AN TAILIUR AGUS NA TRI ḂEIṪIGEAĊ.

Ḃí táiliúr aon uair aṁam i nGailliṁ, agus ḃí sé ag fuaiġeál eudaiġ.

Ċonnairc se dreancuid ag éiriġe amaċ as an eudaċ agus ċaiṫ se an tsnáṫad

léiṫe agus ṁarḃ sé an dreancuid. Duḃairt se ann sin “Naċ breáġ an

gaisgiḋeaċ mise nuair a ḃí mé abalta air an dreancuid sin do ṁarḃaḋ!”

Duḃairt sé ann sin go gcaiṫfeaḋ sé dul go B’l’acliaṫ go cúirt an ríġ, go

ḃfeicfeaḋ sé an dtiucfaḋ leis a deunaṁ. Ḃí an ċúirt sin ’gá ḋeunaṁ le

fada, aċt an méad dí do gníṫiḋe ann san lá do leagaiḋe ann san oiḋċe é,

agus níor ḟeud duine air biṫ a ċur suas mar ġeall air sin. ’S iad tri

ḟáṫaċ a ṫigeaḋ ’san oiḋċe a ḃideaḋ ’gá leagaḋ. D’imṫiġ an táiliúr an lá

air na ṁáraċ agus do ṫug se leis an uirlis, an spád agus an tsluasad.

Níor ḃfada ċuaiḋ sé gur casaḋ capall bán dó, agus ċuir se forán air.

“Go mbeannuiġ Dia ḋuit,” ar san capall, “cá ḃfuil tu dul?” “Tá mé dul

go B’l’acliaṫ,” ar san táiliúr, “le deunaṁ cúirte an ríġ, go ḃfáġ mé

bean-uasal, má ṫig liom a deunaṁ,” mar do ġeall an ríġ go dtiúḃfaḋ sé

a inġean féin agus a lán airgid léiṫe don té sin a ṫiucfaḋ leis an

ċúirt sin do ċur suas. “An ndeunfá poll dam?” ar san sean-ġearrán bán,

“raċainn i ḃfolaċ ann nuair atá na daoine mo ṫaḃairt ċum an ṁuilinn agus

ċum an aṫa i rioċt naċ ḃfeidfiḋ siad mé, óir tá mé cráiḋte aca, ag deunaṁ

oibre ḋóiḃ.” “Deunfaiḋ mé sin go deiṁin,” ar san táiliúr, “agus fáilte.”

Ṫug sé an spád leis agus an tsluasad, agus rinne sé poll, agus duḃairt sé

leis an g-capall bán dul síos ann, go ḃfeicfeaḋ sé an ḃfóirfeaḋ sé ḋó.

Ċuaiḋ an capall bán síos ann san bpoll, aċt nuair d’ḟeuċ sé do ṫeaċt suas

arís as, níor ḟeud sé.

“Deun áit dam anois,” ar san capall bán, “a ṫiucfas mé aníos as an bpoll

so nuair a ḃéiḋeas ocaras orm.” “Ní ḋeunfad,” ar san táiliúr, “fan ann

sin go dtigiḋ mé air m’ais, agus tógfaiḋ mé aníos ṫu.”

D’imṫiġ an táiliúr an lá air na máraċ, agus casaḋ ḋó an sionnaċ, “Go

mbeannuiġ Dia ḋuit,” ar san sionnaċ. “Go mbeannuiġ Dia ’gus Muire ḋuit.”

“Cá ḃfuil tu dul?” “Tá mé dul go B’l’acliaṫ go ḃfeuċaiḋ mé an dtiucfaiḋ

liom cúirt ḋeunaṁ do’n ríġ.” “An ndeunfá áit dam, a raċfainn i ḃfolaċ

innti,” ar san sionnaċ, “tá an ċuid eile de na sionnaiġiḃ do m’ ḃualaḋ

agus ní leigeann siad dam aon niḋ iṫe ’nna g-cuideaċta.” “Deunfaiḋ mé sin

duit,” ar san táiliúr. Ṫug sé leis a ṫuaġ agus a ṡáḃ agus ḃain se slata,

go ndearnaiġ sé, mar ḋeurfá, cliaḃ dó, agus duḃairt sé leis an tsionnaċ

dul síos ann, go ḃfeicfeaḋ se an ḃfóirfeaḋ sé ḋó. Ċuaid an sionnaċ ann,

agus nuair fuair an táiliúr ṡíos é, leag sé a ṫóin air an bpoll a ḃí ann.

