MAC RIĠ ÉIREANN.

Ḃí mac ríġ i n-Éirinn, fad ó ṡoin, agus ċuaiḋ sé amaċ agus ṫug sé a ġunna

’s a ṁadaḋ leis. Ḃí sneaċta amuiġ. Ṁarḃ sé fiaċ duḃ. Ṫuit an fiaċ duḃ air

an tsneaċta. Ní ḟacaiḋ sé aon rud buḋ ġile ’ná an sneaċta, ná buḋ ḋuiḃe

’ná cloigionn an ḟiaiċ ḋuiḃ, ná buḋ ḋeirge ’ná a ċuid fola ḃí ’gá dórtaḋ

amaċ.

Ċuir sé faoi geasaiḃ agus deimúġ (_sic_) na bliaḋna naċ n-íosaḋ sé ḋá

ḃiaḋ i n-aon ḃord, ná ḋá oiḋċe do ċoḋlaḋ ann aon teaċ, go ḃfáġaḋ sé bean

a raiḃ a cloigionn ċoṁ duḃ leis an ḃfiaċ duḃ, agus a croicionn ċoṁ geal

leis an tsneaċta, agus a ḋá ġruaiḋ ċoṁ dearg le fuil.

Ni raiḃ aon ḃean ann san doṁan mar sin, aċt aon ḃean aṁáin a ḃí ann san

doṁan ṡoir.

Lá air na ṁáraċ ġaḃ sé amaċ, agus ní raiḃ airgiod fairsing, aċt ṫug sé

leis fiċe púnta. Ní fada ċuaiḋ sé gur casaḋ socraoid dó, agus duḃairt

sé go raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋó trí ċoiscéim ḋul leis an g-corpán. Ní raiḃ na

trí ċoiscéim siúḃalta aige go dtáinig fear agus leag sé a reasta air an

g-corp air ċúig ṗúnta. Ḃí dlíġeaḋ i n-Eirinn an t-am sin, duinea ir biṫ a

raiḃ fiaċa aige air ḟear eile, naċ dtiucfaḋ le muinntir an ḟir sin a ċur,

dá mbeiḋeaḋ sé marḃ, gan na fiaċa d’íoc, no gan cead ó’n duine a raiḃ

na fiaċa sin aige air an ḃfear marḃ. Nuair ċonnairc Mac Ríġ Éireann mic

agus inġeana an duine ṁairḃ ag caoineaḋ, agus iad gan an t-airgiod aca le

taḃairt do ’n ḟear, duḃairt sé leis fein, “is mór an ṫruaġ é naċ ḃfuil

an t-airgiod ag na daoiniḃ boċta.” agus ċuir sé a láṁ ann a ṗóca agus

d’íoc sé féin na cúig ṗúnta, air son an ċuirp. Duḃairt sé go raċfaḋ sé

ċum an teampoill ann sin, go ḃfeicfeaḋ sé curṫa é. Ṫáinig fear eile ann

sin, agus leag sé a reasta air an g-corp air son cúig ṗúnta eile. “Mar

ṫug mé na ceud ċúig ṗúnta,” ar Mac Ríġ Éireann leis féin, “tá sé ċoṁ maiṫ

ḋam cúig ṗúnta eile ṫaḃairt anois, agus an fear boċt do leigean dul ’san

uaiġ.” D’íoc sé na cúig ṗúnta eile. Ní raiḃ aige ann sin aċt deiċ bpúnta.

Níor ḃfada ċuaiḋ sé gur casaḋ fear gearr glas dó agus d’ḟiafruiġ sé ḋé cá

raiḃ sé dul. Duḃairt sé go raiḃ sé dul ag iarraiḋ mná ’san doṁan ṡoir.

D’ḟiafruiġ an fear gearr glas dé, an raiḃ buaċaill teastál uaiḋ, agus

duḃairt sé go raiḃ, agus cad é an ṗáiḋe ḃeiḋeaḋ sé ag iarraiḋ. Duḃairt

seisean “an ċeud ṗóg air a ṁnaoi, dá ḃfáġaḋ sé í.” Duḃairt Mac Ríġ

Éireann go g-caiṫfeaḋ sé sin ḟáġail.

