Go réiḋ a ḃean na ttrí mbó
Ar to ḃólacht ná bí teann
Do ċonairc meisi, gan gó,
Gean is ba dá ṁó a beann.
Ní ṁaireann saiḋḃrios do ġnúiṫ
Do neaċ ná taḃair táir go mór
Chúġut an téag ar gaċ taoḃ
Go réiḋ a ḃean na ttrí mbó.
Slioċt Eóġain ṁóir sa Múṁain
A nimṫeaċt do ní clú dóiḃ
A seólta gur léigeadar síos
Go réiḋ a ḃean na ttrí mbó.
Clann ġaisce ṫiġearna an Chláir
A nimṫeaċt sin ba lá leóin
Sgan súil re na tteaċt go bráṫ,
Go réiḋ a ḃean na ttrí mbó.
Dóṁnall ó Dún-buíḋe na long
O’Súilleaḃáin nár ṫím glór
Féaċ gur ṫuit san Spáin re cloiḋeain
Go réiḋ a ḃean na ttrí mbó.
O’Ruairc is Maguiḋir do ḃí
Tá i n-Eirinn na lán beóil
Féaċ féin gur imṫiġ an dís,
Go réiḋ a ḃean na ttrí mbó.
Síol gCearḃuill do ḃí teann
Te mbeirṫí gaċ geall ingleó
Ní ṁaireann aon díoḃ mo ḋíṫ
Go réiḋ a ḃean na ttrí mbó.
O aon ḃoin aṁáin do ḃreis
Ar ṁnaoi eile is í a dó
Do rinnisi iomorca aréir
Go réiḋ a ḃean na ttrí mbó.
An ceangal.
Gíoḋ ar mfallaing a ainnir as uaiḃreaċ gnúis
Do ḃíos gan dearmad seasṁaċ buan sa tnúiṫ
Tríd an raċmus do ġlacais red ḃuaiḃ ar túis
Da ḃfaġainnsi reilḃ a ceaṫair do ḃuailfinn tú.