Nuair a ḃí an sionnaċ sásta faoi ḋeireaḋ go raiḃ áit ḋeas aige d’iarr sé

air an táiliúr a leigean amaċ, agus d’ḟreagair an táiliúr naċ leigfeaḋ,

“Fan ann sin go dtigiḋ mise air m’ais,” ar sé.

D’imṫiġ an táiliúr an lá air na ṁáraċ, agus ní fada ḃí sé siúḃal gur

casaḋ madr’-alla ḋó, agus ċuir an mádr’-alla forán air, agus dḟiafruiġ sé

ḋé cá raiḃ sé ag triall. “Tá me dul go B’l’acliaṫ go ndeunfaiḋ mé cúirt

do’n ríġ má ṫig liom sin ḋeunaṁ,” ar san táiliúr. “Dá ndeunfá ceuċt dam,”

ar san madr’-alla, “ḃeiḋeaḋ mise agus na madr’-alla eile ag treaḃaḋ agus

ag forsaḋ, go mbeiḋeaḋ greim againn le n-iṫe ann san ḃfóġṁar.” “Deunfaiḋ

mé sin duit,” ar san táiliúr. Ṫug sé leis a ṫuaġ ’s a ṡáḃ, agus rinne sé

ceuċt. Nuair ḃí an ceuċt deunta ċuir sé poll ann san mbéam (sail) agus

duḃairt se leis an madr’-alla dul asteaċ faoi an g-ceuċt go bḟeicfeaḋ sé

an raiḃ treaḃaċ maiṫ ann. Ċuir sé a earball asteaċ ann san bpoll a rinne

sé, agus ċuir sé “peg” ann-sin ann, agus níor ṫáinig leis an madr’-alla

a earball ṫarraing amaċ as arís. “Sgaoil mé anois,” ar ran madr’-alla,

“agus deasóċamaoid féin agus treaḃfamaoid.” Duḃairt an táiliúr naċ

sgaoilfeaḋ sé é no go dtiucfaḋ sé féin air ais. D’ḟág sé ann sin é agus

ċuaiḋ sé go B’l’acliaṫ.

Nuair ṫáinig sé go B’l’acliaṫ ċuir sé páipeur amaċ an méad luċd’ céirde

do ḃí ag tógḃáil na cúirte do teaċt ċuige-sean, agus go n-íocfaḋ seisean

iad——agus ní ḃíḋeaḋ daoine ag fáġail ’san am sin aċt píġin ’san lá. Do

ċruinniġ a lán luċd céirde an lá air na ṁáraċ, agus ṫosaiġ siad ag obair

dó. Ḃí siad ag dul a ḃaile anḋiaiġ an laé nuair duḃairt an tailiúr leó

“an ċloċ ṁór sin do ċur suas air ḃárr na h-oibre a ḃí deunta aige.” Nuair

d’ árduiġeaḋ suas an ċloċ ṁór sin, ċuir an tailiúr sliġe éigin fúiṫi go

leagfaḋ sé anuas í nuair a ṫiucfaḋ an faṫaċ ċoṁ fada léiṫe. D’imṫiġ an

luċd oibre a ḃaile ann sin, agus ċuaiḋ an tailiúr i ḃfolaċ air ċúl na

cloiċe móire. Nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ċonnairc sé na trí faṫaiġ

ag teaċt, agus ṫosuiġ siad ag leagaḋ na cúirte no go dtáinig siad ċoṁ

fada leis an áit a raiḃ an táiliúr ṡuas, agus ḃuail fear aca buille d’á

ord air an áit a raiḃ sé í ḃfolaċ. Leag an tailiúr an ċloċ anuas air,

agus, ṫuit sí air, agus ṁarḃ sí é. D’imṫiġ siad a ḃaile ann sin, agus

d’ḟág siad an méad a ḃí ann gan leagan, ó ḃí fear aca féin marḃ.

Ṫáinig an luċt céirde arís, an lá air na ṁáraċ, agus ḃí siad ag obair go

dtí an oiḋċe, agus nuair a ḃí siad dul aḃaile duḃairt an tailiúr leó an

ċloċ ṁór do ċur suas air ḃárr na h-oibre mar ḃí rí an oiḋċe roiṁe sin.