Níor ḃfada ċuaiḋ siad gur casaḋ fear eile ḋóiḃ agus a ġunna ann a láiṁ,

agus é ag “leiḃléaraċt” air an londuḃ a ḃí ṫall ’san doṁan ṡoir, go

mbeiḋeaḋ sé aige le n-aġaiḋ a ḋinéir. Duḃairt an fear gearr glas le Mac

Ríġ Éireann gó raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋó an fear sin ġlacaḋ air aimsir, da

raċfaḋ sé air aimsir leis. D’ḟiafruiġ Mac Ríġ Eireann an dtiucfaḋ sé air

aimsir leis.

“Raċfad,” ar san fear, “má ḃfáġ’ mé mo ṫuarastal.”

“Agus cad é an tuarastal ḃéiḋeas tu ’g iarraiḋ?”

“Áit tíġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin uaim, má éiriġeann mo ṫuras liom.”

D’imṫiġ Mac Ríġ Eireann leis an ḃfear glas agus leis an ngunnaire, agus

ní fada ċuaiḋ síad gur casaḋ fear dóiḃ, agus a ċluas leagṫa air an talaṁ,

agus é ag éisteaċt leis an ḃfeur ag fás.

“Tá sé ċoṁ maiṫ ḋuit an fear sin ġlacaḋ air aimsir,” ar san fear gearr

glas.

D’ḟiafruiġ Mac Ríġ Eireann de ’n ḟear an dtiucfaḋ sé leis air aimsir.

“Tiucfad má ḃfáġ mé áit tiġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin uaim má éiriġeann an rud atá ann mo ċeann liom.”

Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, agus an

cluasaire, agus ní fada ċuaiḋ siad gur casaḋ fear eile ḋóiḃ agus a

leaṫ-ċos air a ġualainn, agus é ag congḃáil páirce geirrḟiaḋ gan aon

ġeirrḟiaḋ leigean asteaċ ná amaċ. Ḃí iongantas air Ṁac Ríġ Eireann agus

d’ḟiafruiġ sé cad é an ċiall a raiḃ a leaṫ-ċos air a ġualainn mar sin.

“O,” ar seisean, “dá mbeiḋeaḋ mo ḋá ċois agam air an talam ḃeiḋinn ċoṁ

luaṫ sin go raċfainn as aṁarc.”

“An dtiucfaiḋ tu air aimsir liom,” ar san Mac Riġ.

“Tiucfad, má ḃfáġ’ mé áit tiġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin uaim,” ar Mac Ríġ Éireann, “má éiriġeann an rud atá ann

mo ċeann, liom.”

Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire,

agus an coisire air aġaiḋ, agus níor ḃfada go dtáncadar go fear agus é ag

cur muilinn gaoiṫe ṫart le na leaṫṗolláire, agus a ṁeur leagṫa aige air a

ṡrón ag druidim na polláire eile.

“Cad ċuige ḃfuil do ṁeur agad air do ṡrón?” ar Mac Ríġ Eireann leis.

“O,” ar seisean, “dá séidfinn as mo ḋá ṗolláire do sguabfainn an muileann

amaċ as sin suas ’san aer.”

“An dtiucfaiḋ tu air aimsir?”

“Tiucfad, má ḃfáġ’ mé áit tiġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin, má éiriġeann an rud atá ann mo ċeann liom.”

Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an

coisire, agus an séidire go dtáncadar go fear a ḃí ’nna ṡuiḋe air ṫaoiḃ

an ḃoṫair, agus é ag briseaḋ cloċ le na leaṫ-ṫóin agus ní raiḃ casúr ná

dadaṁ aige. D’ḟiafruiġ an Mac Ríġ ḋé, cad ċuige a raiḃ sé ag briseaḋ na

g-cloċ le na leaṫ-ṫóin.

“O,” ar seisean, “dá mbualfainn leis an tóin ḋúbalta iad ḋeunfainn púġdar

díoḃ.”

“An dtiucfaiḋ tu air aimsir liom?”

“Tuicfad, má ḃfaġ’ mé áit tíġe agus garḋa.”

