BRAN.

Ḃí cú breáġ ag Fionn. Sin Bran. Ċualaiḋ tu caint air Ḃran. Seó an daṫ a

ḃí air.

Cosa buiḋe a ḃí air Ḃran

Dá ṫaoiḃ duḃa agus tárr geal,

Druim uaine air ḋaṫ na seilge

Dá ċluais cruinne cóiṁ-ḋearga.

Ḃéarfaḋ Bran air na Gaéṫiḃ-fiáḋna ḃí sí ċoṁ luaṫ sin. Nuair ḃí sí ’nna

coileán d’éiriġ imreas no tsoid éigin ameasg na g-con a ḃí ag an ḃFéin,

agus

Trí fiċe cu agus fiċe coileán

Ṁarḃ Bran agus í ’nna coileán,

Dá ġé-fiaḋáin, agus an oireaḋ leó uile.

Sé Fionn féin a ṁarḃ Bran. Ċuaiḋ siad amaċ ag fiaḋaċ agus rínneaḋ eilit

de ṁáṫair Ḟinn. Ḃí Bran dá tóruiġeaċt.

“Eilit ḃaoṫ fág air sliaḃ,”

ar Fionn. “A ṁic óig,” ar sise, “Cá raċfaiḋ mé as?”

Má ṫéiḋim ann san ḃfairrge síos

Coiḋċe ni ḟillfinn air m’ais,

S má ṫéiḋim ann san aer suas

Ní ḃeurfaiḋ mo luaṫas air Ḃran.

“Gaḃ amaċ eidir mo ḋá ċois,” ar Fionn. Ċuaiḋ sise amaċ eidir a ḋá ċois,

agus lean Bran í, agus air ngaḃail amaċ dí, d’ḟáisg Fionn a ḋá ġlúin

uirri agus ṁarḃ sé í.

Ḃí inġean ag Bran. Cu duḃ a ḃí ann san g-coileán sin, agus ṫóg na Fianna

í, agus duḃairt siad leis an mnaoi a ḃí taḃairt aire do’n ċoileán, bainne

bó gan aon ḃall do ṫaḃairt do’n ċoileán, agus gaċ aon deór do ṫaḃairt dó,

agus gan aon ḃraon ċongḃail uaiḋ. Ní ḋearnaiḋ an ḃean sin, aċt ċongḃuiġ

cuid de’n ḃainne gan a ṫaḃairt uile do’n ċoileán. An ċeud lá do sgaoil na

Fianna an cu óg amaċ ḃí gleann lán de ġéaḋaiḃ fiaḋáine agus d’ eunaċaiḃ

eile, agus nuair sgaoileaḋ an cú duḃ ’nna measg, do ġaḃ sí iad uile aċt

fíor-ḃeagán aca a ċuaiḋ amaċ air ḃearna a ḃí ann. Agus aċt gur ċongḃuiġ

an ḃean cuid de’n ḃainne uaiṫi do ṁarḃfaḋ sí iad uile.

Ḃí fear de na Fiannaiḃ ’nna ḋall, agus nuair leigeaḋ an cu amaċ

d’ḟiafruiġ sé de na daoiniḃ a ḃí anaice leis, cia an ċaoi a rinne an cú

óg. Duḃairt siad-san leis gur ṁarḃ an cu óg an meud gé fiaḋáin agus eun a

ḃi ann san ngleann, aċt beagán aca a ċuaiḋ amaċ air ḃearna, agus go raiḃ

sí teaċt a ḃaile anois. “Dá ḃfáġaḋ sí an bainne uile a ṫáinig de’n ḃo gan

aon ḃall,” ar san dall, “ni leigfeaḋ sí d’eun air biṫ imṫeaċt uaiḋi,”

agus d’ḟiafruiġ sé, ann sin, cad é an ċaoi a raiḃ sí tíġeaċt a ḃaile. “Tá

sí teaċt anois,” ar siad, “agus, sgáil’ lasta as a muineul agus i air

buile.”

“Taḃair m’impiḋe ḋam anois,” ar san dall, “agus cuir mé ’mo ṡuiḋe ann san

g-cáṫaoir agus cuir gual ann mo láiṁ, óir muna marḃaim í anois marḃfaiḋ

sí muid (sinn) uile.” Ṫáinig an cú, agus ċaiṫ sé an gual léiṫe agus ṁarḃ

sé í, agus é dall.

Aċt dá ḃfágaḋ an coileán sin an bainne uile do ṫiucfaḋ sí agus luiḋfeaḋ

sí síos go socair, mar luiḋeaḋ Bran.

Beside the Fire: A collection of Irish Gaelic folk stories · 第 33 / 70 题