Rinne siad sin dó, agus d’imṫiġ siad aḃaile, agus cuaiḋ an tailiúr i

ḃfolaċ, mar ḃí sé an traṫnóna roiṁe sin. Nuair ḃí na daoine uile imṫiġṫe

’nna suaiṁneas, ṫáinig an dá ḟaṫaċ, agus ḃí siad ag leagan an ṁéid a ḃí

rompa; agus nuair ṫosuiġ siad, ċuir siad dá ġlaoḋ asta. Ḃí an tailiúr

air siúḃal agus é ag obair no gur leag sé anuas an ċloċ ṁór gur ṫuit

sí air ċloigionn an ḟaṫaiġ a ḃí fúiṫi agus ṁarḃ sí é. Ní raiḃ ann sin

aċt an t-aon ḟaṫaċ aṁáin ann, agus ní ṫáinig seisean go raiḃ an ċúirt

críoċnuiġṫe.

Ċuaiḋ an táiliúr ċum an riġ ann sin, agus duḃairt sé leis, a ḃean agus a

ċuid airgid do ṫaḃairt dó, mar do ḃí an ċúirt déanta aige, aċt duḃairt

an ríġ leis naċ dtiúḃraḋ sé aon ḃean dó, no go marḃfaḋ sé an faṫaċ eile,

agus naċ dtiúḃraḋ sé dadaṁ dó anois no go marḃfaḋ sé an fear deireannaċ.

Duḃairt an táiliúr ann sin go marḃfaḋ sé an faṫaċ eile ḋó, agus fáilte,

naċ raiḃ aon ṁaille air biṫ air sin.

D’imṫiġ an táiliúr ann sin, go dtáinig sé ċum na h-áite a raiḃ an faṫaċ

eile, agus d’ḟiafruiġ ar ṫeastuig buaċaill uaiḋ. Duḃairt an faṫaċ gur

ṫeastuiġ, dá ḃfáġaḋ sé buaċaill a ḋeunfaḋ an rud a deunfaḋ sé féin. “Rud

air biṫ a ḋeunfas tusa, deunfaiḋ mise é,” ar san tailiúr.

Ċuaid siad ċum a ndinéir ann sin, agus nuair ḃí sé iṫte aca duḃairt an

faṫaċ leis an táiliúr an dtiucfaḋ leis an oiread anḃruiṫ ól agus é féin,

aníos as a ḟiucaḋ. “Tiucfaiḋ,” ar san tailiúr, “aċt go dtiúḃraiḋ tu uair

dam sul a ṫosóċamaoid air.” “Ḃéarfaiḋ mé sin duit,” ar san faṫac. Ċuaiḋ

an tailiúr amaċ ann sin, agus fuair se croicionn caoraċ agus d’ḟuaiġ

sé suas é, go ndearnaiġ sé mála ḋé agus ḋeasuiġ sé ṡíos faoi na ċóta

é. Táinig sé asteaċ ann sin, agus duḃairt sé leis an ḃfaṫaċ galún de’n

anḃruiṫ ól i dtosaċ. D’ól an faṫaċ sin aníos as a ḟiuċaḋ.

“Deunfaiḋ mise sin,” ar san táiliúr. Ḃí sé air siúḃal gur ḋóirt sé

asteaċ san g-croicionn é, agus ṡaoil an faṫaċ go raiḃ sé ólta aige. D’ól

an faṫaċ galún eile ann sin, agus leig an táiliúr galún eile síos ’san

g-croicionn, aċt ṡaoil an faṫaċ, go raiḃ sé ’gá ól. “Déanfaiḋ mise rud

anois naċ dtiucfaiḋ leat-sa ḋeunaṁ,” ar san táiliúr. “Ní ḋéanfá,” ar san

faṫaċ, “creud é sin do ḋéanfá?”

“Poll do ḋeunaṁ, agus an t-anḃruiṫ do leigean amaċ arís,” ar san táiliúr.

“Déan ṫu féin i dtosaċ é,” ar san faṫaċ. Ṫug an táiliúr “prad” de’n sgín,

agus leig sé amaċ an t-anḃruiṫ as an g-croicionn. “Déan, ṫusa, sin,” ar

sé leis an ḃfaṫaċ. “Déanfad,” ar san faṫaċ ag taḃairt prad de’n sgín ’nna

ḃuilg féin gur ṁarḃ sé é féin. Sin é an ċaoi a ṁarḃ sé an tríoṁaḋ faṫaċ.