D’imṫiġ siad uile ann sin, Mac Ríġ Eireann, an fear gearr glas, an

gunnaire, an cluasaire, an coisire, an séidire, agus fear briste na

g-cloċ le taoiḃ a ṫóna agus ḃeurfaḋ siad air an ngaoiṫ Ṁárta a ḃí rompa

agus an ġaoṫ Ṁárta a ḃí ’nna n-diaiġ ní ḃéurfaḋ sí orra-san go dtáinig

traṫnóna agus deireaḋ an laé.

Ḍearc Mac Ríġ Éireann uaiḋ agus ní ḟacaiḋ sé aon teaċ a mbeiḋeaḋ sé ann

an oiḋċe sin. Ḍearc an fear gearr glas uaiḋ agus ċonnairc sé teaċ naċ

raiḃ bonn cleite amaċ air, ná bárr cleite asteaċ air, aċt aon ċleite

aṁáin a ḃí ag congḃáil dídinn agus fasgaiḋ air. Duḃairt mac ríġ Éireann

naċ raiḃ ḟios aige cá ċaiṫfeaḋ siad an oiḋċe sin, agus duḃairt an fear

gearr glas go mbeiḋeaḋ siad i dṫeaċ an ḟaṫaiġ ṫall an oiḋċe sin.

Ṫáinig siad ċum an tiġe, agus ṫarraing an fear gearr glas an cuaille

cóṁraic agus níor ḟág sé leanḃ i mnaoi searraċ i g-capall, pigín i muic,

ná broc i ngleann nár iompuiġ sé ṫart trí uaire iad le méad an torain do

ḃain sé as an g-cuaille cóṁraic. Ṫáinig an faṫaċ amaċ agus duḃairt sé

“moṫuiġim bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”

“Ní Éireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo

ṁáiġistir amuiġ ann sin ag ceann an ḃóṫair agus má ṫagann sé bainfiḋ

sé an ceann díot.” Ḃí an fear gearr glas ag meuduġaḋ, agus ag meuduġaḋ

go raiḃ sé faoi ḋeireaḋ ċoṁ mór leis an g-caisleán. Ḃí faitċios air an

ḃfaṫaċ agus duḃairt sé, “Ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat féin?”

“Tá,” ar san fear gearr glas, “agus níos mó.”

“Cuir i ḃfolaċ mé go maidin go n-imṫiġeann do ṁáiġistir,” ar san faṫaċ.

Ċuir sé an faṫaċ faoi ġlas, ann sin, agus ċuaiḋ sé ċum a ṁáiġistir.

Ṫáinig mac ríġ Éireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an

séidire, an coisire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, asteaċ

’san g-caisleán, agus ċaiṫ siad an oiḋċe sin, trian dí le fiannaiġeaċt

agus trian le sgeuluiġeaċt, agus trian le soirm (_sic_) sáiṁ suain agus

fíor-ċodalta.

Nuair d’ éiriġ an lá air na ṁáraċ ṫug sé leis a ṁáiġistir agus an

gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus

fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, agus d’ḟág sé amuiġ ag ceann an

ḃóṫair iad, agus ṫáinig sé féin air ais agus ḃain sé an glas de ’n ḟaṫaċ.

Duḃairt sé leis an ḃfaṫaċ gur ċuir a ṁáiġistir air ais é i g-coinne an

ḃirréid ḋuiḃ a ḃí faoi ċolḃa a leabuiḋ. Duḃairt an faṫaċ go dtiuḃraḋ sé

hata ḋó nár ċaiṫ sé féin ariaṁ, aċt go raiḃ náire air, an sean-ḃirreud do

ṫaḃairt dó. Duḃairt an fear gearr glas muna dtiuḃraḋ sé an birreud dó go

dtiucfaḋ a ṁáiġistir air ais, agus go mbainfeaḋ sé an ceann dé.

“Is fearr dam a ṫaḃairt duit,” ar san faṫaċ, “agus uair air biṫ a

ċuirfeas tu air do ċeann é, feicfiḋ tu uile ḋuine agus ni ḟeicfiḋ duine

air biṫ ṫu.” Ṫug sé ḋó an birreud ann sin, agus ċuaiḋ an fear gearr glas

agus ṫug sé do ṁaċ ríġ Éireann é.

