríbhinníbh éigin tá cúig bliadhna déag ó
shin ann, nuair do céad-chuireadh an aithris i gcló. Ní raibh uaim ach
adhbhar suilt, agus ní rabhas a’ gabháil ar aon sgríbhneóir fé leith.
Dar ndó dob olc an mhaise do dhuine bheith a’ magadh fé lucht foghlamtha
na Gaedhilge toisg gan í bheith aca go blasta, ach cad chuige dhóibh
bheith a’ ceapadh dánta, mar ’dheadh? Má tá éinne ann anois agus a
leithéid sin de dhroch-Ghaedilg dá sgrí aige--agus dá cur i gcló--ní
mise sgéifidh air.
Is fuiriste aithris a dhéanamh ar chaint bhriste, ach bhí de
dhánaidheacht ionnam an uair sin tabhairt fé chaint Eoghain Ruaidh Uí
Shúilleabháin. Do cheap Gaedheal i Lonndain freagra i bpearsain
‘Gharsúin an Chéad Leabhair,’ dá rádh gur do féin d’oir casóg agus
béabhar Eoghain. Tá éileamh an ghársúin le fagháil i _mBanba_. I
bhfreagra air sin do cheapas-sa _Freagra Eoghain Ruaidh ar an nGarsún_.