Ċuaiḋ sé do’n ríġ ann sin, agus duḃairt sé leis, an ḃean agus a ċuid

airgid do ċur amaċ ċuige, agus go leagfaḋ se an ċúirt muna ḃfáġaḋ sé an

ḃean. Bí faitċios orra ann sin go leagfaḋ sé an ċúirt arís, agus cuir

siad an ḃean amaċ ċuige.

Nuair ḃí sé lá imṫiġṫe, é féin agus a ḃean, ġlac siad aiṫreaċas agus

lean siad é, go mbainfeaḋ siad an ḃean dé arís. Bí an ṁuinntir do ḃí

’nna ḋiaiġ ’gá leanaṁaint no go dtáinig siad suas do’n áit a raiḃ an

madr’-alla, agus duḃairt an madr’-alla leó. “Ḃí an táiliúr agus a ḃean

ann so andé, ċonnairc mise iad ag dul ṫart, agus má sgaoileann siḃ mise

anois tá mé níos luaiṫe ’ná siḃ-se, agus leanfaiḋ mé iad go mbéarfaiḋ mé

orra.” Nuair ċualaiḋ siad sin sgaoil siad amaċ an madr’alla.

D’imṫig an madr’-alla agus muinntir Ḃ’l’acliaṫ, agus ḃí siad dá

leanaṁaint go dtáinig siad d’on áit a raiḃ an sionnaċ, agus ċuir an

sionnaċ forán orra, agus duḃairt sé leó, “ḃí an táiliúr agus a ḃean ann

so air maidin andiú, agus má sgaoilfiḋ siḃ amaċ mé tá mé níos luaiṫe ’ná

siḃ agus leanfaiḋ mé iad agus béarfaiḋ mé orra.” Sgaoil siad amaċ an

sionnaċ ann sin.

D’imṫiġ an madr’-alla agus an sionnaċ, agus arm Ḃ’l’acliaṫ ann sin, ag

feuċaint an ngaḃaḋ siad an táiliúr, agus táinig siad do’n áit a raiḃ

an sean-ġearrán bán, agus duḃairt an sean-ġearrán bán leó, go raib an

táiliúr, agus a ḃean ann sin air maidin, “agus sgaoiligiḋe amaċ mé,” ar

sé, “tá mé níos luaite ná siḃ-se agus béarfaiḋ mé orra.” Sgaoil siad

amaċ an sean ġearrán bán, agus lean an sean-ġearrán bán, an sionnaċ,

an madr’-alla, agus arm Ḃ’l’acliaṫ an táiliúr ’s a ḃean, i g-cuideaċt

a ċéile, agus níor ḃfada go dtáinig siad suas leis an táiliúr, agus

ċonnairc siad é féin ’s a ḃean amaċ rompa.

Nuair ċonnairc an táiliúr iad ag tíġeaċt ṫáinig sé féin ’s a ḃean amaċ as

an g-cóiste, agus ṡuiḋ sé síos air an talaṁ.

Nuair ċonnairc an sean-ġearrán bán an táiliúr ag suiḋe síos duḃairt sé,

“Sin é an cuma a ḃí sé nuair rinne sé an poll daṁsa, nár ḟeud mé teaċt

amaċ as, nuair ċuaiḋ mé asteaċ ann; ní raċfaiḋ mé níos foigse ḋó.”

“Ní h-eaḋ,” ar san sionnaċ, “aċt is mar sin, do ḃí sé nuair ḃí se déanaṁ

an ruid daṁ-sa, agus ní raċfaiḋ mise níos foigse ḋó.”

“Ní h-eaḋ!” ar san madr’-alla, “aċt is mar sin do ḃí sé nuair ḃí sé

déanaṁ an ċeuċta ’nna raiḃ mise gaḃṫa. Ni raċfaiḋ mise níos foigse ḋó.”

D’imṫiġ siad uile uaiḋ ann sin, agus d’ḟill siad. Ṫáinig an táiliúr agus

a ḃean a ḃaile go Gailliṁ. Ṫug siad dam stocaiḋ páipéir agus bróga bainne

raṁair—ċaill mé iad ó ṡoin. Fuair siad-san an t-áṫ agus mise an loċán,

báiṫeaḋ iad-san agus ṫáinig mise.

Beside the Fire: A collection of Irish Gaelic folk stories · 第 31 / 70 题