Ḃí siad ag imṫeaċt ann sin. Do ḃéarfaḋ siad air an ngaoiṫ Ṁárta do ḃí

rómpa, agus an ġaoṫ Ṁárta do ḃí ’nna ndiaiġ ní ḃéarfaḋ sí orra-san, ag

dul do’n doṁan ṡoir. Nuair ṫáinig traṫnóna agus deireaḋ an lae ḋearc mac

ríġ Eireann uaiḋ agus ní ḟacaiḋ sé aon áit a mbeiḋeaḋ sé ann an oiḋċe

sin. Ḍearc an fear gearr glas uaiḋ, agus ċonnairc sé caisleán, agus

duḃairt sé, “an faṫaċ atá ann san g-caisleán sin, is dearḃráṫair do’n

ḟaṫaċ a raḃamar aréir aige, agus béiḋmíd ann san g-caisleán sin anoċt.”

Ṫáinig siad, agus d’ḟág sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir ag ceann

an ḃóṫair agus ċuaiḋ sé ċum an ċaisleáin, agus ṫarraing sé an cuaille

cóṁraic, agus níor ḟág sé leanḃ i mnaoi ná searraċ i g-capall ná pigín i

muic ná broc i ngleann, i ḃfoigse seaċt míle ḋó, nár ḃain sé trí iompóḋ

asta leis an méad torain a ṫug sé as an g-cuaille cóṁraic.

Ṫáinig an faṫaċ amaċ, agus duḃairt sé, “Moṫuiġim bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn

ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”

“Ní Eireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo

ṁáiġistir amuiġ ann sin ag ceann an ḃóṫair, agus má ṫagann sé bainfiḋ sé

an ceann díot.”

“Is mór líom ḋe ġreim ṫu, agus is beag liom de ḋá ġreim ṫu,” ar san faṫaċ.

“Ní ḃfuiġfiḋ tu mé de ġreim air biṫ,” ar san fear gearr glas, agus ṫoisiġ

sé ag meuduġaḋ go raiḃ sé ċoṁ mór leis an g-caisleán.

Ṫáinig faitċios air an ḃfaṫaċ agus duḃairt sé, “ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ

mór leat-sa?”

“Tá agus níos mó,” ar san fear beag glas.

“Cuir i ḃfolaċ mé go maidin go n-imṫiġeann do ṁáiġistir,” ar san faṫaċ,

“agus rud air biṫ atá tu ag iarraiḋ caiṫfiḋ tu a ḟáġail.”

Ṫug sé an faṫaċ leis, agus ċaiṫ sé faoi ḃeul daḃaiċ é. Ċuaiḋ se amaċ agus

ṫug sé asteaċ mac ríġ Eireann, an gunnaire, an cluasaire, an séidire, an

coisire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, agus ċaiṫ siad an

oiḋċe ann sin, trian le fiannuiġeaċt trian le sgeulaiġeaċt agus trian le

soirm sáiṁ suain agus fíor-ċodalta, go dti an ṁaidin.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫug an fear gearr glas mac ríġ Eireann agus

a ṁuinntir amaċ as an g-caisleán agus d’ḟág sé ag ceann an ḃóṫair iad,

agus ṫáinig sé féin air ais agus d’iarr sé na sean-slipéaraiḋ a ḃi faoi

ċolḃa an leabuiḋ, air an ḃfaṫaċ. Duḃairt an faṫaċ go dtiúḃraḋ sé péire

ḃútais ċoṁ maiṫ agus ċaiṫ sé ariaṁ d’a ṁáiġistir, agus cad é an maiṫ a

ḃí ann sna sean-slipéaraiḃ! Duḃairt an fear gearr glas muna ḃfáġaḋ sé na

slipeuraiḋ go raċfaḋ sé i g-coinne a ṁáiġistir, leis an ceann do ḃaint

dé. Duḃairt an faṫaċ ann sin go dtiúḃraḋ sé ḋó iad, agus ṫug. “Am air

biṫ,” ar seisean, “a ċuirfeas tu na slipeuraiḋ sin ort, agus ’haiġ óiḃir’

do ráḋ, áit air biṫ a ḃfuil súil agad do ḋul ann, béiḋ tu innti.”

D’imṫiġ mac ríġ Eireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus

an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na

g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé; agus go

raiḃ an capall ag dul faoi sgáṫ na copóige agus ní fanfaḋ an ċopóg leis.

D’ḟiafruiġ mac ríġ Eireann de’n ḟear gearr glas ann sin, cá ḃeiḋeaḋ siad

an oiḋċe sin, agus duḃairt an fear gearr glas go mbeiḋeaḋ siad i dteaċ

dearḃráṫar an ḟaṫaiġ ag a raiḃ siad areir. Ḍearc mac ríġ Eireann uaiḋ

agus ni ḟacaiḋ sé dadaṁ. Ḍearc an fear gearr glas uaiḋ agus ċonnairc sé

caisleán mór. D’ḟágḃaiġ sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir ann sin agus

ċuaiḋ sé ċum an ċaisleáin leis féin, agus ṫarraing sé an cuaille cóṁraic,

agus níor ḟágḃaiġ sé leanḃ i mnaoi, searraċ i láir, pigín i muic, na broc

i ngleann, nár ṫionntuiġ sé ṫart trí uaire leis an méad torain a ḃain sé

as an g-cuaille cóṁraic. Ṫáinig an faṫaċ amaċ agus duḃairt sé, “moṫuiġim

bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”

“Ní Éireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo

ṁáiġistir ’nna ṡeasaṁ ann sin, ag ceann an ḃóṫair, agus má ṫagann sé

bainfiḋ sé an ceann díot.”

Agus leis sin ṫosuiġ an fear gearr glas ag méaduġaḋ go raiḃ sé ċoṁ mór

leis an g-caisleán faoi ḋeireaḋ.

Ṫáinig faitċios air an ḃfaṫaċ, agus duḃairt sé, “ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ

mór leat féin?”

“Tá,” ar san fear gearr glas, “agus níos mó.”

“O cuir mé a ḃfolaċ, cuir me i ḃfolaċ,” ar san faṫaċ, “go n-ímṫiġeann do

ṁáiġistir, agus rud air biṫ a ḃéiḋeas tu ag iarraiḋ caiṫfiḋ tu a ḟáġail.”

Ṫug sé an faṫaċ leis agus ċuir sé faoi ḃeul daḃaiċ é, agus glas air.

Ṫáinig sé air ais agus ṫug sé mac ríġ Éireann, an gunnaire, an cluasaire,

an coisire, an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna asteaċ

leis, agus ċaiṫ siad an oiḋċe sin go rúgaċ, trian dí le fiannuiġeaċt,

agus trian dí le sgeuluiġeaċt, agus trian dí le soirm sáiṁ suain agus

fíor ċodalta.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫug sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir amaċ

agus d’ḟágḃuiġ sé ag ceann an ḃóṫair iad agus ṫáinig sé féin air ais,

agus leig sé amaċ an faṫaċ, agus duḃairt se leis an ḃfaṫaċ an cloiḋeaṁ

meirgeaċ a ḃí faoi ċolḃa a leabuiḋ do ṫaḃairt dó. Duḃairt an faṫaċ

naċ dtiúḃraḋ sé an sean-ċloiḋeaṁ sin d’ aon duine, aċt go dtiúḃraḋ sé

ḋó cloiḋeaṁ na trí faoḃar, nár ḟág fuiġeal buille ’nna ḋiaiġ, agus dá

ḃfág-faḋ sé go dtiuḃraḋ sé leis an dara ḃuille é.

“Ní ġlacfaiḋ mé sin,” ar san fear gearr glas, “caiṫfiḋ mé an cloiḋeaṁ

meirgeaċ ḟáġail, agus muna ḃfáġ’ mé é raċfaiḋ me i g-coinne mo ṁáiġistir

agus bainfiḋ sé an ceann díot.”

“Is fearr dam a ṫaḃairt duit,” ar san faṫaċ, “agus cia bé áit a ḃualfeas

tu buille leis an g-cloiḋeaṁ sin raċfaiḋ sé go dtí an gaineaṁ dá mbuḋ

iarann a ḃí roiṁe.” Ṫug sé an cloiḋeaṁ meirgeaċ dó ann sin.

Cuaiḋ mac ríġ Eireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus an

cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloċ

le taoiḃ a ṫóna ann sin, go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé, go raiḃ

an capall ag dul faoi sgáṫ na copóige agus ní ḟanfaḋ an ċopóg leis. Ní

ḃéarfaḋ an ġaoṫ Ṁárta a ḃí rompa orra agus an ġaoṫ Ṁárta a ḃí ’nna ndiaiġ

ní rug sí orra-san, agus ḃí siad an oiḋċe sin ann san doṁan ṡoir, an áit

a raiḃ an ḃean-uasal.

D’ ḟiafruiġ an ḃean de ṁac ríġ Eireann creud do ḃí sé ag iarraiḋ agus

duḃairt seisean go raiḃ sé ag iarraiḋ íféin mar ṁnaoi. “Caiṫfiḋ tu

m’ḟáġail,” ar sise, “má ḟuasglann tu mo ġeasa ḋíom.”

Fuair sé a lóistín le na ċuid buaċaill ann san g-caisleán an oiḋċe sin,

agus ann san oiḋċe táinig sise agus duḃairt leis, “seó siosúr agad, agus

muna ḃfuil an siosúr sin agad air maidin amáraċ bainfiġear an ceann díot.”

Ċuir sí biorán-suain faoi na ċeann, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ, agus ċoṁ

luaṫ a’s ṫuit sé ’nna ċodlaḋ rug sí an siosúr uaiḋ agus d’ḟágḃuiġ sí é.

Ṫug sí an siosúr do’n ríġ niṁe, agus duḃairt sí leis an ríġ, an siosúr

do ḃeiṫ aige air maidin dí. D’imṫiġ sí ann sin. Nuair ḃí sí imṫiġṫe ṫuit

an ríġ niṁe ’nna ċodlaḋ agus nuair a ḃí sé ’nna ċodlaḋ ṫáinig an fear

gearr glas agus na sean-slipéaraiḋ air, agus an birreud air a ċeann, agus

an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus cia bé áit a d’ḟágḃuiġ an ríġ an

siosúr fuair seisean é. Ṫug sé do ṁac ríġ Eireann é, agus nuair ṫáinig

sise air maidin d’ḟiafruiġ sí, “a ṁic ríġ Eireann ḃfuil an siosúr agad?”

“Tá,” ar seisean.

Ḃí tri fíċe cloigionn na ndaoine a ṫáinig ’gá h-íarraiḋ air spíciḃ

ṫimċioll an ċaisleáin agus ṡaoil sí go mbeiḋeaḋ a ċloigionn air spíce

aici i g-cuideaċt leó.

An oiḋċe, an lá air na ṁáraċ, ṫáinig sí agus ṫug sí cíar dó, agus duḃairt

sí leis muna mbeiḋeaḋ an ċíar aige air maidin nuair a ṫiucfaḋ sí go

mbeiḋeaḋ an ceann bainte ḋé. Ċuir sí biorán-suain faoi na ċeann agus ṫuit

sé ’nna ċodlaḋ mar ṫuit sé an oiḋċe roiṁe, agus ġoid sise an ċíar léiṫe.

Ṫug sí an ċíar do’n ríġ niṁe agus duḃairt sí leis gan an ċiar do ċailleaḋ

mar ċaill sé an siosúr. Ṫáinig an fear gearr glas agus na sean-sléiparaiḋ

air a ċosaiḃ, an sean-ḃirreud air a ċeann agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a

láiṁ, agus ní ḟacaiḋ an ríġ é go dtáinig se taoḃ ṡiar dé agus ṫug sé an

ċíar leis uaiḋ.

Nuair ṫáiniġ an ṁaidin, ḋúisiġ mac ríġ Eireann agus ṫosuiġ sé ag caoineaḋ

na ciaire a ḃí imṫiġṫe uaiḋ. “Ná bac leis sin,” ar san fear gearr glas,

“tá sé agam-sa.” Nuair ṫáinig sise ṫug sé an ċíar dí, agus ḃí iongantas

uirri.

Táinig sí an tríoṁaḋ oiḋċe, agus duḃairt sí le mac riġ Eireann an ceann

do cíaraḋ leis an g-cíair sin do ḃeiṫ aige ḋí, air maidin amáraċ. “Nois,”

ar sise, “ní raiḃ baoġal ort go dtí anoċt, agus má ċailleann tu an t-am

so i, tá do ċloigionn imṫiġṫe.”

Ḃí an biorán-suain faoi na ċeann, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ. Ṫáinig sise

agus ġoid sí an ċíar uaiḋ. Ṫug sí do’n ríġ niṁe í, agus duḃairt sí leis

nár ḟeud an ċíar imṫeaċt uaiḋ no go mbainfiḋe an ceann dé. Ṫug an riġ

niṁe an ċiar leis, agus ċuir sé asteaċ í i g-carraig cloiċe, agus trí

fiċe glas uirri, agus ṡuiḋ an ríġ taoiḃ amuiġ de na glasaiḃ uile ag doras

na carraige, ’gá faire. Ṫáinig an fear gearr glas, agus na slipeuraiḋ

agus an birreud air, agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus ḃuail sé

buille air an g-carraig cloiċe agus d’ḟosgail suas í, agus ḃuail sé an

dara ḃuille air an ríġ niṁe, agus ḃain sé an ceann dé. Ṫug sé leis an

ċiar ċuig (do) mac ríġ Eireann ann sin, agus fuair sé é ann a ḋúiseaċt,

agus é ag caoineaḋ na ciaire. “Súd í do ċíar duit,” ar seisean, “tiucfaiḋ

sise air ball, agus fiafróċaiḋ sí ḋíot an ḃfuil an ċíar agad, agus

abair léiṫe go ḃfuil, agus an ceann do cíaraḋ léiṫe, agus caiṫ ċuici an

cloigionn.”

Nuair ṫáinig sise ag fiafruiġ an raiḃ an ċiar aige, duḃairt sé go raiḃ,

agus an ceann do cíaraḋ léiṫe, agus ċaiṫ sé ceann an ríġ niṁe ċuici.

Nuair ċonnairc sí an cloigionn ḃí fearg ṁór uirri, agus duḃairt sí

leis naċ ḃfuiġfeaḋ sé í le pósaḋ go ḃfáġaḋ sé coisire a ṡiúḃalfaḋ le

na coisire féin i g-coinne trí ḃuideul na h-íoċṡláinte as tobar an

doṁain ṡoir, agus dá mbuḋ luaiṫe a ṫáinig a coisire féin ’ná an coisire

aige-sean, go raiḃ a ċeann imṫiġṫe.

Fuair sí sean-ċailleaċ (ḃuitse éigin) agus ṫug sí trí buideula ḋí.

Duḃairt an fear gearr glas trí ḃuideula do ṫaḃairt do’n ḟear a ḃí ag

congḃáil páirce na ngeirrḟiaḋ, agus tugaḋ ḋó iad. D’imṫiġ an ċailleaċ

agus an fear, agus trí buidéala ag gaċ aon aca, agus ḃí coisire mic ríġ

Éireann ag tíġeaċt leaṫ-ḃealaiġ air ais, sul a ḃí an ċailleaċ imṫiġṫe

leaṫ-ḃealaiġ ag dul ann. “Suiḋ síos,” ar san ċailleaċ leis an g-coisire,

“agus leig do sgíṫ, tá an ḃeirt aca pósta anois, agus ná bí briseaḋ do

ċroiḋe ag riṫ.” Ṫug sí léiṫe cloigionn capaill agus ċuir sí faoi na ċeann

é, agus biorán-suain ann, agus nuair leag sé a ċeann air, ṫuit sé ’nna

ċodlaḋ.

Ḍóirt sise an t-uisge a ḃí aige amaċ, agus d’imṫiġ sí.

B’ḟada leis an ḃfear gearr glas go raiḃ siad ag tíġeaċt, agus duḃairt

sé leis an g-cluasaire, “leag do ċluas air an talaṁ, agus feuċ an ḃfuil

siad ag teaċt.” “Cluinim,” ar seiseann, “an ċailleaċ ag teaċt, agus tá an

coisire ’nna ċodlaḋ, agus é ag srannfartuiġ.”

“Dearc uait,” ar san fear gearr glas leis an ngunnaire “go ḃfeicfiḋ tu ca

ḃfuil an coisire.”

Duḃairt an gunnaire go raiḃ sé ann a leiṫid sin d’áit, agus cloigionn

capaill faoi na ċeann, agus é ’nna ċodlaḋ.

“Cuir do ġunna le do ṡúil,” ar san fear garr glas, “agus cuir an

cloigionn ó na ċeann.”

Ċuir sé an gunna le na ṡúil agus sguaib sé an ċloigionn ó na ċeann.

Ḍúisiġ an coisire, agus fuair sé na buideula a ḃí aige folaṁ, agus

ḃ’éigin dó filleaḋ ċum an tobair arís.

Ḃí an ċailleaċ ag teaċt ann sin agus ní raiḃ an coisire le feiceál

(feicsint). Ar san fear gearr glas ann sin, leis an ḃfear a ḃí ag cur an

ṁuilinn-gaoiṫe ṫart le na ṗolláire, “éiriġ suas agus feuċ an g-cuirfeá

an ċailleaċ air a h-ais.” Ċuir sé a ṁeur air a ṡrón agus nuair ḃí an

ċailleaċ ag teaċt ċuir sé séideóg gaoiṫe fúiṫi a sguaib air a h-ais í.

Ḃí sí teaċt arís agus rinne sé an rud ceudna léiṫe. Gaċ am a ḃíḋeaḋ

sise ag teaċt a ḃfogas dóiḃ do ḃíḋeaḋ seisean dá cur air a h-ais arís

leis an ngaoiṫ do ṡéideaḋ sé as a ṗolláire. Air deireaḋ ṡéid se leis an

dá ṗolláire agus sguaib sé an ċailleaċ ċum an doṁain ṡoir arís. Ṫáinig

coisire mic ríġ Eireann ann sin, agus ḃí an lá sin gnóṫuiġṫe.

Ḃí fearg ṁór air an mnaoi nuair ċonnairc sí naċ dtáinig a coisire féin

air ais i dtosaċ, agus duḃairt sí le mac riġ Eireann, “ní ḃfuiġfiḋ

tu mise anois no go siùḃailfiḋ tu trí ṁíle gan ḃróig gan stoca, air

ṡnáṫaidiḃ cruaiḋe.”

Ḃí bóṫar aici trí ṁíle air fad, agus snáṫaide geura cruaiḋe craiṫte air,

ċoṁ tiuġ leis an ḃfeur. Ar san fear gearr glas le fear-briste na g-cloċ

le na leaṫ-ṫóin, “téiḋ agus maol iad sin.” Ċuaiḋ an fear sin orra le na

leaṫ-ṫóin agus rinne sé stumpaiḋ ḋíoḃ. Duḃairt an fear gearr glas leis

dul orra le na ṫóin ḋúbalta. Ċuaiḋ sé orra ann sin le na ṫóin ḋúbalta,

agus rinne sé púġdar agus praiseaċ díoḃ. Ṫáinig mac ríġ Éireann agus

ṡiúḃail sé na trí ṁíle, agus ḃí a ḃean gnóṫuiġṫe aige.

Pósaḋ an ḃeirt ann sin, agus ḃí an ċéud ṗóg le fáġail ag an ḃfear gearr

glas. Rug an fear gearr glas an ḃean leis féin asteaċ i seomra, agus

ṫosuiġ sé uirri. Ḃí sí lán ḋe naiṫreaċaiḃ niṁe, agus ḃeiḋeaḋ mac ríġ

Éireann marḃ aca, nuair a raċfaḋ sé ’nna ċodlaḋ, aċt gur ṗiuc an fear

gearr glas aisti iad.

Ṫainig sé go mac ríġ Eireann ann sin, agus duḃairt sé leis, “Tig leat

dul le do ṁnaoi anois. Is mise an fear a ḃí ann san g-cóṁra an lá sin,

a d’íoc tu na deiċ bpúnta air a ṡon, agus an ṁuinntir seó a ḃí leat is

seirḃísíġe iad do ċuir Dia ċugad-sa.”

D’imṫiġ an fear gearr glas agus a ṁuinntir ann sin agus ní ḟacaiḋ mac ríġ

Éireann arís é. Rug sé a ḃean aḃaile leis, agus ċaiṫ siad beaṫa ṡona le

ċéile.

Beside the Fire: A collection of Irish Gaelic folk stories · 第 35 / 70 题